Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Deireadh Fómhair 2017 23:25

Síneadh a chur leis na rialacha eitlíochta atá i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais cheana - thángthas ar chomhaontú sealadach

Ar an 18 Deireadh Fómhair, tháinig Uachtaránacht na hEastóine ar chomhaontú sealadach le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa i ndáil le rialachán chun na forálacha atá ann cheana lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eitlíochta sa rialachán maidir le córas trádála astaíochtaí (ETS) an Aontais, a shíneadh níos faide ná 2016, agus ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh cur chun feidhme an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda ó 2021 amach. Cuirfear an téacs sealadach faoi bhráid ambasadóirí an Aontais chun formhuiniú polaitiúil a dhéanamh air.

Leanann an rialachán an cinneadh ar tháinig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) air i mí Dheireadh Fómhair 2016 maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a thabhairt isteach ó 2021 d’fhonn astaíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta a rialú trí chóras fritháirithe, ar a dtugtar CORSIA (an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta). Tacaíonn an tAontas leis an mbeart seo, agus tá sé d'aidhm aige a bheith páirteach, ar bhonn deonach, sa chéim ‘phíolótach’ den scéim in 2021.

Idir an dá linn, is den riachtanas go nglacfaí an rialachán nua seo roimh dheireadh na bliana chun bearna dhlíthiúil a sheachaint maidir le comhlíonadh an rialacháin ETS reatha in 2017. I ngeall ar chomhaontú an lae inniu, beifear in ann an rialachán a ghlacadh in am. Is iad an 31 Márta agus an 30 Aibreán 2018 faoi seach na dátaí ar fúthu nach mór lamháltais ó astaíochtaí a thuairisciú agus a thabhairt ar láimh in 2017.

“Creideann an tAontas go gcaithfidh gach eitilt a bheith ina rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tacaímid go hiomlán leis an gcaibidlíocht atá idir lámha ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) i ndáil le rialacha idirnáisiúnta cuimsitheacha agus aontaithe a chruthú chun an méid sin a chur i gcríoch. Idir an dá linn, tá sé ríthábhachtach go nglacfaí an rialachán seo. Tabharfaimid deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí aerárthaí agus cinnteoimid go mbeidh astaíochtaí á laghdú ag eitiltí Eorpacha i ndiaidh 2016.”

Siim Kiisler, Aire Comhshaoil Phoblacht na hEastóine

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chomhaontaithe shealadaigh:

  • na teorainneacha atá ann faoi láthair a choimeád i raon feidhme EU ETS, go háirithe tríd an maolú a fhadú – i gcás eitiltí nach ndéantar laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) – go dtí an 31 Nollaig 2023 nuair a thosóidh an céim ‘thosaigh’ de CORSIA;
  • forálacha a bhunú d'athbhreithniú arb é is aidhm leis an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme san Aontas, go háirithe sa treoir ETS, a luaithe a ghlacfar na cinntí ICAO ar fad;
  • faoi réir an athbhreithnithe seo, foráiltear d’fheidhmiú an fhachtóra laghdaithe línigh, mar a leagadh amach sa treoir maidir le ETS i gcás earnáil na heitlíochta ó 2021 ar aghaidh.

Eisíodh ráiteas freisin inar leagadh béim ar a riachtanaí atá sé go ngníomhódh ICAO ar bhealach a bheidh trédhearcach go hiomlán agus go rachadh sé i dteagmháil leis na geallsealbhóirí uile chun iad a chur ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi chinntí ar bhealach tráthúil.

Ina theannta sin, chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle bearta coimirce chun sláine EU ETS a choimeád i gcás ina dtagann deireadh le hoibleagáidí oibreoirí eitlíochta agus le hoibleagáidí oibreoirí eile as ceann de na Ballstáit.

Amlíne agus na chéad chéimeanna eile

Thíolaic an Coimisiún togra ar an 3 Feabhra 2017 agus chuir sé i láthair na Comhairle Comhshaoil é ar an 28 Feabhra. Ar an 21 Meitheamh, tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta a thabhairt don Chomhairle chun dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. Vótáil Parlaimint na hEorpa le linn seisiún iomlánach ar an 13 Meán Fómhair. Ina dhiaidh sin, ar an 25 Meán Fómhair, d’fhreastail an dá chomhreachtóir ar an gcéad chruinniú trípháirteach.

A luaithe a fhormheasann ambasadóirí an Aontais an comhaontú, iarrfar ar an bParlaimint agus ar an gComhairle an rialachán nua a ghlacadh ar an gcéad léamh. Ina dhiaidh sin, tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

ETS agus ICAO - cúlra

Seoladh an scéim trádála astaíochtaí (ETS) in 2005 leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais. Tá an earnáil eitlíochta ina cuid den reachtaíocht ETS atá ann cheana. Áirítear astaíochtaí ón eitlíocht ar chuid eile den sprioc atá ag an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20% faoi 2020 le hais leibhéil na mbliana 1990.

In 2014, chinn an tAontas raon feidhme na scéime ETS a laghdú chun nach mbeadh feidhm aici ach i gcás eitiltí a dhéanfaí laistigh den LEE; rinneadh sin chun go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht laistigh den ICAO, agus le súil go dtiocfaí ar an tsoiléireacht i dtaca le hastaíochtaí ó eitiltí idirnáisiúnta lena nasctar an LEE le tríú tíortha. Cinneadh ansin nach mbeadh feidhm ach go deireadh na bliana 2016 ag an maolú d’eitiltí nach ndéantar laistigh den LEE.

Tá caibidlíocht ar siúl faoi láthair ar an athchóiriú ETS don tréimhse 2021-2030. Tá sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar an athchóiriú a luaithe a bheidh soiléireacht ann maidir le hoibleagáidí dlíthiúla ICAO i dtaca leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme. Áiritheofar an chomhsheasmhacht freisin a bhuí leis an ngealltanas a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí faoin mbliain 2030 le hais leibhéil na mbliana 1990.

Is é is aidhm le beart seo ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda moill a chur ar fhás na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil eitlíochta agus astaíochtaí a choinneáil ar an leibhéal céanna ón mbliain 2020 ar aghaidh. Beidh sé éigeantach an beart a fheidhmiú sna príomhthíortha eitlíochta ó 2027 amach, ach seolfar céim ‘phíolótach’ dheonach sa bhliain 2021.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024