Skip to content

Cén chaoi a bhfuil an t-aistriú chuig an aeráidneodracht á mhaoiniú ag an Aontas?

Tá sé geallta ag na Ballstáit an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Beidh infheistíocht ollmhór ag teastáil chun an t-aistriú glas a chur i gcrích.

beagnach €660 billiún cinntithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun na críche sin sa bhuiséad ilbhliantúil reatha. Anuas air sin, cuid den ioncam a ghintear ó lamháltais astaíochtaí an Aontais a chur ar ceant tá sé á chaitheamh ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide freisin. Leithdháilfear an t-airgead trí roinnt cistí atá tiomnaithe do ghnéithe éagsúla den aistriú glas. Thairis sin, tá infheistíocht phríobháideach á spreagadh ag an Aontas i gcás teicneolaíochtaí a chuidíonn le geilleagar na hEorpa a ghlasú.

Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise seo na hacmhainní airgeadais atá leithdháilte ag an Aontas chun an aeráidneodracht a bhaint amach.

Cén chaoi a bhfuil an t-aistriú chuig an aeráidneodracht á mhaoiniú ag an Aontas?

Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide á bpríomhshruthú ag an Aontas agus ag na Ballstáit ina gcaiteachas. Is buntreoir í an ghrafaic faisnéise seo do na cistí agus na huirlisí atá ag an Aontas a úsáidtear chun sciar mór de bhuiséad an Aontais a leithdháileadh, in éineacht le cuid den ioncam a ghintear ó lamháltais den chóras trádála astaíochtaí a chur ar ceant.

34% — sin beagnach €658 mbilliún — de bhuiséad an Aontais le haghaidh 2021-2027 agus ón ionstraim théarnaimh Next Generation EU a caitheadh nó a chaithfear ar ghníomhaíochtaí a dhéanfar ar son na haeráide (€275.7 billiún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus €93.5 billiún ón gCiste Comhtháthaithe agus ón gCiste Forbraíochta Réigiúnaí san áireamh). Anuas air sin caithfear cuid den ioncam ó lamháltais astaíochtaí an Aontais ar ghníomhaíochtaí a dhéanfar ar son na haeráide.

Gan aon duine a ligean ar lár

Ciste Aeráide Sóisialta

Ar a laghad €86.7 billiún le haghaidh 2026-2032 chun tacú le daoine agus gnólachtaí a bheidh thíos leis nuair a thabharfar an córas trádála astaíochtaí nua isteach le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus breoslaí le haghaidh earnálacha eile.

Maoineofar an ciste leis an ioncam a ghinfear tríd na lamháltais a dhíol faoin gcóras trádála astaíochtaí atá ann cheana agus faoin gcóras trádála astaíochtaí nua araon.

An Sásra um Aistriú Cóir

Timpeall €55 bhilliún chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí eacnamaíocha an aistrithe ghlais, ag díriú ar na réigiúin, na tionscail agus na hoibrithe is mó atá faoi dhúshlán.

Trí cholún:

1. An Ciste um Aistriú Cóir

€19.7 billiún chun breis is €27 mbilliún a shlógadh in infheistíochtaí, táthar ag súil le:

  • infheistíocht tháirgiúil in FBManna agus i ngnólachtaí nua a chruthú
  • T&F, nuálaíocht dhigiteach agus nascacht dhigiteach
  • fuinneamh glan in-athnuaite
  • feabhsú an gheilleagair chiorclaigh agus athchóiriú talún
  • athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist
  • gníomhaíochtaí i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta

2. Scéim InvestEU um aistriú cóir faoi InvestEU

Scéim ráthaíochta buiséid InvestEU tiomnaithe chun infheistíocht suas le €15 bhilliún a shlógadh sna réigiúin is mó atá buailte.

3. Saoráid iasachta don earnáil phoiblí

  • €1.3 billiún i ndeontas ó bhuiséad an Aontais
  • €6-8 mbilliún in iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI)

Sprioc: infheistíochtaí ón earnáil phoiblí le haghaidh riachtanais forbartha réigiúnacha a mhéadú go dtí suas le €15.3 billiún.

Ciste don Nuachóiriú

Idir 2021 agus 2030, déanfar thart ar €57 mbilliún a leithdháileadh ar 10 mBallstát ísealioncaim le caitheamh ar:

  • fuinneamh in-athnuaite
  • éifeachtúlacht fuinnimh
  • stóráil fuinnimh
  • líonraí fuinnimh
  • an t-aistriú cóir i réigiúin atá spleách ar charbón

(Tá an figiúr beacht ag brath ar phraghas an charbóin. Le haghaidh €75/tCO2a rinneadh an ríomh)

Déanfar an Ciste don Nuachóiriú a mhaoiniú trí cheantáil lamháltas faoi chóras trádála astaíochtaí (CTA) an Aontais, 2% de lamháltais iomlána don tréimhse 2021-2030 i dtosach.

Ó bhí mí Eanáir 2021 ann, íocadh €12.65 billiún amach chun tacú le breis is 170 tionscnamh i ndeich dtír.

borradh a chur faoin nuálaíocht agus T&F

Fís Eorpach

€93.5 billiún trí phríomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht. 35% de na cistí le caitheamh ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid:

  • dul i ngleic leis an athrú aeráide
  • spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach
  • borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais agus faoin bhfás

An Ciste don Nuálaíocht

Idir 2020 agus 2030, thart ar €40 billiún chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin nuálacha a fhorbairt, mar shampla:

  • teicneolaíochtaí agus próisis i dtionscail dianfhuinnimh
  • gabháil, úsáid agus stóráil carbóin
  • foinsí in-athnuaite fuinnimh
  • stóráil fuinnimh

Maoinítear an Ciste don Nuálaíocht trí thart ar 530 milliún lamháltas a cheantáil faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais. Tá an figiúr beacht ag brath ar phraghas an charbóin. Le haghaidh €75/tCO2a rinneadh an ríomh.

An comhshaol a chosaint

Clár don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE)

€5.4 billiún idir 2021 agus 2027 chun tacú le tionscadail agus gníomhaíochtaí lena gcumhdófar:

  • dúlra agus bithéagsúlacht
  • geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
  • maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide
  • an t-aistriú chuig fuinneamh glan

Lasmuigh den Aontas

Is iad an tAontas agus a Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí ar fáil don aeráid. Beagnach €36 bhilliún in 2023 (28.6 billiún ó fhoinsí poiblí agus 7.2 billiún de mhaoiniú príobháideach). Is chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha é sin:

  • astaíochtaí a laghdú
  • cur le hathléimneacht maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025