Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 17-18/11/2015, 17-18 Samhain 2015

Na príomhthorthaí

Chuir an Chomhairle tús leis an obair ullmhúcháin don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 17-18 Nollaig 2015, bunaithe ar dhréachtchlár oibre anótáilte. "Chuireamar tús leis an obair ullmhúcháin inniu don chéad Chomhairle Eorpach eile a bheidh ar siúl trí shúil a chaitheamh ar na sé shaincheist a n-iarrfar ar cheannairí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu. Áirítear ar na saincheisteanna sin an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta tar éis na n-ionsaithe a rinneadh i bPáras; an imirce, a mbeidh an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cur chun feidhme na gcinntí a rinneadh cheana á measúnú ag na Ceannairí Stáit agus Rialtais; tuarascáil na nUachtarán maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chomhlánú; comhlánú an mhargaidh aonair; pleananna na Ríochta Aontaithe le haghaidh reifrinn; agus an caidreamh leis an Rúis agus an cás san Úcráin", a dúirt Jean Asselborn, Aire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle.

Bhí sé mar thosaíocht ag Uachtaránacht Lucsamburg tús a chur leis an idirphlé polaitiúil maidir leis an smacht reachta. Tá lúcháir orm go bhfuil Uachtaránacht nua na hÍsiltíre tiomanta do leanúint leis na hiarrachtaí sin agus d'fhorbairt a dhéanamh ar an bplé a rinneadh inniu. Jean Asselborn, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg

Thionóil na hAirí an chéad idirphlé bliantúil faoin smacht reachta, a bunaíodh i mí na Nollag 2014. Phléigh siad an taithí a bhí acu maidir leis na dúshláin sa réimse sin agus an bealach is fearr le freagairt do na dúshláin sin. Thug na hAirí aghaidh go sonrach ar shaincheist an smachta reachta sa ré dhigiteach freisin. "Bhí sé mar thosaíocht ag Uachtaránacht Lucsamburg tús a chur leis an idirphlé polaitiúil maidir leis an smacht reachta", arsa Jean Asselborn, agus an méid a leanas á rá aige: "Tá lúcháir orm go bhfuil Uachtaránacht nua na hÍsiltíre tiomanta do leanúint leis na hiarrachtaí sin agus d'fhorbairt a dhéanamh ar an bplé a rinneadh inniu."

Thug na hAirí dá n-aire freisin an plé leanúnach atá á dhéanamh maidir le comhaontú idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún lena mbeartaítear feabhas a chur ar an mbealach ina ritheann an tAontas reachtaíocht. Áirítear ar cheann de phríomhaidhmeanna an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir le rialáil níos fearr a áirithiú go mbainfear cuspóirí reachtaíocht agus beartais an Aontais amach ar an gcostas is ísle. Tá mar aidhm ag na trí institiúid teacht ar chomhaontú faoi dheireadh na bliana.

Beartas comhtháthaithe

Thug an Uachtaránacht cuireadh do na hAirí atá freagrach as an mbeartas comhtháthaithe freastal ar chruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, ina ndíreofar ar na saincheisteanna seo a leanas:

Tá an beartas comhtháthaithe ar cheann de na príomhbhealaí ina bhféadfaidh an tAontas cabhrú le geilleagar glas. Camille Gira, Státrúnaí Lucsamburg

Ghlac an Chomhairle conclúidí i bhfianaise chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aeráid a bheidh ar siúl i bPáras i mí na Nollag. Baineann na conclúidí sin leis an gcabhair a fhaightear ón mbeartas comhtháthaithe, agus níos coitinne, ó chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa 2014-2020 chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin. "Tá an beartas comhtháthaithe ar cheann de na príomhbhealaí ina bhféadfaidh an tAontas cabhrú le geilleagar glas. Thar an tréimhse 2014-2020, le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, cuirfear EUR 110 billiún ar fáil do bhearta a bhaineann leis an aeráid, agus úsáidfear EUR 45 billiún de chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin", a dúirt Camille Gira, Státrúnaí Lucsamburg don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do Bhonneagar agus Uachtarán na Comhairle.

Ghlac an Chomhairle conclúidí agus aird á tabhairt ar 25 bliana taithí a fuarthas ó bunaíodh an comhar críochach Eorpach, ar a dtugtar Interreg, agus ar an méid a chuireann Interreg leis an mbeartas comhtháthaithe. Pléadh freisin an breisluach a chuireann Interreg le foghlaim cultúrtha agus institiúideach trasna na dteorainneacha.

Ghlac sí conclúidí freisin ina leagtar amach tosaíochtaí na mBallstát agus an méid a bhfuil súil acu leis ó thaobh cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa a shimpliú, atá ina dhúshlán buan do na tairbhithe agus do na comhlachtaí uile atá rannpháirteach i mbainistiú agus rialú clár.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025