Aistrithe carbóin
Chun an t-athrú aeráide a chomhrac, tá sé ríthábhachtach dé-ocsaíd charbóin a aistriú as an atmaisféar. Le rialacha an Aontais, bunaítear córas chun gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dheimhniú.
Cad is aistriú carbóin ann?
Tagraíonn aistriú carbóin don phróiseas dé-ocsaíd charbóin (CO2) a aistriú go gníomhach as an atmaisféar.
Ós rud é nach féidir na hastaíochtaí gás ceaptha teasa go léir a laghdú ag an bhfoinse, tá aistriú carbóin ríthábhachtach chun astaíochtaí dosheachanta a fhritháireamh agus chun teorainn a chur leis an téamh domhanda.
Is éard atá i gceist le haistriú carbóin ná CO2 a bhaint amach agus é a stóráil go sábháilte, ionas nach féidir leis cur leis an méadú ar an teocht dhomhanda. Tugtar ‘astaíochtaí diúltacha’ go ginearálta ar na hastaíochtaí a shábháiltear trí ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin.
Cad iad na príomh-mhodhanna chun CO2 a aistriú?
Úsáidtear modhanna éagsúla chun dé-ocsaíd charbóin a aistriú as an atmaisféar. Orthu sin tá réitigh theicneolaíocha agus réitigh dhúlra-bhunaithe:
- foraoisí agus ithir a athbhunú chun feabhas a chur ar a gcumas nádúrtha carbón a stóráil
- bainistiú níos fearr a dhéanamh ar thalamh feirme chun a hacmhainneacht stórála carbóin a mhéadú
- carbón a ghabháil go díreach trí úsáid a bhaint as córais mheicniúla a shúnn isteach CO2 agus a insteallann isteach i saoráidí stórála nó i dtáirgí é
- carbón ó ghléasraí táirgthe bithbhreoslaí agus bithfhuinnimh a cheapadh
- carbón a stóráil i dtáirgí fadmharthanacha, mar shampla tógáil adhmadbhunaithe
Conas a rialaíonn an tAontas aistrithe carbóin?
Tá an tAontas agus a Bhallstáit faoi ghealltanas dlíthiúil neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Chuige sin, is gá astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór agus na hastaíochtaí dosheachanta eile — ó earnálacha atá spleách ar charbón — a chothromú le haistrithe carbóin. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach laghduithe ar astaíochtaí agus gníomhaíochtaí chun CO2 a bhaint as an atmaisféar a mhéadú chun sprioc na neodrachta a bhaint amach.
Faoi 2050, is gá go mbeidh aistrithe carbóin agus astaíochtaí carbóin tar éis cothromaíocht ghlan a bhaint amach
Sa chairt, léirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe carbóin i milliúin tona de choibhéis CO2 ó 2015 go dtí 2050.
Faoi 2050, beidh ar astaíochtaí agus aistrithe cothromú a dhéanamh chun cothromaíocht astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach.
*Soláthar fuinnimh: bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin san áireamh (BECCS); tionscal: gan aistrithe tionsclaíocha neamh-BECCS san áireamh
Tá laghdú tagtha ar aistrithe carbóin trí chórais nádúrtha le blianta beaga anuas, agus níl aistriú carbóin thionsclaíoch forbartha go hiomlán fós. Is mian leis an Aontas borradh a chur faoi oibríochtaí aistrithe carbóin agus tá sé tiomanta do rialacha soiléire a fhorbairt chun na gníomhaíochtaí sin a rialáil.
I measc na dtionscnamh beartais de chuid an Aontais sa réimse seo tá:
- córas deimhniúcháin an Aontais maidir le haistrithe carbóin
- réitigh feirmeoireachta carbóin
- sprioc maidir le haistrithe carbóin i dtalamh agus i bhforaoisí
córas deimhniúcháin an Aontais maidir le haistrithe carbóin
Tá institiúidí an Aontais ag obair ar thogra chun creat dlíthiúil a bhunú chun gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dheimhniú.
Is é an chéad chéim chun borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin san Aontas ná córas iontaofa a chur ar bun chun oibríochtaí mar sin a chainníochtú, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhíorú.
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra, a thíolaic an Coimisiún in 2022, le linn na gcruinnithe tríthaobhacha i mí Feabhra 2024. Ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint i mí na Samhna 2023.
Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí na Samhna 2024.
Cén chaoi a n-oibríonn deimhniúchán aistrithe carbóin an Aontais?
Tá an deimhniúchán ríthábhachtach chun tuilleadh soiléireachta agus trédhearcachta maidir le hoibríochtaí aistrithe carbóin a chur ar fáil agus chun débhríocht a sheachaint agus iad á sainaithint.
