- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Iúil 2015 12:45
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an imirce
1. Tacaíonn an Chomhairle le beartas seachtrach imirce don Aontas Eorpach atá gníomhach, cuimsitheach agus cothromaithe ar an leibhéal geografach i gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce agus na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 25 agus an 26 Meitheamh. Tá cur chuige beartais eachtraigh agus slándála níos leithne ríthábhachtach chun an comhar a neartú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus cosc a chur leis sin, lena n-áirítear smuigleáil agus an gháinneáil ar dhaoine, cosaint a thabhairt do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, an ceart chun tearmann a lorg a urramú, filleadh agus athligean isteach éifeachtach a áirithiú, agus an leas is fearr is féidir a bhaint as tionchar forbraíochta na himirce agus na soghluaisteachta dea-bhainistithe. Chuige sin, ní mór oibriú níos dlúithe le comhpháirtithe chun tíortha leochaileacha a chobhsú, agus dul i ngleic le coinbhleacht, le foréigean polaitiúil, le sáruithe ar chearta an duine, leis an staid shocheacnamaíoch agus leis an easpa dea-rialachais is cúis leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach. Caithfidh comhar den sórt sin a bheith bunaithe ar idirphlé, ar úinéireacht agus ar chomhroinnt na freagrachta.
2. Dá réir sin, is díol sásaimh don Chomhairle na hullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh Vaileite an 11 agus an 12 Samhain, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe na hAfraice, agus an chomhdháil ardleibhéil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le bealach na mBalcán Thiar, ag tabhairt dá haire an tairiscint agus ón Ungáir an chomhdháil seo a thionól i mBúdaipeist. Rannchuideoidh an Chomhairle leis an ullmhúchán atá ar bun le haghaidh na gcruinnithe sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici, tar éis dí an t-eolas is déanaí a fháil ón Ardionadaí. Is díol sásaimh don Chomhairle an teagmháil agus an t-idirphlé ardleibhéil atá ag dul ar aghaidh faoi láthair le príomh-chomhpháirtithe i ndáil le cúrsaí imirce, lena n-áirítear an cruinniú a bhí ag an Ardionadaí le déanaí le hAirí Gnóthaí Eachtracha G5 na Saiheile. Meabhraíonn an Chomhairle freisin a cinneadh chun dlús a chur leis an gcomhar le príomhthíortha agus príomhchomhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe, feadh na mbealaí imirceacha is mó. Tá ról tábhachtach á imirt ag toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus misin na mBallstát i ndáil le cur i láthair bheartas imirce an Aontais agus i ndáil le feabhas a chur ar an gcomhar sa réimse sin.
3. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go mba cheart tosaíochtaí i ndáil leis an imirce a phríomhshruthú tuilleadh in ionstraimí ábhartha agus i mbeartais ábhartha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear i gcreat na mbeartas forbraíochta agus i gcreat bheartais comharsanachta na hEorpa. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhleanúnachas agus sineirge idir réimsí éagsúla beartais, amhail an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta, an ceartas agus gnóthaí baile, cearta an duine, comhar um fhorbairt, trádáil agus fostaíocht. Leagann sí béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le maoiniú leordhóthanach d’fhonn éifeachtacht agus inbhuanaitheacht chur chun feidhme na mbeartas ábhartha a áirithiú. Ní mór tionchar na himirce ar an Aontas Eorpach agus ar thíortha tionscnaimh, idirthurais agus ceann scríbe a léiriú go leordhóthanach i gcur chun feidhme bheartas seachtrach an Aontais.
4. Tuigeann an Chomhairle gur obair chomhpháirteach é d'institiúidí an Aontais Eorpaigh agus do na Ballstáit beartas cuimsitheach imirce a chur chun feidhme agus go bhfuil comhfhreagracht orthu uile as. Tá an Chomhairle réidh chun obair leis an Ardionadaí agus leis an gCoimisiún ina gcuid iarrachtaí chun beartas imirce seachtraí níos gníomhaí, níos cuimsithí agus níos éifeachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.
5. IARRANN SÍ ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Chomhairle Gnóthaí Eachtracha mhí Dheireadh Fómhair le tograí nithiúla chun tacú le cur chun feidhme ghné sheachtrach an Chláir Oibre Eorpaigh maidir le hImirce, agus an ráiteas ón gComhairle Eorpach an 23 Aibreán agus a gcuid conclúidí an 25 agus an 26 Meitheamh á gcur san áireamh, agus an comhchuibheas is fearr idir na beartais inmheánacha agus sheachtracha á áirithiú.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024