"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 12 Nollaig 2024
Na príomhthorthaí
Limistéar Schengen
Ghlac an Chomhairle cinneadh deireadh a chur le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha inmheánacha talún leis an mBulgáir agus leis an Rómáin agus idir na tíortha sin ón 1 Eanáir 2025.
Is cloch mhíle do limistéar Schengen é cinneadh an lae inniu deireadh a chur leis na seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha inmheánacha talún leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. Cuirimid fáilte roimh an mBulgáir agus an Rómáin isteach i dteaghlach Schengen.
Sándor Pintér, Aire Gnóthaí Baile na hUngáire
Ó tháinig siad isteach san Aontas, tá codanna de chreat dlíthiúil Schengen (acquis Schengen) curtha i bhfeidhm ag an mBulgáir agus ag an Rómáin, ina measc, na codanna sin a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha seachtracha, le comhar póilíneachta agus le húsáid Chóras Faisnéise Schengen.
An 30 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle cinneadh na codanna eile de acquis Schengen a chur i bhfeidhm ón 31 Márta 2024 ar aghaidh agus deireadh a chur le seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha inmheánacha aeir agus mara.
Phléigh na hairí staid limistéar Schengen agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le cur chun feidhme thosaíochtaí thimthriall bliantúil Chomhairle Schengen, ag díriú ar an tslándáil fhoriomlán a mhéadú tríd an digiteáil.
Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) agus idir-inoibritheacht idir córais TF forfheidhmithe dlí an Aontais
Chuir an Coimisiún agus eu-LISA (gníomhaireacht an Aontais a dhéanann maoirseacht ar chórais TF i réimse na slándála agus an cheartais) na hairí ar an eolas faoin mbealach chun cinn chun tús a chur le hoibríochtaí EES. Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil faoina thogra, a foilsíodh an 4 Nollaig 2024, maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile.
Thacaigh na Ballstáit leis an togra ón Uachtaránacht maidir leis an ngá atá le treochlár nua a tharraingt suas lena n-íoslaghdófar na hiarmhairtí a bhfuiltear ag súil leo.
Is córas uathoibrithe TF é EES chun náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachta a chlárú. Faoin gcóras nua, déanfaidh oifigigh teorann na méarloirg a scanadh nó glacfaidh siad grianghraf díobh siúd a thrasnaíonn an teorainn den chéad uair. Déanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhad digiteach.
Tá an Córas Dul Isteach/Imeachta mar chuid de raon níos leithne de chórais TF maidir le comhrac na coireachta agus slándáil teorann atá le himscaradh ag an Aontas sna blianta beaga amach romhainn. Áirítear orthu sin córas ETIAS um údarú taistil – córas lena seiceálfar na rioscaí slándála, imirce agus sláinte a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír nach gá víosa a bheith acu chun dul isteach i limistéar Schengen.
Rochtain ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí
Phléigh na hairí an bealach chun cinn agus thug siad treoir maidir le tuilleadh oibre a dhéanamh ar rochtain ar shonraí chun an dlí a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ós rud é go gcuireann digiteáil ár sochaithe na dálaí ar fáil do choirpigh chun leas a bhaint as dul chun cinn teicneolaíoch chun coireanna a dhéanamh, tá rochtain éifeachtach ar shonraí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí tagtha chun cinn mar phríomhdhúshlán d’imscrúduithe coiriúla agus d’ionchúisimh choiriúla.
Rinneadh an malartú tuairimí sin cúpla seachtain tar éis do ghrúpa ardleibhéil, a bunaíodh an 6 Meitheamh 2023, a thuarascáil deiridh ar an ábhar sin a chur i láthair.
Faoin gcéad leath de 2025, beidh treochlár ullmhaithe ag an gCoimisiún chun bearta nithiúla a chur chun feidhme chun rochtain ar shonraí a ráthú ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach an dlí.
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle freisin maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe imirce agus tearmainn, sraith dlíthe de chuid an Aontais a glacadh i mí na Bealtaine i mbliana. Tá réamhbhearta á ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún faoi láthair chun go mbeidh feidhm ag na dlíthe sin ó mhí an Mheithimh 2026 ar aghaidh. Ar bhonn treoirlínte ón gCoimisiún, tá pleananna náisiúnta cur chun feidhme ullmhaithe ag na Ballstáit ina leagtar amach na gníomhaíochtaí agus an amlíne chun na dlíthe a chur chun feidhme.
Ag lón oibre na n-airí, phléigh na hairí gné sheachtrach na himirce. Chuir Uachtaránacht na hUngáire tús le roinnt plé ar an ábhar sin. Thairis sin, i mí Dheireadh Fómhair 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ‘bealaí nua chun an imirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta’.
Pleanáil reachtach agus oibríochtúil i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais
D’fhormheas na hairí treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Múnlóidh na treoirlínte treo bheartas an AE sa réimse seo do na 5 bliana amach romhainn.
Is príomhionstraim iad na treoirlínte straitéiseacha chun treo bheartas an Aontais i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a mhúnlú agus chun an creat a bhunú chun na gnéithe ábhartha de Chlár Oibre Straitéiseach an Aontais 2024-2029 a chur chun feidhme.
Fuair na hairí gnóthaí baile an t-eolas is déanaí gach 6 mhí maidir le timpeallacht na bagartha atá ann faoi láthair. Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil freisin faoin dul chun cinn a rinneadh maidir lena tosaíochtaí i gcomhrac na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe: comhar oibríochtúil idir údaráis chustaim agus póilíní, Comhghuaillíocht Eorpach na gCalafort agus leas a bhaint as acmhainneacht Chóras Faisnéise Schengen.
Níor tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le téacs comhréitigh ón Uachtaránacht le haghaidh rialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, agus chuir roinnt Ballstát imní in iúl maidir leis na rioscaí do rúndacht cumarsáide idirphearsanta – agus, go háirithe, criptithe ó cheann go ceann.
I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún dlí de chuid an Aontais lena mbeadh sé éigeantach do chuideachtaí idirlín ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhrath ar a n-ardáin agus é a thuairisciú do na húdaráis. Rinneadh plé fada ar an dréachtrialachán ó shin i gcruinnithe saineolaithe de chuid na Comhairle.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin bhFóram Aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile, a bhí ar siúl in Budva (Montainéagró) an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair 2024. Thug an Uachtaránacht tuairisc do na hairí freisin faoin 7ú Comhdháil Aireachta de Phróiseas Bhúdaipeist (a tionóladh i mBúdaipeist an 11 agus an 12 Samhain 2024).
Chuir Uachtaránacht inteachta na Polainne ar an gComhairle a clár oibre i láthair freisin.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.