Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 9 Feabhra 2015 14:00

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Libia

Cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
An Bhruiséil, an 9 Feabhra 2015

  1. Is díol sásaimh don Aontas gur cuireadh tús le próiseas idirphlé pholaitiúil maidir leis an Libia, éascaithe ag na Náisiúin Aontaithe, sa Ghinéiv. Is ábhar misnigh don Aontas an dá bhabhta idirphlé a rinneadh ar an leibhéal polaitiúil agus gur cuireadh tús leis an bplé idir ionadaithe na gcomhairlí áitiúla agus na gcomhairlí cathracha. Molann an tAontas na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Bernardino León, chun na páirtithe a chur i mbun caibidlíochta. Creideann an tAontas go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an próiseas sin chomh cuimsitheach agus is féidir ionas go mothaíonn muintir uile na Libia go bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu leis na cinntí a ghlactar. Molann sé iad siúd a bhí rannpháirteach sa phlé sa Ghinéiv agus iarrann sé orthu siúd nach raibh páirteach go dtí seo páirt a ghlacadh sa phlé sin atá ríthábhachtach maidir le síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Libia.
  2. Athdhearbhaíonn an tAontas go dtugann sé tacaíocht iomlán d’iarrachtaí Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe teacht ar réiteach caibidlithe agus don obair atá ar bun ag Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe chuig an Libia (UNSMIL) agus go bhfuil sé ag súil go gcuirfear tús leis an obair a bheartaítear ar ábhair eile gan mhoill. Tá an tAontas toilteanach cuidiú leis na Bearta lena gCothófar Muinín mar a comhaontaíodh iad sa Ghinéiv agus, i gcomhar le UNSMIL, táthar ag féachaint ar an mbealach ina bhféadfar cabhrú leis na Náisiúin Aontaithe sna hábhair éagsúla idirphlé a bheartaítear le haghaidh an phróisis.
  3. Tá an tAontas cinnte nach bhfuil aon réiteach míleata ar an gcoinbhleacht seo. Is le réiteach polaitiúil amháin a fhéadfar bealach inbhuanaithe chun cinn a oscailt agus cuidiú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht sa Libia. Tá sé ríthábhachtach go mbainfear sos cogaidh gan choinníollacha amach ag an gcéim seo agus go dtabharfaidh gach taobh aird ar an sos cogaidh sin agus go gcloífidh siad leis.
  4. Cuireann an tAontas in iúl gurb ábhar mór imní dó an foréigean leanúnach agus is saoth leis líon na ndaoine atá ag fáil bháis mar thoradh ar an easaontas polaitiúil leanúnach ar an láthair agus ar an gcoinbhleacht leanúnach ar an láthair. Cáineann sé an t-ionsaí a rinneadh ar shoitheach na Gréige an 4 Eanáir inar maraíodh saoránaigh de chuid an Aontais.
  5. Creideann an tAontas go gcaithfear neamhspleáchas agus dea-fheidhmiú Bhanc Ceannais na Libia, na Corparáide Náisiúnta Ola agus institiúidí lárnacha eile airgeadais a chaomhnú agus a chosaint. Cáineann an tAontas na gníomhaíochtaí in aghaidh sócmhainní náisiúnta, institiúidí airgeadais agus acmhainní nádúrtha na Libia, lena gcuirtear i mbaol na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil do mhuintir na Libia mar gheall ar fhorbairt inbhuanaithe a ngeilleagair.
  6. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé réidh le bearta sriantacha a thabhairt isteach, a luaithe is a measfar gur gá sin agus i gcomhordú le hIonadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, i gcoinne iad siúd a chuireann isteach ar an bpróiseas idirphlé, i gcomhréir le Rún 2174 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena gceadaítear liostú na ndaoine aonair a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht nó an tslándáil sa Libia i mbaol, nó a bhaineann an bonn dá haistriú polaitiúil. Ní mór go dtabharfaí chun cuntasachta na daoine atá freagrach as foréigean agus iad siúd a chuireann dris chosáin roimh aistriú na Libia chuig an daonlathas nó a bhaineann an bonn ón aistriú sin.
  7. Meabhraíonn an tAontas go gcáineann sé gach uile chineál sceimhlitheoireachta go láidir, lena n-áirítear an t-ionsaí a rinneadh ar Óstán Corinthia i dTripilí an 27 Eanáir, agus athdhearbhaíonn sé nach bhfuil aon áit ag an sceimhlitheoireacht i Libia a bheidh síochánta agus daonlathach. Tá imní ar an Aontas faoin bhfianaise atá ann go bhfuil grúpaí sceimhlitheoireachta agus antoisceachais níos gníomhaí agus aithníonn sé an baol a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na grúpaí sin do chobhsaíocht na tíre, an réigiúin agus an Aontais amach anseo.
