Cosaint an dúlra
Is é is aidhm le rialacha an Aontais maidir le cosaint an dúlra speicis agus a ngnáthóga a chosaint. Is é Natura 2000 an líonra comhordaithe is mó de limistéir atá faoi chosaint ar domhan.
An tslí a gcosnaíonn an tAontas an dúlra
Leag an tAontas síos rialacha an-uaillmhianach lena gclúdaítear réimse an-leathan chun oidhreacht nádúrtha na hEorpa agus an bhithéagsúlacht a chosaint.
Is iad treoracha an Aontais maidir le héin agus gnáthóga, a glacadh in 1979 agus 1992 faoi seach, bunchlocha reachtaíocht an Aontais ó thaobh caomhnú agus cosaint an dúlra. Tá mar chuspóir foriomlán ag an dá treoir a chinntiú go mbeidh rath ar speicis agus ar ghnáthóga san fhadtéarma, le cois a chinntiú nach dtiocfaidh meath orthu agus nach dtiocfaidh deireadh leo. Is é an sprioc atá ann cailliúint na bithéagsúlachta a laghdú san Aontas.
Is féidir le gach Ballstát san Aontas an bealach is fearr chun na treoracha a chur chun feidhme a chinneadh. Is den ríthábhacht é go léireofar riachtanais éiceolaíocha gach limistéir leis an mbealach a gcuirtear na treoracha chun feidhme.
In 2019, sheol an tAontas an Comhaontú Glas don Eoraip, ina leagtar síos go mbainfear amach an sprioc aeráidneodrachta agus truaillithe nialasaigh san Aontas faoi 2050. Is cuid den phlean fadtéarmach sin cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras.
Mar chomhlánú ar na treoracha maidir le héin agus gnáthóga, in 2024 ghlac tíortha an Aontais an rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra, lena leagtar síos spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí chun éiceachórais dhíghrádaithe ar thalamh agus san fharraige a athchóiriú.
Staid an dúlra san Aontas
Tá níos lú ná5% de mhais talún an phláinéid san Eoraip agus tá éagsúlacht mhór speiceas agus gnáthóg fiáin inti.
Le blianta beaga anuas, tá meath mór ag teacht ar an dúlra san Aontas de réir mar atá daonra na speiceas agus a ngnáthóga ag dul i laghad agus ag díghrádú.
Tá an t-athrú aeráide, cailliúint gnáthóg, truailliú agus speicis ionracha i measc na bhfachtóirí díghrádúcháin.
Cad é staid an dúlra san Aontas? (Grafaic faisnéise)
An Treoir maidir le héin
Glacadh treoir an Aontais maidir le héin in 1979. Tá sí chomh hábhartha céanna fós inniu agus leanann sí den chaighdeán a leagan síos maidir le caomhnú éan agus maidir leis an mbithéagsúlacht i gcoitinne a chosaint i mBallstáit an Aontais.
Tá thart ar 500 speiceas éan san Eoraip faoi láthair agus tá ról tábhachtach ag gach ceann acu ó thaobh na bithéagsúlachta de. Tá éin íogair i leith brúnna ar an gcomhshaol agus is léargas dúinn a ndaonra ar athruithe a thagann ar staid an chomhshaoil.
Is é is aidhm don treoir gach speiceas éan fiáin atá san Aontas go nádúrtha agus na gnáthóga is tábhachtaí atá acu a chosaint. Tá sé d’aidhm léi freisin maolú a chur le meath na speiceas éan agus go n-éireoidh go maith leo san fhadtéarma.
Leis an treoir, ceanglaítear ar gach Ballstát san Aontas gach beart is gá a dhéanamh chun líon na n-éan agus a ngnáthóga a chothabháil agus a athbhunú. Ina measc sin tá toirmeasc a thabhairt isteach ar shuaitheadh, marú, gabháil nó trádáil éan fiáin d’aon ghnó agus ar scriosadh a neadacha.
An Treoir maidir le gnáthóga
Is é is aidhm leis an treoir maidir le gnáthóga éagsúlacht mhór ainmhithe agus speiceas agus na gnáthóga ina mbíonn siad a chosaint.
