"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa tír agus na caismirtí foréigneacha atá ar siúl idir Fórsaí Armtha na Súdáine (SAF) agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta (RSF) ón 15 Aibreán. Chuir an tArdionadaí béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcogaíocht agus go bhfillfí ar an gcaibidlíocht réigiúnach, agus thug sí tuairisc ar aslonnú fhoireann agus shaoránaigh an Aontais.
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus plean gníomhaíochta an Aontais maidir lena hiarmhairtí geopholaitiúla
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin.
Ag tús an phlé a bhí ag an gComhairle, labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, le hairí an Aontais trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi thosaíochtaí agus riachtanais mhíleata na hÚcráine, go háirithe ó thaobh armlón agus diúracán de.
Teastaíonn an tsíocháin uainn go léir, ar an gcéad dul síos.agus thar aon ní eile ó mhuintir na hÚcráine. Ach ní mór di bheith ina síocháin chóir. Go dtí sin leanfaimid de bheith ag tacú le cosaint na hÚcráine.
Le déanaí, chuir an tSín, agus an Bhrasaíl freisin, roinnt smaointe chun cinn maidir leis an tsíocháin. Le haghaidh iarrachtaí inchreidte, macánta síochána ní mór labhairt freisin le Cív agus dul ann chun an fogha a fheiceáil trí shúile na ndaoine atá á mbuamáil.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir gur éascaigh an tAontas agus a Bhallstáit cheana féin breis agus€13 bhilliún de thacaíocht mhíleata a chur ar fáil. Chuir sé na hairí ar an eolas freisin maidir le tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin i gcomhthéacs an phlean trí raon chun aon mhilliún babhta d’armlón airtléire a chur ar fáil don Úcráin, bíodh sé sin ó stoic atá ann cheana nó arna soláthar go comhpháirteach.
Go dtí seo, tá an chéad raon curtha i bhfeidhm ag an Aontas trí bheart cúnaimh a ghlacadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú billiún euro é, a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin. Ina theannta sin, tá bailchríoch á cur ag Ballstáit an Aontais ar an obair maidir leis an dara raon chun soláthar comhpháirteach a éascú. Ar deireadh, leis an tríú raoncuirfidh an Coimisiún Eorpach tograí nithiúla i láthair go luath maidir le conas dlús a chur le hacmhainneacht táirgthe cosanta na hEorpa.
Cuireadh na hAirí ar an eolas freisin faoi ghníomhaíochtaí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais chun tacú leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a sháraigh a sprioc tosaigh cheana féin trí oiliúint a chur ar os cionn 16 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine. Tá sé mar aidhm ag an Aontas 30 000 saighdiúir san iomlán a oiliúint faoi dheireadh 2023.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ansin cur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le hiarmhairtí geopholaitiúla fogha na Rúise.
Is ionstraim thábhachtach é sin lena leagtar amach straitéis an Aontais chun a rannpháirtíocht dhéthaobhach a mhéadú leis na príomh-chomhpháirtithe ina gharchomharsanacht, san Áise, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach. Is é is aidhm don phlean comhpháirtíochtaí an Aontais a neartú ar fud an domhain trí rannpháirtíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch, agus trí úsáid lárnach a bhaint as tionscnamh na Tairsí Domhanda.
Malartú neamhfhoirmiúil le hAire Gnóthaí Eachtracha na Seoirsia
Bhí malartú neamhfhoirmiúil ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le linn an lóin le hAire Gnóthaí Eachtracha na Seoirsia, Ilia Darchiashvili, ag díriú ar pheirspictíocht Eorpach na Seoirsia agus ar an ngá atá lena daonlathas a neartú.
Deimhníodh sa phlé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an tSeoirsia i roinnt mhaith athchóirithe tábhachtacha, agus cuireadh i bhfios go láidir gur gnéithe tábhachtacha iad an smacht reachta, cearta an duine, na meáin, an tsochaí shibhialta agus institiúidí neamhspleácha stáit do gach tír ar mian léi teacht isteach san Aontas.
Cúrsaí reatha
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha na Moldóive agus tháinig sí ar chomhaontú maidir le trí bheart nithiúla chun tacú leis an tír:
— bhunaigh an Chomhairle misean nua comhpháirtíochta sibhialtach CBSC ón Aontas a neartóidh struchtúir bainistithe géarchéime na Moldóive agus a chuirfidh lena hathléimneacht i leith bagairtí hibrideacha
— tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ginearálta maidir le creat nua do smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine sin a dhíchobhsaíonn an tír agus - chomhaontaigh an Chomhairle €40 milliún breise a leithdháileadh ón tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le cumais chosanta na Moldóive
Maidir leis an tSín, chuir an tArdionadaí in iúl go bhfuil réimsí ann ina dtagann leasanna an Aontais agus na Síne le chéile agus nach mór dóibh oibriú le chéile, e.g. chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, bainistiú fiachais agus sláinte dhomhanda. Chuir sé i bhfios go láidir freisin go bhfuil an tAontas ag súil go ngníomhóidh an tSín chun rialacha agus noirm idirnáisiúnta a chosaint, ina n-iomláine agus ní go roghnach, go háirithe maidir le cogadh neamhdhleathach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
D’fháiltigh an tArdionadaí roimh an ráiteas inar fhág an tSín í féin ó ráitis dho-ghlactha a hambasadóra go Páras, ráiteas a bhí i gcodarsnacht leis an aitheantas a thug an tSín don Úcráin — lena n-áirítear leis an gCrimé — in 1991.
Cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an Aetóip agus ghlac sí bearta sriantacha i gcoinne an mhéid seo a leanas:
— sáruithe ar chearta an duine san Iaráin — trádáil drugaí a théann chun tairbhe réimeas na Siria — daoine agus eintitis atá cleamhnaithe le ISIL agus atá ag feidhmiú i réigiún Cabo Delgado i Mósaimbíc
Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle gan phlé na míreanna ar an liosta de na míreanna neamhreachtacha ‘A’ .
Treoir maidir le trédhearcacht pá
Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun idirdhealú pá a chomhrac agus chun an bhearna phá idir na hinscní san Aontas a dhúnadh.
Faoin treoir maidir le trédhearcacht pá, beidh sé de cheangal ar chuideachtaí an Aontais faisnéis a roinnt faoin méid a íocann mná agus fir as obair ar comhionann a luach, agus gníomhú má tá a mbearna phá idir na hinscní os cionn 5%. Cuimsítear sa treoir nua freisin forálacha maidir le cúiteamh d’íospartaigh idirdhealaithe pá agus pionós, fíneálacha, d’fhostóirí a sháraíonn na rialacha ina measc.
Ghlac an Chomhairle an gníomh reachtach lena réitítear an bealach do Bhliain Eorpach Scileanna don tréimhse an 9 Bealtaine 2023 go dtí an 8 Bealtaine 2024.
Is é cuspóir foriomlán na Bliana Eorpaí meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn. Is é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas chuideachtaí na hEorpa agus poist ardcháilíochta a chruthú. Má dhírímid ar athsciliú agus uas-sciliú, cuideoidh sin le bearnaí agus ganntanais scileanna a dhúnadh freisin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.