Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 14 Deireadh Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide

D'fhormheas airí comhshaoil an Aontais conclúidí maidir leis na hullmhúcháin don 29ú Comhdháil de na Páirtithe (COP29) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Reáchtálfar COP29 in Baki (an Asarbaiseáin) ón 11 go dtí an 22 Samhain 2024.

D’aontaigh na hairí gur bagairt eiseach é an t-athrú aeráide ar an gcine daonna, ar éiceachórais agus ar an mbithéagsúlacht, agus ar an tsíocháin agus ar an tslándáil chomh maith.

Ag an 29ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP29), tacóidh an tAontas le sprioc dhomhanda éifeachtach, insroichte agus uaillmhianach maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus iarrfaidh sé pleananna uaillmhianacha aeráide chun an sprioc maidir le téamh domhanda a theorannú go 1.5°C a bhaint amach.

<p>Anikó Raisz, Aire Stáit na hUngáire do Ghnóthaí Comhshaoil agus don Gheilleagar Ciorclach</p>

Feidhmeoidh an téacs uaillmhianach ach cothromaithe seo, atá bunaithe ar chomhthoil i measc thíortha an Aontais, mar threochlár an Aontais chuig Baki. Leanfaidh an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an téamh domhanda a theorannú, agus é ag iarraidh go mbeadh dlúthpháirtíocht ann le tíortha agus le pobail leochaileacha sa chath comhchoiteann sin, toisc nach ndéanann an t-athrú aeráide aon tír, aon chríoch ná aon réigiún a spáráil.

<p>Anikó Raisz, Aire Stáit na hUngáire do Ghnóthaí Comhshaoil agus don Gheilleagar Ciorclach</p>

Anikó Raisz, Aire Stáit na hUngáire do Ghnóthaí Comhshaoil agus don Gheilleagar Ciorclach

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht

D’fhormheas na hairí conclúidí i ndáil leis an 16ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP16), a bheidh ar siúl in Cali (an Cholóim) ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2024.

Sna conclúidí uaithi, athdhearbhaíonn an Chomhairle na gealltanais a tugadh in 2022 faoi Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal: aon trian den phláinéad a chosaint le haghaidh an dúlra faoi 2030 agus an dúlra a chur ar bhealach an téarnaimh ar mhaithe le daoine agus leis an bpláinéad.

Chomhaontaigh na hairí gur bagairt dhomhanda eiseach don chine daonna é cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta agus go bhfuil gá le hathrú ó bhonn chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. I bhfianaise an mhéid sin, cuireann an Chomhairle béim ar a phráinní atá sé an Creat Domhanda Bithéagsúlachta a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.

D’athdhearbhaigh na hairí freisin go bhfuil siad tiomanta slógadh acmhainní a chur chun cinn agus bailchríoch a chur ar an sásra iltaobhach maidir le rochtain chóir chothrom ar na tairbhí a bhaineann le húsáid faisnéise faoi sheichimh dhigiteacha i ndáil le hacmhainní géiniteacha agus maidir le comhroinnt chóir chothrom na dtairbhí sin.

<p>István Nagy, Aire Talmhaíochta na hUngáire</p>

Dhá bhliain ó shin, chomhaontaíomar an tríú cuid de thailte, d'uisce agus d'fharraigí an phláinéid seo a chosaint faoi 2030. Beidh an rath a bheidh orainn ag brath ar ghníomhaíocht ghasta agus ba cheart é a thomhas go críochnúil trí fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta againn. Ina theannta sin, ba cheart an bhithéagsúlacht a bheith i láthair ar fud na mbeartas agus na n-earnálacha uile: bímid ag brath uirthi le haghaidh leighis, fuinnimh, aer glan agus uisce agus cosnaíonn sí sinn ar thubaistí nádúrtha.

<p>István Nagy, Aire Talmhaíochta na hUngáire</p>

István Nagy, Aire Talmhaíochta na hUngáire

An conradh domhanda maidir le plaistigh

Bhí seisiún tuairimíochta ag airí comhshaoil an Aontais freisin in oirchill an chúigiú seisiún den Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasach (INC-5), a bheidh ar siúl in Busan (Poblacht na Cóiré) an 25 Samhain go dtí an 1 Nollaig 2024. Chuir Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe de chúram ar an gcoiste sin ionstraim idirnáisiúnta a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí a fhorbairt maidir le truailliú plaisteach.

Chuir na hairí treoir pholaitiúil ar fáil d’Uachtaránacht na hUngáire agus shainigh siad an bealach chun cinn i dtreo conradh rathúil, uaillmhianach agus éifeachtach a ghlacadh ag INC-5. Go háirithe, shainaithin na hairí réimsí solúbthachta agus cóineasaithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun conradh éifeachtach a chinntiú lena gcoinneofar leibhéal leordhóthanach uaillmhéine sa chomhrac i gcoinne an truaillithe phlaistigh agus cur chuige réalaíoch á ghlacadh ag an am céanna.

Straitéis ceimiceán an Aontais

Bunaithe ar an nóta cúlra a d’ullmhaigh Uachtaránacht na hUngáire agus ar an eolas a chuir an Coimisiún ar fáil, rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme straitéis ceimiceán an Aontais agus chuir siad treoir ar fáil maidir leis na chéad chéimeanna eile. Leag na hairí béim ar shuntasacht na straitéise ceimiceán um an inbhuanaitheacht ar chlár oibre polaitiúil an chéad timthrialla pholaitiúil eile, d’fhonn sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.

Pléadh ábhair ar nós tosaíocht a thabhairt d’aon ghníomhaíochtaí nár cuireadh chun feidhme go fóill, an t-athbhreithniú ar Rialachán REACH san áireamh, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le ‘buancheimiceáin’ (PFAS go príomha), feabhas a chur ar rialachas agus ar mhaoiniú na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) agus bealaí a shainaithint chun dlús a chur le cur chun feidhme na straitéise ceimiceán. Thagair roinnt airí freisin don ghá atá le toirmeasc a chur ar onnmhairiú ceimiceán guaiseach.

Léaráid – Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí
Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí (Grafaic faisnéise)

Straitéis ceimiceán an Aontais ar mhaithe le timpeallacht atá níos inbhuanaithe agus saor ó thocsainí (Grafaic faisnéise)

Gnó eile

Faoi ’aon ghnó eile’, thug an Uachtaránacht agus an Coimisiún tuairisc ar thoradh an 69ú cruinniú den Choimisiún Idirnáisiúnta um Sheilg Míolta Móra (IWC69), a bhí ar siúl i Líoma (Peiriú) ón 23 go dtí an 27 Meán Fómhair 2024.

Lón neamhfhoirmiúil maidir le tuarascáil Draghi

Le linn an lóin, phléigh na hairí na gnéithe a bhaineann leis an mbeartas aeráide agus comhshaoil i dtuarascáil Draghi.

Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis an gcaoi is fearr a rannchuideodh moltaí na tuarascála le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais. Rinne siad machnamh freisin ar an gcaoi ar féidir leis an tuarascáil cabhrú leis na beartais a bheidh ag an Aontas amach anseo a mhúnlú, creat beartais aeráide 2040 agus an chiorclaíocht san áireamh.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha, an treoir maidir le cáilíocht an aeir agus na conclúidí ón gComhairle i ndáil le gaineamhlú, díghrádú talún agus triomach ina measc.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2025