Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 27 Márta 2025

Na príomhthorthaí

Comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan

Dhírigh na hairí ar an ngné chomhshaoil den chomhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan, a thíolaic an Coimisiún an 26 Feabhra 2025 mar threochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú.

Phléigh na hairí bealaí chun cabhrú le tionscail an Aontais leanúint de bheith iomaíoch agus iad ag aistriú chuig an aeráidneodracht ag an am céanna agus d’aithin siad gur bonn maith é an comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan don phlé. D’aithin roinnt airí an nasc idir an comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan agus sprioc aeráide 2040 a leagan síos chun intuarthacht a chur ar fáil. D’aithin na hairí go bhfuil gá le maoiniú leordhóthanach ach ardaíodh roinnt ceisteanna faoin mbanc dícharbónaithe tionsclaíoch atá beartaithe. Leag roinnt airí béim ar an ngá atá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú. Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na n-airí an ról lárnach a thugtar don gheilleagar ciorclach maidir leis an dícharbónú a chur chun cinn.

<p>Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne</p>

Aontaímid go léir go bhfuil uirlisí éifeachtacha de dhíth ar an Eoraip chun tacú le dícharbónú thionscal na hEorpa. Is féidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, agus an teicneolaíocht ghlan agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn ag an am céanna. Bhí an plé ríthábhachtach chun tionscnaimh a shainaithint a d’fhéadfadh an dícharbónú a iompú ina spreagadh cumhachtach fáis do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.

<p>Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne</p>

Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne

Beartais chomhshaoil dhomhanda

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le beartais dhomhanda chomhshaoil i láthair Inger Andersen, Fo-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe.

Phléigh siad bealaí chun tacú le comhar éifeachtach comhshaoil chun comhaontuithe iltaobhacha a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Chuir siad a dtuairimí in iúl freisin maidir leis an mbealach is fearr chun cur le toradh rathúil na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir le conradh domhanda maidir le plaistigh.

Gnó eile

Thug an Uachtaránacht agus an Coimisiún tuairisc ar an seisiún atosaithe agus ar thoradh chomhdháil na bpáirtithe sa choinbhinsiún maidir leis an mbithéagsúlacht (COP16), a bhí ar siúl sa Róimh i mí Feabhra 2025. I measc na n-éachtaí móra a baineadh amach le COP16 bhí cinntí maidir le maoiniú ó gach foinse a shlógadh chun an bhearna dhomhanda sa mhaoiniú bithéagsúlachta a dhúnadh faoi 2030, agus maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chreata Dhomhanda Bithéagsúlachta agus a spriocanna agus a targaidí.

Chuir Aire Cosanta Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha na hÚcráine, Svitlana Hrynchuk, airí an Aontais ar an eolas faoin tionchar atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin ar an gcomhshaol. D’aithin na hairí comhshaoil an staid thubaisteach atá ann do mhuintir na hÚcráine agus don dúlra agus gheall siad go n-oibreoidís i gcomhar le chéile chun an dí-éilliú a bhaint amach agus chun timpeallacht shláintiúil a athbhunú san Úcráin sna blianta amach romhainn.

Chomhroinn an Fhrainc eolas maidir le sásraí chun praghsanna lamháltas a chobhsú i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais.

Tharraing an Iodáil, an Fhrainc agus an tSlóvaic aird ar an ngá atá le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha atá níos éifeachtaí chun go mbeidh tionscal an Aontais iomaíoch agus dícharbónaithe.

Thabhair an tSeicia, in éineacht leis an bhFrainc, an Chróit, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic aghaidh ar loingsiú trasteorann dramhaíola agus ar bhealaí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht faisnéise do na húdaráis inniúla agus do chomhlachtaí rialaithe, lena n-áirítear i gcásanna loingsiú neamhdhleathach dramhaíola.

D’ardaigh an tSlóivéin pointe maidir le hiarrachtaí réigiúnacha rialachais aigéin agus farraigí agus maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le Coinbhinsiún Barcelona chun an mhuirthimpeallacht agus réigiún cósta na Meánmhara a chosaint.

Faoi phointe poiblí, rinne an Phortaingéil tagairt dá straitéis náisiúnta maidir le bainistiú uisce.

Le linn an lóin, phléigh na hairí comhshaoil go foirmiúil gné chomhshaoil den teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le fís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le bealaí chun tacú le feirmeoirí agus iad a dhreasú chun an ithir, an t-uisce, an t-aer, chomh maith leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint. Phléigh siad freisin ról na talmhaíochta agus na foraoiseachta sa bhithgheilleagar.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Márta 2025