Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20 Márta 2023

Na príomhthorthaí

An Úcráin

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin.

Roimh an bplé sa Chomhairle, thug Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, aitheasc gearr d’airí an Aontais trí fhíschomhdháil, agus thug sé cothrom le dáta iad maidir lenar tharla ar an láthair le déanaí agus maidir le tosaíochtaí míleata na hÚcráine, go háirithe an géarghá atá aici le harmlón.

I seisiún comhpháirteach inar tugadh airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais le chéile, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an togra trí rian a mhol an tArdionadaí agus an Coimisinéir Breton armlón airtléire a chur ar fáil don Úcráin go práinneach, bíodh sé sin as stoic arb ann dóibh cheana nó as stoic a sholáthrófaí go comhpháirteach.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Inniu, dhearbhaigh an Chomhairle go n-aontaíonn sí leis an gcur chuige trí rian sin. Tá an cinneadh seo tábhachtach mar gheall ar an uaillmhian a léirítear leis — cloífimid le spriocdhátaí an-daingean toisc gurb é is aidhm dúinn milliún urchar a chur ar fáil in aon bhliain amháin — a raon feidhme — cuirfimid ar fáil iad as stoic arb ann dóibh cheana agus trí tháirgí nua a sholáthar go comhpháirteach — agus a luach airgid — táimid ag caint faoi aisíocaíocht ar fiú €2 bhilliún í. [...] D’aontaigh an Chomhairle freisin féachaint le €3.5 bhilliún a chur le cumas airgeadais foriomlán na Saoráide Eorpaí Síochána.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ar imeall an chruinnithe, shínigh 17 mBallstát de chuid an Aontais agus an Iorua socrú thionscadal na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) le haghaidh soláthar comhoibríoch armlóin chun cabhrú leis an Úcráin agus chun stoc-chairn náisiúnta na mBallstát a athshlánú.

Phléigh an Chomhairle foirmle síochána an Uachtaráin Zelenskyy ansin. Chuir an Chomhairle in iúl go dtacaíonn sí leis an Úcráin agus le comhpháirtithe eile agus leanfaidh sí de bheith i mbun for-rochtain leis an Úcráin agus le comhpháirtithe eile chun an plean sin agus síocháin chóir a chur chun cinn.

Maidir leis an gcuntasacht, phléigh na hairí cinneadh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta barántas gabhála a eisiúint don Uachtarán Putin i ndáil le coir líomhnaithe an díbeartha leanaí as an Úcráin chuig an Rúis. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag obair chun iad siúd ag a bhfuil baint le díbirt leanaí a shainaithint, agus aidhm aici bearta sriantacha breise a ghlacadh.

Ar deireadh, phléigh na hairí Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe, ar cuireadh síneadh leis díreach roimh chruinniú na Comhairle, agus leag siad béim ar rannchuidiú suntasach an Aontais leis na hiarrachtaí chun tacú le honnmhairiú bhia na hÚcráine trí na lánaí dlúthpháirtíochta.

An Túinéis

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir lena bhfuil ag tarlú sa Túinéis.

Is dlúthpháirtí agus comharsana de chuid an Aontais í an Túinéis, agus bíonn tionchar láithreach ag a dtarlaíonn sa tír sin ar an Aontas Eorpach ó thaobh éagobhsaíocht réigiún na Meánmhara de.

Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil sí toilteanach i gcónaí tacú le muintir na Túinéise ach leag sí béim ar a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar shaincheist an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine sa tír sin. D’athdhearbhaigh sí freisin go bhfuil sé fíor-riachtanach go leanfadh ceannaireacht na Túinéise leis na hathchóirithe struchtúracha agus le bailchríoch a chur ar an gclár a comhaontaíodh cheana leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Leanfaidh an Chomhairle de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcás agus chuir an tArdionadaí de chúram ar bheirt chomhaltaí den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha taisteal go dtí an Túinéis chun an staid a mheas agus chun bealaí chun cinn a mholadh.

Cúrsaí Reatha

Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar ochtar daoine aonair agus ar eintiteas amháin atá freagrach as sáruithe chearta an duine san Iaráin, rud a chomhlánódh na pacáistí smachtbhannaí a forchuireadh roimhe seo agus a glacadh ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 i leith.

Chuir an tArdionadaí airí an Aontais ar an eolas faoin gcomhaontú ar thángthas air in Ohrid i gcomhthéacs an chruinnithe ardleibhéil is déanaí den Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine. Mar chloch mhíle thábhachtach sa phróiseas chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv* a normalú, chomhaontaigh na páirtithe an iarscríbhinn cur chun feidhme a ghabhann leis an gcomhaontú a glacadh ag an gcruinniú ardleibhéil roimhe seo a bhí ar siúl sa Bhruiséil an 27 Feabhra.

* Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

An Compás Straitéiseach

I seisiún comhpháirteach, rinne airí gnóthaí eachtracha agus cosanta an Aontais a marana ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le Compás Straitéiseach an Aontais a chur chun feidhme, anois agus é bliain amháin ó formheasadh é.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinneadh i ngach ceann de na ceithre cholún, agus shainaithin siad réimsí ar gá tuilleadh oibre a dhéanamh ina leith.

Compás ar chúlra gorm. Léiríonn an ghrafaic faisnéise seo gach a bhfuil bainte amach in aon bhliain amháin ó seoladh an compás straitéiseach.
Bliain ar an bhfód don Chompás Straitéiseach: measúnú (Grafaic faisnéise)

Bliain ar an bhfód don Chompás Straitéiseach: measúnú (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025