Seo a leanas aidhmeanna an togra le haghaidh rialachán i ndáil le creat deimhniúcháin deonach ar fud an Aontais maidir le haistriú carbóin:
- úsáid gníomhaíochtaí aistrithe carbóin agus laghdaithe astaíochtaí ithreach a éascú agus a bhrostú
- critéir a sholáthar chun aistrithe agus laghdú ardcháilíochta a shainaithint
- deiseanna gnó a chruthú don tionscal agus do bhainisteoirí talún
- cur in aghaidh glas-snasaithe agus muinín a chothú
Cad iad na gníomhaíochtaí a chumhdófaí?
De réir an chomhaontaithe shealadaigh ar thángthas air i mí Feabhra 2024, chumhdódh an rialachán togra:
stóráil bhuan carbóin trí theicneolaíochtaí tionsclaíocha, mar shampla bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin (BECCS) agus gabháil dhíreach ón aer le gabháil agus stóráil (DACCS)
stóráil carbóin agus laghdú ar astaíochtaí ithreach ón bhfeirmeoireacht carbóin ar feadh 5 bliana ar a laghad (mar shampla trí fhoraoisí a athbhunú, ithir agus bogaigh a bhainistiú agus cleachtais barr cumhdaigh a úsáid)
stóráil carbóin i dtáirgí fadmharthanacha (mar shampla tógáil adhmadbhunaithe) ar feadh 35 bliana ar a laghad
Ní chumhdófaí leis na rialacha modhanna mar ghabháil carbóin iontaise lena stóráil (GCS) agus a úsáid (GÚSC). Faoi 2026, dhéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na rialacha chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta a bheidh sé laghduithe ar astaíochtaí talmhaíochta a bhaineann le feirmeoireacht ainmhithe a chur san áireamh.
Critéir maidir le deimhniúchán
D’fhéadfaí gníomhaíochtaí a dheimhniú faoi rialacha an Aontais má chomhlíonann siad ceithre chritéar cáilíochta:
- cainníochtú: mar thoradh ar na gníomhaíochtaí, is gá go mbeadh glanaistriú carbóin inchainníochtaithe nó tairbhe laghdaithe astaíochtaí ann (i.e. ba cheart gur mhó an t-aistriú carbóin móide an laghdú astaíochtaí ná na hastaíochtaí a tháirgeann an ghníomhaíocht)
- breisíocht: téann na gníomhaíochtaí thar a bhfuil i gceist sna gnáthchleachtais
- stóráil fhadtéarmach: nasctar deimhnithe le fad na stórála chun stóráil fhadtéarmach a chinntiú agus chun an riosca maidir le scaoileadh carbóin a íoslaghdú
- inbhuanaitheacht: cuireann na gníomhaíochtaí le spriocanna inbhuanaitheachta, mar shampla trí bhithéagsúlacht agus acmhainní uisce a chosaint
Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún Eorpach, le cúnamh ó shainghrúpa, modheolaíochtaí deimhniúcháin a fhorbairt bunaithe ar na critéir sin.
An próiseas deimhniúcháin
Bheadh an próiseas deimhniúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin deonach.
D’fhorbrófaí clárlann deimhniúcháin ar fud an Aontais 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm rialachán an Aontais.
Chun deimhniúchán a fháil, chaithfí na céimeanna seo a leanas a leanúint:
- cuireann oibreoirí faisnéis chuimsitheach ar fáil maidir lena ngníomhaíocht aistrithe carbóin
- fíoraíonn deimhnitheoirí tríú páirtí neamhspleácha na gníomhaíochtaí de réir na gcritéar agus de réir mhodheolaíocht an Aontais
- eisítear deimhnithe do na hoibreoirí
- déantar na gníomhaíochtaí a thaifeadadh i gclárlann an Aontais
Sa rialachán, leagfaí amach oibleagáidí faireacháin agus rialacha dliteanais soiléire d’oibreoirí.
Réitigh feirmeoireachta carbóin
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le feirmeoireacht carbóin, tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach ó mhí Aibreáin 2022 maidir le timthriallta carbóin inbhuanaithe. Is é is aidhm do na conclúidí cleachtais feirmeoireachta a chuidíonn le gabháil agus stóráil CO2 a spreagadh.
Sprioc maidir le haistrithe carbóin i dtalamh agus i bhforaoisí
Faoin bpacáiste Oiriúnach do 55, ghlac an tAontas reachtaíocht lena gceanglaítear ar na Ballstáit 310 milliún tona de choibhéis CO2 a aistriú faoi 2030 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta. Áirítear san earnáil gníomhaíochtaí a bhaineann le talamh agus foraoisí a úsáid agus a bhainistiú, ar gníomhaíochtaí iad a ionsúnn agus a ghabhann carbón go nádúrtha.
Chun an sprioc maidir le haistriú carbóin a bhaint amach, leagadh síos spriocanna ceangailteacha do gach Ballstát.
Ghlac an Chomhairle an rialachán go foirmiúil i mí an Mhárta 2023.
Oiriúnach do 55: spriocanna aeráide in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (Grafaic faisnéise)
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Nollaig 2024