Mar a chabhraíonn an dúlra leis an athrú aeráide a chomhrac
Tá tábhacht nach beag le dúlra agus ithreacha sláintiúla ní hamháin don bhithéagsúlacht, ach freisin chun astaíochtaí CO2 a ghabháil agus don athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide. Is mar gheall air sin atá an tAontas ag obair chun éiceachórais agus gnáthóga nádúrtha a chosaint.
Ról an dúlra mar linn charbóin
Gabhann limistéir nádúrtha dé-ocsaíd charbóin (CO2) ón atmaisféar mar chuid de ghnáthphróiseas na fótaisintéise agus stórálann siad í i ‘linnte carbóin’.
Oibríonn ithreacha, tailte portaigh agus aigéin go léir mar linnte carbóin. Chun an t-athrú aeráidea mhaolú ní móriad a choinneáil sláintiúil.
Ach faoi láthair tá go leor éiceachóras díghrádaithe, rud a bhaineann dá n-acmhainneacht ceaptha carbóin. I roinnt Ballstáit de chuid an Aontas mar shampla, de bharr méadú ar bhaint an fhómhair, ar thinte agus ar lotnaidí tá foraoisí ag astú níos mó CO₂ ná mar atá siad in ann a ionsú.
Tá sé ríthábhachtach, chun a gcumas CO₂ a ionsú a choinneáil ar bun agus a mhéadú, fiú, foraoisí agus limistéir nádúrtha eile a athbhunú, agus a dhéanamh níos athléimní i gcoinne teagmhais a dhéanann díghrádú ar éiceachórais. D’uireasa an athbhunaithe, d’fhéadfadh laghdú teacht ar a bhfeidhm mar linn charbóin, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar chuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
An aeráid
Bearta an Aontais chun an dúlra agus ithreacha a chosaint
Chun ról an dúlra mar linn charbóin a fheabhsú, chomh maith leis an mbithéagsúlacht a chosaint, tá bearta áirithe glactha ag an Aontas, lena n-áirítear:
- an dlí um athbhunú an dúlra
- spriocanna méadaithe maidir le haistriú carbóin in earnáil na húsáide talún
Dlí um athbhunú an dúlra
Is é is aidhm leis an dlí um athbhunú an dúlra sprioc cheangailteach a leagan síos ar leibhéal an Aontais, agus chun sin a bhaint amach beidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha athbhunaithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdófar ar a laghad 20% de limistéir talún agus mara an Aontais faoi 2030.
Ní mór bearta athbhunaithe a bheith i bhfeidhm faoi 2050 i ngach éiceachóras a bhfuil gá acu leo.
Sprioc aistrithe carbóin d’earnáil na húsáide talún
Leis an rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), a athbhreithníodh mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, leagtar síos sprioc nua níos uaillmhianaí ar fud an Aontais maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa atá le baint amach faoi 2030 (310 milliún tona de choibhéis CO₂).
Leagtar síos sa rialachán freisin spriocanna ceangailteacha le haghaidh méadú ar ghlanaistrithe gás ceaptha teasa do gach Ballstát.
Oiriúnach do 55: spriocanna aeráide in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (Grafaic faisnéise)
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025