Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 17 Nollaig 2024

Na príomhthorthaí

Caillteanas millíní plaisteacha

Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chur chuige ginearálta le haghaidh rialachán maidir le caillteanas millíní plaisteacha – na hamhábhair thionsclaíocha a úsáidtear chun táirgí plaisteacha a dhéanamh – a chosc sa chomhshaol.

Cuideoidh na rialacha nua le feabhas a chur ar láimhseáil millíní plaisteacha feadh an tslabhra soláthair agus ar a n-iompar san Aontas. D'fhéadfadh sé sin an caillteanas millíní plaisteacha sa chomhshaol a laghdú suas le 74%.

Tá caillteanas millíní plaisteacha sa chomhshaol ar an tríú foinse is mó de na scaoiltí neamhbheartaithe micreaphlaisteach uile. Rialacha ceannródaíocha iad seo a bheidh ina gcuidiú do chuideachtaí caillteanas millíní plaisteacha a íoslaghdú, rud a chabhróidh le truailliú micreaphlaisteach a chomhrac, ar fhadhb í nach bhfuil teorann léi.

Anikó Raisz, Aire Stáit na hUngáire do Ghnóthaí Comhshaoil agus don Gheilleagar Ciorclach

Ag cur leis an togra ón gCoimisiún, baintear cothromaíocht amach, le cur chuige ginearálta na Comhairle, idir bearta uaillmhianacha, éifeachtacha a thabhairt isteach chun caillteanas millíní plaisteacha a íoslaghdú agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint. Cinntítear leis an téacs freisin cothrom iomaíochta idir iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach ón Aontas iad agus tugtar isteach oibleagáidí do shoithí farraige a iompraíonn millíní plaisteacha.

Leis an gcur chuige ginearálta a comhaontaíodh, cuirtear an seasamh caibidlíochta ón gComhairle ar bhonn foirmiúil. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le cruth deiridh an rialacháin go luath in 2025.

Feithiclí a bhfuil a ré caite

Bunaithe ar nóta a d’ullmhaigh Uachtaránacht na hUngáire, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite. Is é is aidhm don rialachán inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht san earnáil mótarfheithiclí a fheabhsú, trína chinntiú go mbeidh sé níos éasca a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna a athchúrsáil agus a athúsáid de bharr dearadh feithiclí nua.

Léiríodh sa phlé go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach maidir le roinnt ábhar ar an leibhéal teicniúil, a bhfuil raon feidhme an rialacháin san áireamh air, chomh maith le hoibleagáidí gaolmhara na dtáirgeoirí agus na n-údarás, forálacha críochnaitheacha maidir le hathbhreithniú agus leasuithe riachtanacha ar reachtaíocht ghaolmhar.

Le linn na díospóireachta beartais, chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad i gcoitinne le hAirteagal 192(1) CFAE (cosaint an chomhshaoil) a chur isteach mar bhunús dlí chomh maith le hAirteagal 114 CFAE (feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh), agus le hoibleagáidí áirithe a leathnú chuig feithiclí tromshaothair agus gluaisrothair.

Bhí díospóireacht thábhachtach ag na hairí freisin maidir leis an sprioc do chion athchúrsáilte íosta na bplaisteach. D’fhéadfadh roinnt Ballstát tacú leis an ráta 25%, mar a mhol an Coimisiún, agus d’iarr Ballstáit eile ráta i bhfad níos ísle agus thug siad rabhadh go bhféadfadh saobhadh margaidh a bheith mar thoradh air, mar shampla, i gcás ganntanas ábhair athchúrsáilte. Leanfaidh an Chomhairle leis an bplé chun teacht ar chomhréiteach inghlactha maidir leis an ábhar sin.

Phléigh na hairí sprioc fhéideartha maidir le cion athchúrsáilte íosta i gcás na cruaiche. Chuir líon suntasach Ballstát in iúl gur gá don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh ar dtús chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an sprioc sin a leagan síos.

Ar deireadh, bhí seisiúin tuairimíochta ag na hairí maidir leis na páirteanna agus na comhpháirteanna feithiclí atá le baint astu sula ndéanfaí mionghearradh orthu.

Sprioc aeráide 2040

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí comhshaoil faoin teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le sprioc aeráide 2040 an Aontais, a foilsíodh an 6 Feabhra 2024. Moltar sa teachtaireacht sprioc a shocrú go laghdófaí glanastaíochtaí gás ceaptha teasa 90% faoi 2040 i gcomparáid le 1990.

Dhírigh na hairí a bplé ar na réamhriachtanais le haghaidh aistriú rathúil i dtreo sprioc aeráide 2040 an Aontais. Maidir le cur chun feidhme iomlán chreat comhaontaithe 2030, d’aontaigh na hairí gur gá simpliú a dhéanamh chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá creataí rialála agus infheistíochta atá cobhsaí agus intuartha chun iomaíochas a chinntiú. Is gnéithe ríthábhachtacha i ndáil leis sin freisin iad an dícharbónú agus beartais thionsclaíocha a ailíniú agus praghsanna fuinnimh níos iomaíche a bhaint amach.

Ar mhaithe le haistriú atá inghlactha go sóisialta agus aistriú cóir, d’aithin na hairí an ról tábhachtach atá ag rannpháirtíocht na saoránach agus na ngnólachtaí araon, chomh maith le hathsciliú agus uas-sciliú oibrithe.

Tuairisciú ar chruinnithe idirnáisiúnta

Chuir Uachtaránacht na hUngáire, in éineacht leis an gCoimisiún, na hairí ar an eolas faoi na príomhchruinnithe idirnáisiúnta a bhí ann le déanaí agus faoi na torthaí a bhí orthu:

Gnó eile

Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn mhisin an Aontais faoin gclár Fís Eorpach mar uirlis don ghníomhú áitiúil ar son na haeráide.

Fuair na hairí eolas ón tSualainn, le tacaíocht ón Danmhairg, ón bhFionlainn agus ó Lucsamburg, maidir le príomh-shaincheisteanna san athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH).

D’ardaigh an tSeicia, in éineacht leis an Danmhairg, leis an bhFrainc agus leis an tSlóvaic, pointe maidir le margaí ar líne agus neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí i ndáil le freagracht leathnaithe táirgeora. Thug an Ostair aghaidh freisin ar shaincheist na margaí an-mhór ar líne agus nach gcomhlíontar leo an fhreagracht leathnaithe táirgeora.

Chuir an Fhrainc na hairí ar an eolas nach mór gan monaróirí gluaisteán a lagú trí phionóis a ghearradh orthu, ach mar sin féin gur gá spriocanna agus uaillmhian an rialacháin maidir le caighdeáin CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna a choinneáil.

Ar deireadh, chuir Uachtaránacht na Polainne, ina cáil mar uachtaránacht inteachta, a clár comhshaoil i láthair.

Díospóireacht lóin

Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí leis na Coimisinéirí Jessica Roswall agus Wopke Hoekstra maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin do 2024-2029 i réimse an bheartais comhshaoil agus aeráide.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liostaí na míreanna ‘A’ neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025