Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas
Tá CBL ríthábhachtach d’ioncam Bhallstáit an Aontais agus do bhuiséad an Aontais, ach é sin ráite tá caillteanais CBL suntasach fós. Tá an tAontas ag obair chun córas comhchuibhithe a chinntiú agus dul i ngleic leis an gcalaois agus tá an córas CBL a nuachóiriú aige trí digiteáil a dhéanamh air ag an am céanna.
Céard is CBL ann?
Is cáin tomhaltais í an Cháin Bhreisluacha (CBL) a bhfuil feidhm aici maidir le formhór na n-earraí agus na seirbhísí.
Aicmítear mar cháin indíreach í, rud a chiallaíonn, cé gurb iad na tomhaltóirí a íocann í, is iad na gnólachtaí a bhailíonn agus a chuireann ar aghaidh chuig na húdaráis chánach í. Mar shampla, nuair a cheannaíonn tomhaltóir leabhar i siopa leabhar, cuireann an siopa leabhar CBL san áireamh sa phraghas a íoctar ar an leabhar, agus ina dhiaidh sin cuireann sé an cháin sin a íoctar ar aghaidh chuig an rialtas.
Íocann gnólachtaí an cháin sin ar a gceannacháin féin freisin, ach is féidir leo í a asbhaint ón CBL a chaithfidh siad a íoc leis na húdaráis chánach.
An fáth a bhfuil tábhacht le CBL
Foinse ioncaim
Tá CBL ar cheann de na foinsí ioncaim is tábhachtaí do Bhallstáit, toisc go gcuireann sé le maoiniú na seirbhísí poiblí cosúil le hoideachas, cúram sláinte, leabharlanna agus iompar poiblí.
Bailítear breis agus €1 000 billiún in ioncam CBL sna Ballstáit gach bliain. In 2024, b’ionann CBL agus 7.1% d’OTI an Aontais, agus b’ionann é agus 15.5% d’ioncam cánach iomlán an rialtais.
Buiséad an Aontais a mhaoiniú
Ní hamháin gur foinse riachtanach ioncaim do na Ballstáit é CBL ach tá sé ríthábhachtach leis i dtaobh tionscnaimh an Aontais a chistiú.
Is cuid d’achmhainní an Aontais sciar d’ioncaim CBL gach Ballstáit, arb é ceann d’fhoinsí maoinithe bhuiséad an Aontais. Go sonrach, cuirtear ráta caighdeánach 0.3% i bhfeidhm ar bhonn CBL gach Ballstáit. Chun cothrom na Féinne a chinntiú, cuirtear uasteorainn 50% d’ollioncam náisiúnta (OIN) na tíre i bhfeidhm ar an ranníocaíocht sin.
Is é thart ar 10% d’ioncam acmhainní dílse an Aontais is luach d’ioncam CBL.
Calaois agus seachaint CBL a chomhrac
Mar gheall ar an tionchar diúltach a bhíonn ag caillteanais CBL ar chumas rialtas earraí agus seirbhísí poiblí riachtanacha a mhaoiniú, is dúshlán suntasach teacht i dtír orthu san Aontas fós.
In 2023, chaill Ballstáit an Aontais thart ar €128 mbilliún in ioncam CBL, caillteanas a chuir leis an mbearna CBL – an difríocht idir an méid CBL a rabhthas ag súil leis agus an méid CBL iarbhír.
Baineann foinsí na bearna sin go príomha le calaois, imghabháil agus seachaint, ach cuirtear san áireamh leo freisin dócmhainneacht chorparáideach, féimheacht agus earráidí riaracháin.
Creat dlíthiúil an Aontais maidir le CBL
Ní fhorchuireann an tAontas cánacha; is iad na Ballstáit a fhorchuireann na cánacha. Mar sin féin, chuir an tAontas córas comhchuibhithe ar bun ar fud na mBallstát chun feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a chinntiú.
Áirítear an méid seo a leanas sa chreat dlíthiúil maidir le CBL san Aontas:
- Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
- an treoir maidir le CBL, lena gcumhdaítear córas CBL iomlán an Aontais
- an rialachán maidir le CBL, lena gcumhdaítear comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise
- An pacáiste maidir le CBL sa ré dhigiteach
Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Bunaítear an bunús dlí chun cánacha indíreacha, cuir i gcás CBL, a chomhchuibhiú ar fud an Aontais in Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chuige sin, caitheann na Ballstáit ar fad teacht ar chomhaontú d’aon toil agus dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa chun rialacha nua a ghlacadh.
