"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 8 Nollaig 2025
Na príomhthorthaí
Gnóthaí baile
Beartas imirce an Aontais
Shocraigh an Chomhairle a seasamh maidir le trí dhlí de chuid an Aontais lena gcuirfear dlús leis na nósanna imeachta maidir le hiarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dóibh a fhilleadh agus lena ndéanfar iad a shimpliú, agus lena mbrostófar agus lena n-éascófar na próisis tearmainn.
Leis an rialachán um fhilleadh, bunaítear nósanna imeachta coiteanna maidir le filleadh, oibleagáidí ar an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach comhoibriú le húdaráis imirce agus uirlisí comhair idir na Ballstáit. Cuirfidh an tAontas liosta i dtoll a chéile freisin de na tíortha sábháilte tionscnaimh a chuirfidh ar chumas na mBallstát déileáil ar bhealach brostaithe leis na héilimh ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanann daoine a thagann ó thíortha atá ar an liosta sin. Agus ar deireadh, a bhuí leis an rialachán nua maidir le coincheap an tríú tír shábháilte a chur i bhfeidhm, is mó roghanna a bheidh ag na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcoincheap sin chun diúltú d’iarratas ar thearmann toisc é a bheith neamh-inghlactha agus chun scrúdú a dhéanamh ar chomhar a d’fhéadfaí a dhéanamh le tríú tír i ndáil leis sin.
Thángthas ar an gcomhaontú idir na Ballstáit 6 mhí tar éis don Chomhairle Eorpach moladh a thabhairt, an 26 Meitheamh, maidir le dlús a chur leis an obair ar na hiarrachtaí chun filleadh a éascú, a mhéadú agus dlús a chur leis, agus ar choincheapa na dtríú tíortha sábháilte agus na dtíortha sábháilte tionscnaimh.
Tá an córas Eorpach tearmainn briste. Tá an Chomhairle ag tabhairt aghaidh ar an bhfadhb.
Beimid in ann smacht a fháil ar an imirce chun na hEorpa agus samhail ghnó na smuigléirí daoine a bhriseadh. Agus déanfaimid deimhin de go bhfillfear níos mó imirceach nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas.
Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil freisin maidir leis an gcomhthiomsú dlúthpháirtíochta bliantúil a bhunú do 2026. Tá an comhthiomsú dlúthpháirtíochta ar cheann de phríomhghnéithe Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann agus cuireann sé tacaíocht éifeachtach ar fáil do na Ballstáit sin atá faoi bhrú imirce. Nuair a thiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2026, is éifeachtaí a bheidh an córas Eorpach tearmainn; is soiléire a bheidh na rialacha maidir leis an bhfreagracht déileáil le hiarrataí ar thearmann agus maidir leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Cuideoidh an Comhshocrú leis an mbrú imirce ar na Ballstáit uile a laghdú.
Le linn an lóin oibre, phléigh na hairí teorainneacha seachtracha limistéar Schengen a neartú. Thug siad aghaidh ar bhearnaí leanúnacha agus ar conas dul i ngleic leo i dteannta a chéile chomh maith le conas ullmhú do na leochaileachtaí nua atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha.
D’fhormheas na hairí freisin treochlár le haghaidh rolladh amach ailtireacht idir-inoibritheachta an Aontais in 2027-2028. Tagraíonn an ailtireacht idir-inoibritheachta sin don phróiseas leanúnach lena gcinntítear go mbeidh nasc idir córais TF an Aontais a rathaíonn ár slándáil sa limistéar Schengen — trí dhaoine a shainaithint i gceart, an chalaois a bhrath agus seiceáil a dhéanamh ar bhagairtí slándála — agus go mbeidh rochtain shaoráideach ag na húdaráis náisiúnta orthu.
Agus an córas dul isteach/imeachta le haghaidh teorainneacha, córas údaraithe taistil ETIAS agus bunachar sonraí méarlorg nuashonraithe Eurodac tar éis tús a chur le hoibríochtaí in 2025 nó atá beartaithe do 2026, tá an Chomhairle ag dul i muinín na ngnéithe eile d’ollstruchtúr coiteann TF na dteorainneacha agus na slándála anois.
Phléigh na hairí na himpleachtaí ó thaobh údaráis forfheidhmithe dlí de a bhaineann le húsáid mhailíseach ladrann. Phléigh na hairí na bearta iomchuí forfheidhmithe dlí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh. D’fhéadfadh comhordú níos fearr ar ghníomhaíochtaí frithdhróin, comhchuibhiú chaighdeáin na gcóras frithdhróin agus cistiú sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí sin.
Ba léir ón méid a pléadh go bhfuil géarghá le dul chun cinn tapa chun go mbeifear in ann freagairt do na dúshláin a bhaineann le ladrainn atá ag dul i méid i gcónaí, agus chun na cumais is gá a thabhairt do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.
I seisiún srianta, fuair na hairí an nuashonrú leathbhliantúil ar an measúnú ar an mbagairt maidir leis na dúshláin slándála atá ann faoi láthair. Is é Ard-Stiúrthóir Sheirbhís Slándála agus Faisnéise na Danmhairge a chuir an seisiún faisnéise ar fáil thar ceann sheirbhísí slándála agus faisnéise intíre na hEorpa.
An choireacht eagraithe a chomhrac
Chuir an Uachtaránacht tuarascáil achomair ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí a sainaithníodh mar thosaíochtaí i dtreochlár an Aontais ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 chun an gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac. Tá 17 ngníomhaíocht ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha sa treochlár is bonn do ghníomhaíochtaí na mBallstát le linn Uachtaránacht na Beilge, Uachtaránacht na hUngáire, Uachtaránacht na Polainne agus Uachtaránacht na Danmhairge.
Chuir an Coimisiún dhá theachtaireacht i láthair darb ábhar (1) straitéis nua an Aontais maidir le drugaí agus (2) plean gníomhaíochta an Aontais um an ngáinneáil ar dhrugaí a chomhrac. Thíolaic an Coimisiún an dá theachtaireacht an 4 Nollaig 2025. Leagtar amach iontu freagairt an Aontais ar na dúshláin slándála, sláinte, shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis an ngáinneáil ar dhrugaí aindleathacha agus le húsáid na ndrugaí sin.
Is príomhthosaíochtaí faoi Uachtaránacht na Danmhairge iad an gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimid le chéile ar fud na mBallstát más mian linn na gnéithe treascracha sin a chomhrac go héifeachtach. Is mór agam an plé cuiditheach torthúil a rinneadh ar na hábhair sin i gcaitheamh an chruinnithe.
Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge
Faoi aon ghnó eile, thug an Uachtaránacht tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh le linn a téarma maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí agus chuir sí na hairí ar an eolas faoin gcruinniú a bhí ag an bhFóram Aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile a bhí ar siúl an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair i Sairéavó.
Thug an Pholainn an t-eolas is déanaí maidir leis an staid slándála agus maidir leis an obair leantach atá á déanamh ar eisiúint víosaí do shaoránaigh na Rúise agus chuir Uachtaránacht inteachta na Cipire a clár oibre i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.