Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 29-30 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

Oideachas agus an Óige, an 29 Samhain 2021

Spás poiblí na nÓg

Spás poiblí na nÓg – tá brú ar na háiteanna sin a éascaíonn rannpháirtíocht fhóinteach na n-óg sa tsochaí – áiteanna amhail an t-ionad ógra, na cumainn agus tionól na n-óg. Go pointe áirithe, tá baint ag paindéim COVID-19 leis seo óir is minic gurb é an spás poiblí ar líne an t-aon rogha mhalartach.

Tá an spás poiblí ríthábhachtach chun deis a thabhairt don óige páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus beartais a mhúnlú a dhéanann difear dóibh. Ós amhlaidh atá, phléigh na hairí óige bearta chun cosaint agus tacaíocht a thabhairt do spás poiblí na n-óg. Chuir na hairí in iúl freisin go raibh imní orthu faoi ról na n-uirlisí agus na bhfóram digiteacha. Cé go dtig leo an óige a shlógadh, feasacht a mhúscailt agus faisnéis a roinnt, baineann rioscaí amhail imeaglú, cinsireacht ar líne agus faireachas digiteach leo chomh maith.

Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine
Is bocht an scéal é; tá brú ar spás poiblí na n-óg, ar na háiteanna sin a mbíonn deis acu engagé a dhéanamh leis an tsochaí. Ní mór dúinn an scéal sin a athrú toisc gurb é an spás poiblí a thugann an deis don óg a gcearta chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhlachais agus saoirse comhthionóil a fheidhmiú. Sin é an fáth ar chomhaontaíomar tacú le heagraíochtaí i réimse na hóige agus teagmháil níos mó a dhéanamh le daoine óga agus beartais á gceapadh againn.
Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine
Simona Kustec, Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine

Anuas air sin, d'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le spás poiblí don óige a chosaint agus a chruthú lena n-éascaítear rannpháirtíocht fhóinteach na hóige. Tá iarrtha ag an gComhairle ar na Ballstáit an spás poiblí don óige a chaomhnú agus a leathnú agus bearta a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag an óige ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus a mbíonn níos lú deiseanna acu, go háirithe iad siúd ó cheantair iargúlta agus ó cheantair thuaithe agus iad siúd atá faoi mhíchumas, ar an spás sin agus go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh ann. Iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún freisin cistiú struchtúracha a choimeád d'eagraíochtaí óige.

An fhoghlaim chumaisc

Ghlac an Chomhairle moladh maidir le cuir chuige foghlama cumaisc chun an sprioc i ndáil le bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán a bhaint amach. I gcaitheamh na paindéime, chuaigh go leor daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí i dtaithí ar an scolaíocht baile agus ar an gcianfhoghlaim.

Cé gur léirigh an lucht múinteoireachta scileanna nuálacha suntasacha le linn dóibh cuir chuige nua a ghlacadh, tá roinnt dúshlán, amhail nascacht easnamhach agus bonneagar easnamhach digiteach, tagtha chun solais chomh maith. Cuirtear chun cinn leis an moladh bearta gearrthéarmacha mar fhreagairt dhíreach ar an ngéarchéim chomh maith le gníomhaíochtaí fadtéarmacha chun cuir chuige foghlama cumaisc a chur chun cinn; tá an moladh seo bunaithe ar a bhfuil foghlama againn ón ngéarchéim.

D'fhormheas na hairí freisin rúin maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach don tréimhse 2021-2030 agus maidir le struchtúr rialachais an chreata straitéisigh don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint. Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí oideachais maidir leis an idirphlé struchtúrtha i ndáil le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha (a sheol an Coimisiún Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2021).

Ag an seisiún a bhí ag airí na hóige, d'fhormheas siad rún chun a chinntiú go dtabharfaidh na geallsealbhóirí ábhartha aitheantas do thorthaí an 8ú timthriall d'idirphlé Óige an Aontais agus go ndéanfaidh siad obair leantach ina leith. Maidir le Straitéis Óige an Aontais (2019-2021), d'fhormheas siad conclúidí maidir lena cur chun feidhme. D'fhormheas siad rún maidir le Plean Oibre do Straitéis Óige an Aontais don tréimhse 2022-2024.

Gnó eile

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an oideachas agus ar an oiliúint; thug sí tuairisc freisin ar ráiteas comhpháirteach ó na hairí oideachais maidir le staid cheart na mban chun oideachais san Afganastáin. Thar ceann thíortha Benelux agus na Stát Baltach, chuir an Bheilg agus an Liotuáin na hairí ar an eolas faoin gConradh maidir le huathaitheantas frithpháirteach de cháilíochtaí ardoideachais.

Anuas air sin, chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar an óige agus chuir sí na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar an bplé ag cruinniú céadphroinne neamhfhoirmiúil an Fhóraim don Óige.

Thug toscaireacht de chuid uachtaránacht inteachta na Fraince tuairisc ar a gclár oibre maidir le hoideachas agus leis an óige.

Cultúr, Closamharc agus Spórt, an 30 Samhain 2021

Infhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán

Is mór a d'fhulaing na hearnálacha Eorpacha closamhairc agus meán le linn phaindéim COVID-19. In 2020, bhí titim idir 70% agus 80% in ioncam na n-oifigí ticéad do phictiúrlanna. Mar sin féin, tá méadú mór tagtha ar an éileamh ar shíntiúis ar líne le haghaidh seirbhísí físeáin ar éileamh.

