Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 21 Deireadh Fómhair 2015 17:45

Saorchúrsaíocht doiciméad poiblí: Deimhníonn an Chomhairle an comhaontú a thángthas air le Parlaimint na hEorpa

An 21 Deireadh Fómhair 2015, tháinig Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) ar chomhaontú maidir le pacáiste comhréitigh a comhaontaíodh le Parlaimint na hEorpa i ndáil le rialachán lena n-éascófar saorghluaiseacht na saoránach tríd na ceanglais a shimpliú maidir le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas. 

Leis an Rialachán, dírítear ar na nósanna imeachta a shimpliú maidir le tíolacadh trasteorann doiciméad poiblí a bhaineann le stádas sibhialta, amhail breitheanna, básanna, póstaí agus comhpháirtíochtaí cláraithe mar aon le doiciméid phoiblí lena ndeimhnítear éagmais taifid choiriúil. Leis an Rialachán, clúdaítear freisin doiciméid phoiblí ar doiciméid iad a bhféadfadh ceangal a chur ar shaoránaigh an Aontais iad a thíolaic nuair ba mhian leo vótáil agus/nó seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghcháin bhardasacha. 

Leis an Rialachán sin, seachnófar an gá le dlisteanú nó foirmiúlachtaí eile, agus sa tslí sin cuideofar go díreach le hEoraip na saoránach a chruthú. 

“Is cúis áthais dom inniu gur dheimhnigh Coreper an comhaontú ar tháinig Uachtaránacht Lucsamburg air le Parlaimint na hEorpa. Táim cinnte dearfa den bhreisluach a ghabhann leis an ionstraim seo agus go mbeidh sé chun leas cách. Beidh tionchar thar a bheith tábhachtach ar na saoránaigh a mbeidh éifeacht ag na saincheisteanna trasteorann orthu agus cuirfear feabhas suntasach ar a saoil laethúla", a dúirt Félix Braz, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle. 

Na chéad chéimeanna eile 

Nuair a fhormhuineoidh Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla de chuid na Parlaiminte an pacáiste comhréitigh an 12 Samhain 2015, tiocfaidh na téacsanna dlíthiúla ar ais chuig an gComhairle i mí na Nollag le haghaidh comhaontú polaitiúil, agus déanfar an gnáth-athbhreithniú dlítheangeolaíoch ina dhiaidh sin sula nglacfar seasamh na Comhairle go foirmiúil ar an gcéad léamh. 

Ina dhiaidh sin, caithfear vóta ar na téacsanna ar an dara léamh ag seisiún iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024