Skip to content

An tSlándáil Mhuirí

Cosnaíonn an tAontas a leasanna, a shaoránaigh agus a luachanna, agus tugann sé aghaidh ag an am céanna ar dhúshláin slándála, mar shampla ionsaithe ar bhonneagar faoi uisce, cibearbhagairtí agus rioscaí a bhaineann leis an scáthchabhlach.

Farraigí sábháilte slána

Tá an tAontas tiomanta a chinntiú go mbeidh na farraigí slán sábháilte sa tslí is go gcosnófar a leasanna, a shaoránaigh agus a gheilleagar. Ina theannta sin, mar gheall ar chastacht mhéadaitheach na mbagairtí muirí, idir ionsaithe ar bhonneagar faoi uisce agus chibearbhagairtí agus rioscaí a bhaineann leis an scáthchabhlach, ní mór freagairt chomhordaithe a bheith ann.

Tá beartas slándála muirí an Aontais bunaithe ar a straitéis slándála muirí, a glacadh den chéad uair in 2014 agus a nuashonraíodh in 2023. Ó shin, sheol an Coimisiún an ‘Comhshocrú Eorpach um an Aigéan’, ar straitéis chuimsitheach é chun an t-aigéan a chosaint, borradh a chur faoin ngeilleagar gorm agus tacú le pobail chósta. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an comhshocrú ar thángthas air an 8 Nollaig 2025, agus d’iarr sí go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta i réimsí mar an tslándáil mhuirí agus an chosaint mhuirí.

Cuireann an tAontas rialachas riailbhunaithe ar muir chun cinn freisin, i gcomhréir lena luachanna agus an dlí idirnáisiúnta, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige san áireamh. Chuige sin, comhoibríonn an tAontas le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha agus iltaobhacha a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá ag an Aontas, agus cuimsítear réimsí muirí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo sa chomhar sin.

Radharc maisithe faoi thoinn ina dtaispeántar míol mór ag léim as droim na mara, a eireaball le feiceáil faoin uisce agus sceireacha coiréil daite chun tosaigh.
Beartas muirí comhtháite

Beartas muirí comhtháite

Misin agus sócmhainní cabhlaigh an Aontais

Is soláthraí slándála muirí domhanda é an tAontas, agus is cuid lárnach de bheartais slándála agus chosanta an Aontais í an tslándáil mhuirí. Tá an tAontas tiomanta dá rannpháirtíocht mhuirí a neartú a thuilleadh, agus úsáid a bhaint as oibríochtaí cabhlaigh ATALANTA, IRINI agus ASPIDES faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) chuige sin.Tá sainorduithe na bhfórsaí cabhlaigh sin neartaithe go rialta ag an gComhairle freisin, agus béim á leagan go háirithe ar an bhfeasacht staide muirí, an faireachán a dhéantar ar ghníomhaíochtaí scáthchabhlaigh na Rúise san áireamh.

Faoi threoir an Chompáis Straitéisigh, tá an tAontas an-tiomanta oiliúint agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil dá chomhpháirtithe, an malartú faisnéise idir údaráis shibhialta agus mhíleata a fheabhsú agus córais oibríochtúla faireachais mhuirí agus teorann a neartú.

In 2021, thug an tAontas isteach coincheap nua na ‘láithreachtaí muirí comhordaithe’. Is uirlis í a bhfuil sé d’aidhm aici borradh a chur faoi rannpháirtíocht chomhchoiteann an Aontais maidir leis an tslándáil mhuirí tríd an úsáid is fearr a bhaint as sócmhainní cabhlaigh na mBallstát i réimsí a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas iontu. Faoi láthair tá sí in úsáid i Murascaill na Guine agus san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh.

Glacann an tAontas páirt i bhfreachnamh bliantúil slándála muirí ina mbíonn cabhlaigh agus gardaí cósta ó na Ballstáit páirteach chun an ullmhacht a neartú, idir-inoibritheacht a chothú agus dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn.

