Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí oideachais, 16 Márta 2022

Na príomhthorthaí

D’fhreastail airí oideachais na hEorpa, i láthair Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, ar fhíschomhdháil faoi chathaoirleacht Aire Oideachais Náisiúnta na Fraince, Jean-Michel Blanquer, an 16 Márta chun tuairimí a mhalartú maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach cúnamh nithiúil a chur ar fáil do dhaltaí, do mhúinteoirí agus d’fhoireann oideachais na hÚcráine.

Ón 24 Feabhra i leith, tá níos má ná trí mhilliún Úcránach tar éis an Úcráin a fhágáil, agus leanaí a leath acu. I bhfianaise mhórphlódú na ndídeanaithe, tá freagairt chomhordaithe ó na hairí oideachais á cur ar bun.

Ar chuireadh ón Uachtaránacht, chuir Aire Oideachais agus Eolaíochta na hÚcráine, Sherhiy Shkarlet, tús leis an gcruinniú.

Chuir airí oideachais na hEorpa in iúl a ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus, go sonrach, le leanaí agus foireann oideachais na hÚcráine trí chéile.

Cé go bhfuil limistéar oideachais na hEorpa á neartú, ní mór fíor-chomhordú Eorpach a bhunú chun malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, freagairt chomhpháirteach a thabhairt ar mhaithe le scolaíocht leanaí na hÚcráine san Aontas.

Agus fonn orthu an nasc idir na leanaí sin agus a dtír a chothú, is mian leis na 27 n-aire réitigh shaincheaptha a mholadh i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hAireacht Oideachais na hÚcráine.

Phléigh na Ballstáit agus an Coimisiún comhar níos dlúithe idir na húdaráis náisiúnta chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar thionscnaimh d’fhonn aireachtaí uile an Aontais a nascadh le chéile a luaithe is féidir.

  • An chéad sraith oibre: dírítear ar ábhar digiteach oideachasúil a chomhthiomsú agus a chomhroinnt chun leanúnachas san oideachas a éascú san Úcráin agus san Aontas Eorpach.

  • An dara sraith oibre: d’fhonn dea-bhail na leanaí ar scoil a chinntiú agus tacú leis na múinteoirí atá ag glacadh freagracht astu le linn géarchéime, chomhaontaigh na tíortha freisin gur gá socruithe coiteanna a chur i bhfeidhm chun fáiltiú roimh dhaltaí Úcránacha. Cumhdóidh an tsraith seo na dea-chleachtais oideachais maidir le haghaidh a thabhairt ar an staid san Úcráin sa seomra ranga.

  • An tríú sraith oibre: agus úsáid á baint as an taithí a fuarthas le linn na géarchéime sláinte ó thaobh na cianfhoghlama de, beidh na Ballstáit in ann obair a dhéanamh chun an leas is fearr a bhaint as na hardáin atá ann cheana.

Bainfear leas as an gclár r-Nascadh freisin chun tacú le múinteoirí.

Tiocfaidh na hairí le chéile an 5 Aibreán ag Comhairle na n-airí oideachais i Lucsamburg chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leo leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin i dteannta a chéile.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025