"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13 Bealtaine 2025
Na príomhthorthaí
SAFE
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) atá beartaithe. Leag na hairí béim ar a phráinní atá sé tacú leis an tionscal cosanta Eorpach agus phléigh siad gnéithe buiséadacha agus eacnamaíocha an chúnaimh airgeadais a chuirtear ar fáil leis an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip.
Mar ábhar tosaíochta, ní mór dúinn iasachtaí tarraingteacha dar luach €150 billiún a chur ar fáil le hinfheistíocht a dhéanamh i réimse na cosanta. Tá sé mar aidhm ag Uachtaránacht na Polainne an rialachán Gníomhaíochta Slándála don Eoraip a ghlacadh a luaithe is féidir. Ní féidir an tslándáil a cheannach; caithfear í a thógáil!
Andrzej Domanski, Aire Airgeadais na Polainne
Is ionstraim airgeadais nua é Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) chun cabhrú leis na Ballstáit an caiteachas ar sholáthar comhoibríoch cosanta a mhéadú trí chúnamh airgeadais suas le €150 billiún in iasachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit.
Rachaidh an cur chuige soláthair chomhoibríoch sin chun tairbhe do na Ballstáit agus don tionscal araon, toisc go gcuideoidh sé le barainneacht scála a mhéadú, costais a laghdú agus idir-inoibritheacht córas agus comhpháirteanna a fheabhsú.
Tá an togra á phlé faoi láthair i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Tá sé mar aidhm ag an Uachtaránacht go nglacfar an togra a luaithe is féidir.
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil leis an treoir maidir le rialacha CBL a bhaineann le ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cáin bhreisluacha (CBL) ar allmhairí. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis an téacs sula nglacfaidh sí go foirmiúil é.
Leis na rialacha nua, cuirfear feabhas ar bhailiú CBL ar earraí allmhairithe trí na soláthraithe a chur faoi dhliteanas i leith CBL a íoctar ar allmhairí. Beidh spreagadh breise ansin dóibh an t-ionad ilfhreastail allmhairiúcháin CBL (IOSS) a úsáid le haghaidh na n-oibleagáidí CBL uile.
Feidhmíonn an tairseach IOSS mar phointe teagmhála chun earraí a allmhairiú ó thríú tíortha isteach san Aontas Eorpach. Is é is aidhm dó dearbhú agus íocaíocht cánach breisluacha a shimpliú agus earraí á n-allmhairiú isteach san Aontas.
Phléigh na hairí iomaíochas agus simpliú rialála agus conas feabhas a chur ar thimpeallacht ghnó na hEorpa. Sa mhír seo ar an gclár oibre, díríodh ar an aontas coigiltis agus infheistíochta. Ghlac an Coimisiún straitéis an aontais coigiltis agus infheistíochta an 19 Márta 2025. Tá sí mar chuid d’iarrachtaí an Aontais a iomaíochas a neartú agus fás eacnamaíoch a chothú trí chaipiteal príobháideach a shlógadh.
Ag an gcruinniú a bhí aige, chuir an Coimisiún an t-aontas coigiltis agus infheistíochta faoi bhráid na n-airí, a raibh seisiún tuairimíochta acu maidir leis an straitéis. D’aontaigh na hairí le cuspóir an aontais coigiltis agus infheistíochta maidir le caipiteal príobháideach a shlógadh. Leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé an margadh aonair do chaipiteal a chomhlánú mar choinníoll atá riachtanach chun leas a bhaint as na foinsí cistiúcháin príobháideacha sin agus iad a dhíriú ar infheistíochtaí táirgiúla san Aontas.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid na himeartha i ndáil le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin. Is mír í seo a thagann chun cinn arís agus arís eile ar chlár oibre na n-airí airgeadais agus gnóthaí eacnamaíocha. Dhírigh an malartú, a bhí bunaithe ar chur i láthair ó Stockholm Institute of Transition Economics [Institiúid Stócólm um Eacnamaíocht Idirlinne], ar fhíorstaid gheilleagar na Rúise.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí freisin faoi chur chun feidhme thacaíocht an Aontais don Úcráin. Le Saoráid thiomnaithe don Úcráin, cuirfear suas le €50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha ar fáil ó 2024 go 2027. Tá iasachtaí €18.1 billiún á gcur ar fáil ag an Aontas freisin faoi Chúnamh Macrairgeadais (MFA), mar chuid de thionscnamh €45 bhilliún AE-G7, a bhfuiltear ag súil go n-aisíocfar é ón ioncam a eascraíonn as díluailiú chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise san Aontas.
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20, a bhí ar siúl an 23 agus an 24 Aibreán, agus faoi phríomhthorthaí chruinnithe earraigh CAI/Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda.
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a thíolaic an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn. Cuireann na pleananna sin ar chumas na mBallstát tairbhe a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) – clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar dhúshláin phaindéim COVID-19 do gheilleagar na hEorpa.
Go dtí seo, tá níos mó ná €311 bhilliún eisíoctha ag an Aontas ón tsaoráid leis na Ballstáit.
Rinneadh idirphlé bliantúil eacnamaíoch agus airgeadais le comhpháirtithe réigiúnacha ar imeall chruinniú na Comhairle.
Phléigh an Uachtaránacht reatha agus an dá uachtaránacht inteachta (an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir) chomh maith leis an gCoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an Tuirc, an Mholdóiv agus an Úcráin mar bhreathnóir forbairtí eacnamaíocha, dúshláin agus pleananna beartais.
Ghlac rannpháirtithe an idirphlé conclúidí comhpháirteacha le treoir beartais spriocdhírithe do gach comhpháirtí rannpháirteach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.