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata

Bonneagar criticiúil agus cibirionsaithe

Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an bonneagar criticiúil a chosaint sa réimse muirí, mar shampla píblíntegáis, cáblaí fomhuirí agus feirmeacha gaoithe amach ón gcósta.

Mar gheall ar na hionsaithe ar phíblínteNord Stream i Muir Bhailt in 2022, láithreacht neamhúdaraithe timpeall ar bhonneagar criticiúil sa Mhuir Thuaidh agus cibirionsaithe agus feachtais hibrideacha a tharlaíonn arís agus arís eile, ní mór don Aontas a ghníomhaíocht a threisiú agus a bhonneagar criticiúil a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal na talún agus faoi uisce. Chomh maith leis sin, de réir mar a théann an réimse muirí i ngleic leis an gclaochlú digiteach, tá méadú ag teacht ar a chastacht agus ar na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Chun an bonneagar criticiúil ar tír agus amach ón gcósta a dhéanamh níos athléimní, forbróidh an tAontas an méid seo a leanas:

  • teicneolaíochtaí nuálacha
  • pleananna comhair réigiúnacha le haghaidh faireachais
  • córais faireacháin idir-inoibritheacha gan foireann

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin plean gníomhaíochta 2025 an Aontais maidir le slándáil cáblaí, a chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí i láthair, agus mhol sí tuilleadh comhair a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

An 15 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle dearbhú chun bagairtí ó scáthchabhlach na Rúise a chomhrac. Tá rioscaí tromchúiseacha ag baint leis an scáthchabhlach, lena n-áirítear damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol chomh maith le rioscaí don tsábháilteacht agus an tslándáil mhuirí, do shláine na trádála idirnáisiúnta ar muir, do bhonneagar criticiúil faoin bhfarraige agus don urraim do rialacha agus do chaighdeáin mhuirí idirnáisiúnta. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle ar an Ardionadaí agus ar na Ballstáit comhordú a dhéanamh ar fhreagairtí ar bhagairtí ón scáthchabhlach.

Bagairtí hibrideacha

Bagairtí hibrideacha

Ordanáis neamhphléasctha

Ón chéad agus an dara cogadh domhanda, tá ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mar shampla déileáil le méideanna móra d’ordanás neamhphléasctha, armlón ceimiceach agus sceitheadh ola ó longa briste. Tá an fhadhb sin níos measa fós mar gheall ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rud a fhágann go bhfuil mianaigh sa Mhuir Dhubh.

I roinnt imchuach farraige, níl mórán eolais ar chineál, suíomh agus cainníocht an ordanáis sin. Fágann sé sin go bhfuil rioscaí suntasacha ann don tsábháilteacht agus an tslándáil mhuirí, toisc go mbíonn tionchar aige ar chosaint daoine agus an chomhshaoil, ar láithreáin fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.

Tá an tAontas tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin trí chur chuige cuimsitheach trí fheasacht ar an réimse muirí a mhúscailt agus uirlisí agus ionstraimí a fhorbairt chun cabhrú leis na rioscaí a mhaolú. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin plean an Choimisiúin i ndáil le straitéis chomhordaithe a fhorbairt a fhorbairt maidir le hordanáis neamhphléasctha a bhaint.

Coireacht mhuirí

Is dúshlán mór í an choireacht mhuirí ar fud an Aontais agus is bagairt shuntasach í ar an tslándáil mhuirí. I measc na gcoireanna atá i gceist tá:

  • píoráideacht
  • smuigleáil imirceach
  • gáinneáil ar dhaoine, airm agus támhshuanaigh
  • robáil armtha ar muir
  • iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialaithe
  • creachadh acmhainní muirí
  • taiscéalaíocht neamhúdaraithe i limistéir eacnamaíocha eisiacha

Is bagairt iad na coireanna sin don tsaoirse loingseoireachta agus cuireann siad mórbhealaí trádála i mbaol. Agus é ina sholáthraí slándála domhanda, tá an tAontas tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí bhearta coisctheacha a dhéanamh.

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Bealtaine 2025