An Treoir maidir le CBL
Tá creat curtha i bhfeidhm ag an Aontas le haghaidh comhar riaracháin a bheidh ina chuidiú do na Ballstáit dul i ngleic le calaois CBL trasteorann agus forfheidhmiú éifeachtach cánach a chinntiú.
Leis an gcreat sin, cuirtear ar chumas na n-údarás cánach náisiúnta faisnéis a mhalartú, iniúchtaí a dhéanamh i gcomhpháirt le chéile agus tacú lena chéile chun rialacha CBL a fhorfheidhmiú. A bhuíochas leis, is fusa atá sé obair i gcomhar a dhéanamh thar theorainneacha; cuidíonn an creat céanna le scéimeanna calaoise a bhrath agus a chosc, mar atá, an chalaois laistigh den chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh (ar a dtugtar calaois rothlach freisin), a bhaineann leas as na difríochtaí idir na córais náisiúnta.
Príomhionstraim sa réimse sin is ea Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle, ina leagtar amach na rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit.
Ar leibhéal an Aontais, comhlánaíonn na comhlachtaí speisialaithe a leanas na hiarrachtaí sin:
- is í an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a imscrúdaíonn calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais
- is í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a dhéanann cásanna tromchúiseacha calaoise CBL trasteorann a ionchúiseamh
- is trí líonra Eurofisc is féidir faisnéis faoi ghníomhaíochtaí amhrasacha a chomhroinnt go tapa idir na húdaráis náisiúnta
Mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua i mí na Samhna 2025 chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta, OIPE agus OLAF d’fhonn cur leis na hiarrachtaí chun calaois CBL a chomhrac.
An 5 Bealtaine 2026, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir leis an gcreat sin. Is é is aidhm do na bearta nua sin rochtain níos dírí ar phríomhshonraí CBL ar leibhéal an Aontais a chur ar fáil, an comhordú a fheabhsú, dlús a chur le himscrúduithe agus acmhainneacht an Aontais a threisiú i leith calaois a bhrath agus a chomhrac. Meastar go gcosnaíonn an chalaois rothlach idir €12.5 billiún agus €32.8 billiún in aghaidh na bliana, agus is minic go mbaineann an cineáil calaoise seo le grúpaí coireachta eagraithe.
Go praiticiúil, leis an reachtaíocht nua leasófar na rialacha atá ann cheana maidir le comhar riaracháin, rud a threiseoidh an malartú faisnéise ar fud an Aontais. I dteannta a chéile, cuidíonn na bearta sin le hioncam poiblí a chosaint, buiséad an Aontais a chosaint agus cánachas cothrom a chinntiú ar fud an mhargaidh aonair.
An rialachán maidir le CBL
Leis an rialachán maidir le CBL, tugtar na huirlisí iomchuí do na Ballstáit chun dul i gcomhar le chéile agus faisnéis a bhaineann le CBL a roinnt, rud a fhágfaidh go mbeidh riarachán trasteorann CBL níos éifeachtúla.
An pacáiste maidir le CBL sa ré dhigiteach
An 11 Márta 2025, thug an Chomhairle a formheas deiridh maidir le sraith beart chun an córas CBL a nuachóiriú, a shimpliú agus a neartú tríd an gcóras a dhigiteáil, agus calaois agus seachaint CBL a chomhrac ag an am céanna.
Leis na rialacha nua, nuashonrófar an córas CBL trí na rudaí seo a leanas a chur ar bun:
- córas tuairiscithe dhigitigh fíor-ama, a bheidh go hiomlán digiteach faoi 2033, chun a dhéanamh cinnte de go mbaileofar sonraí CBL go tráthúil agus go cruinn
- rialacha níos déine d’oibreoirí an gheilleagair ardán a chuireann cóiríocht ar cíos ar líne agus seirbhísí iompair do phaisinéirí ar fáil, chun cánachas cothrom a ghearradh ar sheirbhísí traidisiúnta agus ar líne araon a chinntiú
- raon feidhme na ‘n-ionad ilfhreastail’ a leathnú chun an próiseas clárúcháin CBL a shimpliú do ghnólachtaí a oibríonn i ngach Ballstát
Cánachas digiteach
Féach freisin
An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais
An tseachaint cánach san Aontas Eorpach a chomhrac
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Bealtaine 2026