Mar aon leis an treoir maidir le héin, cuirtear oibleagáid ar gach Ballstát leis an treoir maidir le gnáthóga córas dianchosanta a bhunú do speicis agus gnáthóga liostaithe. Mar shampla, ní mór dóibh toirmeasc a chur ar:
- gach cineál gabhála nó maraithe a dhéantar d’aon ghnó san fhiadhúlra
- meath nó scriosadh láithreáin pórúcháin nó áiteanna sosa
- eiseamail a thógtar ón bhfiadhúlra a choinneáil, a iompar agus a dhíol
Cinntíonn rialacha na treorach go gcuirtear tosca eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha san áireamh agus bearta caomhnaithe breise á nglacadh.
Feoiliteoirí móra a chaomhnú san Eoraip
Tá sé speiceas d’fheoiliteoirí móra san Aontas: béar donn, mic tíre, lincse Eoráiseach, lincse Ibéarach, glutain agus seaicéil órga. Is féidir ceann amháin, ar a laghad, de na speicis sin a fháil i ngach tír ar mhór-roinn an Aontais.
Mar thoradh ar reachtaíocht chosanta rathúil a chur chun feidhme, mar shampla an treoir maidir le gnáthóga, tá teacht aniar mór le feiceáil i dtaobh líon mór ainmhithe feoiliteoirí san Eoraip le leathchéad bliain anuas.
Stádas cosanta do mhic tíre
Tháinig dúbailt ar líon na mac tíre san Eoraip le deich mbliana anuas. Mar thoradh air sin, tá dúshláin ann maidir le cómhaireachtáil idir ainmhithe fiáine agus gníomhaíochtaí an duine.
I mí Aibreáin 2025, chomhaontaigh an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún maidir le stádas cosanta na mac tíre a athrú ó ‘faoi dhianchosaint’ go ‘faoi chosaint’. Ní mór do na Ballstáit leanúint de bheith ag cinntiú go mbeidh stádas caomhantais fabhrach ag mic tíre agus faireachán a dhéanamh ar an staid, rud a d’fhéadfadh toirmisc shealadacha nó áitiúla ar fhiach a thabhairt isteach.
Líonra Natura 2000
Is é líonra Natura 2000 an córas comhordaithe is mó ar domhan de láithreáin atá faoi chosaint, agus feidhmíonn sé i ngach tír san Aontas, ar thalamh agus ar muir araon. Is é is aidhm dó cosaint a thabhairt do na limistéir ina bhfuil na speicis agus na gnáthóga is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt.
Leagtar amach sna treoracha maidir le héin agus gnáthóga an creat dlíthiúil foriomlán chun láithreáin Natura 2000 a chosaint agus a bhainistiú. Sainítear sa treoir maidir le gnáthóga an chaoi ar cheart do Bhallstáit an Aontais na láithreáin a chosaint agus a bhainistiú.
Ní mór tosca eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, chomh maith le saintréithe réigiúnacha agus áitiúla, a chur san áireamh agus cuspóirí agus bearta caomhnaithe atá sonrach don láithreán á leagan síos.
An clár LIFE
Is é clár LIFE príomhchiste an Aontais ó thaobh tacú le tionscadail arb é is aidhm dóibh an comhshaol a chosaint, an dúlra a athbhunú agus speicis a chosaint.
Ó cruthaíodh é, thug an clár tacaíocht do bhreis agus 1 800 tionscadal a raibh sé d’aidhm leo speicis agus bithéagsúlacht a chosaint. Bhí ról lárnach aige freisin maidir le líonra Natura 2000 a bhunú trí thacú le bainistiú na láithreán atá faoi chosaint.
Tábhacht an tsalamandair duitse
Bíonn freagracht ollmhór ar na hainmhithe is lú, níos lú ná an salamandar fiú, as gréasán an-suimiúil na beatha a chothú.
Leis an treoir maidir le gnáthóga, tá an salamandar á chosaint ag an Aontas, mar aon leis na céadta speiceas eile d’ainmhithe, chomh maith le plandaí agus limistéir nádúrtha. Ón bhFionlainn go Málta, ón Rómáin go dtí an Phortaingéil, tá dlí an Aontais ina chuidiú le gnáthóga agus na speicis bheo atá á n-óstáil acu a chaomhnú.
Féach freisin
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025