Ós rud é go bhfuil infhaighteacht ábhair Eorpaigh closamhairc agus meánbunriachtanach do shláinte earnáil Eorpach na meán, d'fhormheas an Chomhairle conclúidí chun treoirlínte a chur ar fáil maidir le conas a ráthú go mbeidh fáil níos forleithne ar ábhar Eorpach.

Ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe tá infhaighteacht níos fearr ar ábhar bunaidh i leaganacha teanga éagsúla a spreagadh, uirlisí margaíochta éifeachtúla agus straitéisí lucht féachana scannán a chur chun cinn, infhionntacht ábhair chruthaithigh ar líne i dteangacha uile an Aontais a fheabhsú agus a éascú agus méadú ar líon na saothar closamhairc Eorpach a spreagadh i gcatalóga ar éileamh.

Vasko Simoniti, Aire Cultúir na Slóivéine
Gach lá, baineann saoránaigh den Aontas sult as a bheith ag féachaint ar shraitheanna, scannáin agus cláir theilifíse Eorpacha den scoth. Mar sin féin, tá tionchar mór ag an bpaindéim agus ag treochtaí eile ar an earnáil Eorpach closamhairc agus meán. Sin é an chúis a bhfuil bearta comhaontaithe againn chun borradh a chur faoin earnáil agus chun ábhar Eorpach ó thíortha éagsúla agus i dteangacha éagsúla a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne.
Vasko Simoniti, Aire Cultúir na Slóivéine
Vasko Simoniti, Aire Cultúir na Slóivéine

Ailtireacht ardcháilíochta agus Bauhaus Nua Eorpach

Tar éis na hóráide ar Staid an Aontais a thug an tUachtarán Ursula von der Leyen i mí Mheán Fómhair, ina ndúirt sí gurb é tionscnamh Bauhaus Nua Eorpach (NEB) ‘croí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’, d'fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an Bauhaus Nua Eorpach.

Léiríonn an tionscnamh sin uaillmhian an Aontais áiteanna, táirgí agus bealaí maireachtála atá álainn, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú. Cuireann sé stíl nua mhaireachtála chun cinn lenar rud faiseanta í an inbhuanaitheacht. Ar an dóigh sin, cuirtear dlús leis an aistriú glas in earnálacha éagsúla dár ngeilleagar amhail tógáil, troscán, faisean agus inár sochaithe chomh maith le réimsí eile dár saol laethúil.

Sna conclúidí uaithi a glacadh, iarrann an Chomhairle ar chuid den lucht ceaptha bearta – ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an Aontais araon – príomhshruthú a dhéanamh ar Bauhaus Nua Eorpach agus ar phrionsabail agus cuir chuige an gheilleagair chiorclaigh sna straitéisí náisiúnta socheacnamaíocha agus críochacha agus sineirgí a éascú idir réimsí beartais ábhartha agus próisis eile amhail an Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa.

Samhail Spóirt Eorpach

D'fhormheas an Chomhairle rún maidir leis na príomhghnéithe de Shamhail Spóirt Eorpach. I measc na ngnéithe sin tá struchtúr pirimideach, spórt eagraithe faoi chuimsiú struchtúr náisiúnta agus cónaidhm amháin in aghaidh an spóirt, dlúthpháirtíocht le leibhéil spóirt ar leibhéal níos ísle agus comórtais oscailte a chur chun cinn.

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar na Ballstáit luachanna sa spórt agus in eagraíochtaí spóirt a chur chun cinn agus ag iarraidh ar an ngluaiseacht spóirt a chinntiú go gcomhlíonfaidh eagrú na gcomórtas spóirt prionsabal na hoscailteachta, go dtabharfaidh sé tús áite d'fhiúntas an spóirt agus go n-urramóidh sé cearta bunúsacha agus cearta an duine.

Sa seisiún a bhí acu, d'fhormheas na hairí freisin conclúidí maidir le gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil agus bhí malartú tuairimí acu maidir le déghairmeacha lúthchleasaithe.

Gnó eile

Thuairiscigh toscaireacht na Fionlainne faoi ainmniú Oulu mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa do 2026. Chuir toscaireacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoi Leabhar Glas a dhréachtú maidir le bainistiú inbhuanaithe na hoidhreachta cultúrtha. Chuir an Phortaingéil smaointe i láthair maidir leis an mbealach chun cinn a mhéid a bhaineann le stádas gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha agus gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Chuir an Iodáil aireacht cultúrtha G20 agus Dearbhú na Róimhe ó airí cultúir G20 i láthair. Mhol an Rómáin go n-iarrfaí ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh chun 2023 a dhéanamh ina bliain Eorpach le haghaidh athléimneacht tríd an gcultúr.

Thug an Coimisiún tuairisc ar théarnamh earnáil an chultúir tar éis phaindéim COVID-19 agus ar threoir chistiúcháin agus uirlis ghréasáin CulturEU – deiseanna cistiúcháin 2021-2027 ón Aontas d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Chuir ionadaí Bhallstáit an Aontais ó fhoireann na dtrí Uachtaránacht reatha ar Bhord Forais WADA na hairí ar an eolas faoin gcruinniú a bhí ag an gCoiste Feidhmiúcháin agus an Bord Forais an 24 agus an 25 Samhain 2021. Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi thionchar phaindéim COVID-19 ar an spórt.

Chuir toscaireacht de chuid uachtaránacht inteachta na Fraince eolas ar fáil faoina gclár oibre maidir le cultúr, closamhairc, meán agus spórt.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025