Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 11 Deireadh Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

Ceartas

An ciníochas a chomhrac

Bhí plé ag na hairí ceartais faoi chur chun feidhme phlean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais. Glacadh an plean, an chéad phlean de chuid an Aontais, in 2020 agus tá níos mó ná 80 beart ann, i réimsí éagsúla; forfheidhmiú an dlí, oideachas, fostaíocht, tithíocht agus sláinte san áireamh, a ceapadh chun dlús a chur le gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas ar bhealach níos éifeachtaí san Aontas.

Thug na hairí aghaidh go háirithe ar na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme an phlean, mar shampla easpa sonraí iontaofa a bhaineann le tearcthuairisciú ar an gciníochas agus na gníomhaíochtaí breise ba cheart a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Thug siad aghaidh freisin ar an gcaoi a bhféadfadh comhlachtaí an Aontais cabhrú leis na Ballstáit an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Luaigh na hairí, i measc saincheisteanna eile, a thábhachtaí atá cistiú ar leibhéal an Aontais, dea-chleachtais a mhalartú agus cumais gníomhaithe áitiúla agus na sochaí sibhialta a fheabhsú.

Chuir Sirpa Rautio, stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, na hairí ar an eolas faoi na figiúirí agus na treochtaí is déanaí sa réimse sin san Aontas. Mheabhraigh an stiúrthóir go mbaineann taithí an chiníochais agus an fhuatha an bonn den mhuinín sa tsochaí, rud a dhíspreagann íospartaigh ó choireanna a thuairisciú agus go gcuirtear leibhéil arda fuathchainte ar líne ar shásraí modhnóireachta ardáin.

<p>Bence Tuczon, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire</p>

Bíonn tionchar an-diúltach ag an gciníochas ar shaol laethúil ár saoránach agus cuireann sé comhtháthú ár sochaithe i mbaol. Tugann an tAontas agus rialtais na mBallstát tús áite i gcónaí don obair chun an ciníochas a chomhrac toisc go bhfuil sé ríthábhachtach rathúnas agus sábháilteacht shaoránaigh na hEorpa a chinntiú.

<p>Bence Tuczon, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire</p>

Bence Tuczon, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Chuir an Uachtaránacht, an Coimisiún agus Eurojust na hairí ar an eolas maidir le hobair atá ar siúl i gcomhrac na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe. I measc na rudaí a thit amach le déanaí, seoladh – an 25 agus an 26 Meán Fómhair i mbliana – Líonra Breithiúnach Eorpach um an gCoireacht Eagraithe. Is toradh é an líonra sin ar na conclúidí ón gComhairle i mí an Mheithimh 2024. Cuireann sé mol saineolais speisialaithe ar fáil a thacaíonn le húdaráis bhreithiúnacha i réimse na coireachta eagraithe. Chun comhar breithiúnach le tíortha nach bhfuil san Aontas a neartú, thug Eurojust agus an Coimisiún faoi chleachtadh chun tíortha agus gníomhaíochtaí tosaíochta a shainaithint. Pléifidh meithleacha na Comhairle na chéad chéimeanna eile ar bhonn an chleachtaidh sin. Leag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí béim ar an ról atá aici a chinntiú go gcuirfear saincheisteanna a bhaineann le comhar breithiúnach san áireamh i bplé níos leithne le tríú tíortha ar leibhéal an Aontais.

Ar leibhéal an Aontais, leagtar amach sa Straitéis agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Drugaí 2021-2025 agus sa Straitéis chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 na dúshláin agus na gníomhaíochtaí sa réimse sin.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Thug an Uachtaránacht, an Coimisiún agus Eurojust an t-eolas is déanaí maidir lena bhfuil ag titim amach le déanaí a mhéid a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh arna ndéanamh i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, thacaigh an Chomhairle le comhordú agus le comhar idir na Ballstáit agus gníomhaithe idirnáisiúnta chun a chinntiú nach bhfanfaidh siad siúd a rinne coireanna idirnáisiúnta gan phionós.

Seoladh a lán tionscnamh tábhachtach mar shampla tá saineolaithe fóiréinseacha á seoladh ag na Ballstáit chuig an Úcráin, tá foireann chomhpháirteach imscrúdaithe á bunú maidir le coireanna líomhnaithe a rinneadh san Úcráin, tá bunachar sonraí fhianaise i leith na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí á fhorbairt ag Eurojust, tá Lárionad Idirnáisiúnta um ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin á bhunú ag Eurojust agus tá imscrúduithe náisiúnta á seoladh i dtaca le coireanna idirnáisiúnta a líomhnaítear a rinneadh san Úcráin.

An 9 Nollaig 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an tsaoirse ó phionós a chomhrac inar iarr na Ballstáit ar an Úcráin aontú do Reacht na Róimhe. Tá an t-aontachas sin ar siúl anois ó ghlac an Úcráin, an 24 Lúnasa 2024, pacáiste reachtach maidir lena haontachas leis an Reacht. Is é Reacht na Róimhe an conradh lenar bunaíodh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Rochtain ar cheartas a chothú i gcomhthéacs an smachta reachta agus an iomaíochais

Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le rochtain ar cheartas i gcomhthéacs an smachta reachta agus an iomaíochais, agus phléigh siad go háirithe na deiseanna atá ann do ghníomhaithe eacnamaíocha a bhfuil níos lú acmhainní agus acmhainní airgeadais acu, mar shampla FBManna, rochtain a fháil ar cheartas. Díríodh sa phlé ar conas trédhearcacht, inrochtaineacht agus infhaighteacht reachtaíochta agus faisnéise dlíthiúla a fheabhsú chun rochtain chomhionann éifeachtach ar cheartas a éascú do chách. Scrúdaíodh freisin na hionchais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le réiteach malartach díospóidí, chomh maith leis na dúshláin agus na dea-chleachtais sa réimse sin.

Comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar stádas na gcomhad reachtach atá idir lámha faoi láthair i réimse an cheartais.

Gnó eile

In éineacht leis an gCoimisiún, chuir an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí ar fáil maidir lena bhfuil ag titim amach i réimse chomhrac an fhrithsheimíteachais. Thug an Uachtaránacht tuairisc freisin ar an bhfóram aireachta Ceartais agus Gnóthaí Baile idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a bheidh ar siúl i Montainéagró an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair 2024 agus ar staid na himeartha maidir le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Chuir an Coimisiún na toscaireachtaí ar an eolas faoi thuarascáil bhliantúil 2024 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha, faoin gcaibidlíocht maidir le comhaontú r-fhianaise idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus faoin méid a baineadh amach i ndáil le Coinbhinsiún Cibearchoireachta na Náisiún Aontaithe.

Rinne an tSlóvaic barúlacha maidir le tuarascáil 2024 ar an smacht reachta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025