  8. Is díol sásaimh don Aontas na ráitis phoiblí inar thug an tAontas Afracach agus Léig na nArabach tacaíocht don idirphlé pholaitiúil maidir leis an Libia, idirphlé atá éascaithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus molann sé do thíortha comharsanachta agus do chomhpháirtithe réigiúnacha páirt chuiditheach a ghlacadh chun tacú leis na hiarrachtaí comhordúcháin atá á ndéanamh ag na Náisiúin Aontaithe. Iarrann an tAontas an athuair ar pháirtithe seachtracha staonadh ó ghníomhaíochtaí ar bith lena bhféadfar na deighiltí atá ann faoi láthair a ghéarú agus an bonn a bhaint d'aistriú daonlathach na Libia, iarrann sé orthu an lánchosc arm a urramú mar is ceart, agus tacú go hiomlán leis an bpróiseas idirphlé atá á stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe.
  9. Athdheimhníonn AE go gcáineann sé go láidir gach cineál sáraithe agus mí-úsáide i ndáil le cearta an duine sa Libia mar aon le húsáid an fhoréigin i gcoinne sibhialtach agus institiúidí agus le himeaglú ar an bpobal. Leagann AE béim ar an ngá atá le cuntasacht a áirithiú maidir le gach sárú ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Creideann sé go mba cheart sásraí cuntasachta inmheánacha agus idirnáisiúnta a neartú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar gach saghas mí-úsáide agus sáraithe agus dá bhrí sin, iarrann sé ar na hinstitiúidí ábhartha imscrúdú a dhéanamh ar na coireanna sin. Athdhearbhaíonn sé go dtacaíonn sé leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (CCI) chun deireadh a chur le saoirse ó phionós i leith na gcoireanna is tromchúisí atá ag bagairt ar an gcomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine. Tá an comhar idir na gníomhaithe ábhartha uile sa Libia le CCI thar a bheith tábhachtach.
  10. Iarrann an tAontas Eorpach ar na páirtithe go léir sa Libia a áirithiú go gcosnófar na sibhialtaigh agus go n-éascófar cúnamh do dhaoine atá ar an ngannchuid trí rochtain ar chúnamh daonnúil a bheidh sábháilte, gan bhac agus tráthúil a áirithiú chomh maith le slándáil na ngníomhaithe daonnúla. Tacaíonn AE leis na hiarrachtaí ar fad a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas, go háirithe easáitiú daoine agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha á bacadh ar dhaoine. Tá tacaíocht bhreise idirnáisiúnta ag teastáil mar gheall ar an staid dhaonnúil chun freagairt don easáitiú agus do riachtanais an phobail atá thíos leis. Is é AE an deontóir is mó de chúnamh sa Libia cheana féin, agus le déanaí mhéadaigh sé an méid tacaíochta a chuireann sé ar fáil chun faoiseamh a thabhairt do na grúpaí leochaileacha sin a bhfuil dálaí maireachtála neamhbhuana acu, amhail daoine atá easáitithe ina dtír féin nó imircigh, a gcuireann géarchéim na Libia isteach orthu go díreach nó go neamhdhíreach.
  11. Seasann AE le muintir na Libia agus athdheimhníonn sé a thiomantas i ndáil le leanúint de thacaíocht a thabhairt don Libia agus an t-aistriú ar siúl aici. Leanfaidh an tAontas air de thacú le príomh-institiúidí na Libia amhail an tArdchoimisiún Náisiúnta Toghchán agus an Tionól chun an Bunreacht a Dhréachtú. Tá tacaíocht á tabhairt i gcónaí ag AE i réimsí eile amhail réimse an athmhuintearais, na sochaí sibhialta, chearta an duine a chur chun cinn agus na himirce. Nuair a bheidh an staid pholaitiúil agus slándála sa Libia in oiriúint dó sin, beidh an tAontas réidh chun tacaíocht bhreise a thabhairt don Libia, lena n-áirítear i réimsí amhail an smacht reachta, athchóiriú na hearnála slándála, imirce agus comhar eacnamaíoch, agus bainfidh AE leas iomlán as na hionstraimí uile atá aige, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí CBSC, lena dtógfar, inter alia, ar an méid atá bainte amach ag a mhisean CBSC sa Libia, is é sin Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh (EUBAM) sa Libia.
  12. Tugann an tAontas dá aire an t-athbhreithniú ar shainordú UNSMIL atá le teacht i mí an Mhárta agus tá sé ag tnúth le leanúint ar aghaidh leis an bplé le NA, d’fhonn féachaint faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas chun tacú le UNSMIL amach anseo i réimsí ina bhfuil sé cruthaithe ag AE gur chuir sé breisluach.
  13. Tá an tAontas Eorpach tiomanta go mór i gcónaí do cheannasacht na Libia, dá neamhspleáchas, dá sláine críche agus dá haontacht náisiúnta.

 

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024