Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 13 Eanáir 2025 16:45

Cuireadh ón Uachtarán António Costa do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí

Mar atá curtha in iúl agam daoibh cheana, ba mhaith liom cuireadh a thabhairt daoibh chuig cruinniú neamhfhoirmiúil cúlráide a bheidh ar siúl an 3 Feabhra in Château de Limont, gar don Bhruiséil, cruinniú a bheidh dírithe ar chosaint na hEorpa.

Measaim go bhfuilimid ar aon aigne maidir leis na bagairtí atá os comhair na hEorpa. Mar thoradh ar fhogha na Rúise faoin Úcráin tá cogadh an-fhíochmhar á fhearadh arís ar mhór-roinn na hEorpa – cogadh a sháraíonn chroíphrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus a chuireann slándáil na hEorpa i mbaol – mar aon le hionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe atá á ndéanamh níos minice anois ar na Ballstáit agus ar a ngeilleagair agus a sochaithe. Tá síocháin san Eoraip ag brath ar shíocháin chuimsitheach chóir mharthanach a bheith ann san Úcráin. Beidh dúshlán ag baint leis an gcomhthéacs geopholaitiúil sin, a bhfuil tionchar ag an staid sa Mheánoirthear air freisin, go ceann tamall fada fós.

Is é is cuspóir don chruinniú seo ullmhú do na cinntí a bheidh orainn a dhéanamh agus treoir a chur ar fáil don Choimisiún agus don Ardionadaí agus an páipéar bán á ullmhú acu maidir lena bhfuil i ndán do chosaint na hEorpa, páipéar ina gcumhdófar tionscnaimh chomhpháirteacha chosanta agus na hacmhainní is gá chun iad a fhorbairt. Mar a fhoráiltear i gClár Oibre na gCeannairí, tá sé mar aidhm agam filleadh ar ábhar na cosanta ag Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 2025.

Molaim go ndéanfaí an plé a dhíriú ar dhá phríomhphrionsabal.

An chéad cheann, ní mór don Eoraip freagracht níos mó a ghlacadh maidir lena cosaint féin. Ní mór don Aontas a bheith níos athléimní, níos éifeachtúla, níos neamhspleáiche agus ní mór dó feidhmiú mar ghníomhaí slándála agus cosanta níos iontaofa. Agus an méid sin á dhéanamh ag an Aontas beidh sé ina chomhpháirtí níos láidre freisin, i gcomhthéacs ECAT freisin, agus lánurraim á tabhairt do bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile á gcur san áireamh.

Tá na Ballstáit tar éis a gcaiteachas cosanta náisiúnta a mhéadú cheana féin le blianta beaga anuas. Tá a fhios againn, áfach, gur gá níos mó infheistíochtaí móra a dhéanamh sa chosaint chun na stoic a athshlánú, chun ár n-ullmhacht cosanta a uasghrádú ag féachaint do réimse leathan bagairtí — ag díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha agus ar bhearnaí criticiúla cumais — agus chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a neartú dá réir sin.

An dara prionsabail is ea go mbeadh na Ballstáit freagrach as a bhfórsaí armtha i gcónaí. Ag an am céanna, is chun leas na coitiantachta é comhoibriú níos dlúithe a bheith ann ar an leibhéal Eorpach chun barainneachtaí scála a uasmhéadú agus costais a laghdú, idir-inoibritheacht a ráthú, éileamh cobhsaí fadtéarmach a chinntiú — chun go mbeidh cumas intuarthachta níos fearr ann maidir lenár dtionscail — agus chun nach mbeidh an obair chéanna á déanamh faoi dhó. Ní bheidh Ballstáit aonair, astu féin, in ann an infheistíocht is gá a dhéanamh, infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt san áireamh, chun ár n-acmhainneacht a neartú. Thairis sin, is ‘leas coiteann’ é cosaint éifeachtach a rachadh chun tairbhe mhuintir uile na hEorpa.

Ní mór don infheistíocht mhéadaithe i réimse na cosanta rannchuidiú freisin le hiomaíochas agus comhtháthú eacnamaíoch foriomlán an Aontais Eorpaigh a threisiú, trí earnáil thionsclaíoch a bheidh in ann barr feabhais teicneolaíoch a fhorbairt ar fud an Aontais Eorpaigh agus cuidiú le poist a chruthú. Ba cheart aird a thabhairt ar an sprioc maidir le cosaint na hEorpa a neartú i mbeartais ábhartha uile an Aontais.

Chun go mbeimid ullamh do na chéad chéimeanna eile, mholfainn an plé a dhíriú ar na saincheisteanna seo a leanas:

  • Cad iad na cumais chosanta - agus conas a shaineofar iad - nach mór dúinn a fhorbairt ar bhealach comhoibríoch agus mar ábhar tosaíochta, toisc a thábhachtaí atá siad do shlándáil chomhchoiteann an Aontais?
  • An n-aontaímid go gcaithfimid níos mó airgid agus ar bhealach níos fearr, le chéile? Conas is féidir linn dlús a chur leis an úsáid a bhaintear as maoiniú príobháideach, agus cad iad na hionstraimí de chuid an Aontais a d’úsáidfí chun é sin a dhéanamh? Conas is féidir linn an leas is fearr a bhaint as buiséad an Aontais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma? I bhfianaise na riachtanas suntasach maoiniúcháin, cad iad na roghanna coiteanna breise is féidir a mheas?
  • Conas is féidir linn na comhpháirtíochtaí atá ann cheana a neartú agus a dhoimhniú tuilleadh? Cad iad na spriocanna agus na tosaíochtaí ar cheart a bheith againn le comhpháirtithe Eorpacha nach baill den Aontas iad?

Thug mé cuireadh d’Ard-Rúnaí ECAT a bheith linn don lón. Tabharfaidh sé sin deis thráthúil dúinn na saincheisteanna is práinní a bhaineann leis an gcosaint a phlé, go háirithe ár dtacaíocht don Úcráin, chomh maith leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT.

Beidh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe inár dteannta i gcomhair dinnéar oibre, mar réamhchéim don Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana. Is é sin an chéad uair a chasfaidh an Príomh-Aire, Keir Starmer, leis na 27 gceannaire. Is príomh-chomhpháirtí de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ríocht Aontaithe, go háirithe i réimse na cosanta. Measaim go ndíreofar an plé ar an ngné sin dár gcaidreamh.

Maidir leis an sceideal, tosóidh an cruinniú ar 11.00 nuair a bheidh seisiún tuairimíochta againn le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa. Tionólfar an chéad phlé idir na 27 gceannaire ansin, agus ina dhiaidh sin, beidh lón againn leis an Ard-Rúnaí, Mark Rutte. Beidh an dara seisiún againn eadrainn féin agus ar deireadh, beidh dinnéar againn leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bPríomh-Aire, Donald Tusk, as an dlúthchomhar agus an cruinniú seo á ullmhú againn.

Táim ag súil lenár bplé an 3 Feabhra

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025