Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 10 Deireadh Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

Gnóthaí baile

Mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le dlí atá beartaithe ar leibhéal an Aontais a cheanglódh ar chuideachtaí idirlín ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar a n-ardáin a bhrath agus a thuairisciú do na húdaráis. Thabharfadh lárionad, a bheartaítear a chruthú ar leibhéal an Aontais, tacaíocht do na húdaráis a mbíonn sé de chúram orthu déileáil le tuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus chuideodh sé le saineolas agus dea-chleachtas a bhailiú agus a chomhroinnt a mhéid a bhaineann le cosc agus tacaíocht d’íospartaigh.

Beartaíodh an dréachtdlí i mí na Bealtaine 2022 agus rinneadh plé cuimsitheach air ó shin i gcruinnithe saineolaithe na Comhairle.

Leis an gcomhréiteach ón uachtaránacht atá á chur faoi bhráid na Comhairle, bhainfí an chothromaíocht chuí amach idir cosaint leanaí agus cosaint príobháideachais saoránach.

<p>Sándor Pintér, Aire Gnóthaí Baile na hUngáire</p>

Tá comhrac na mí-úsáide gnéasaí leanaí ar cheann de thosaíochtaí ár n-uachtaránachta. D’fhéadfadh tionchar cinniúnach a bheith ag an dréachtdlí atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis an gcoir uafásach seo. Ní staonfaimid den obair chun an togra seo a thabhairt chun críche.

<p>Sándor Pintér, Aire Gnóthaí Baile na hUngáire</p>

Sándor Pintér, Aire Gnóthaí Baile na hUngáire

Chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi na comhaid reachtacha eile a thagann faoi shainchúram na n-airí gnóthaí baile.

Limistéar Schengen

Phléigh na hairí staid limistéar Schengen agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le cur chun feidhme thosaíochtaí thimthriall bliantúil Chomhairle Schengen. Dhírigh na hairí ar athléimneacht theorainneacha seachtracha an Aontais a mhéadú agus go háirithe ar cháilíocht na rialuithe teorann agus an comhar le tríú tíortha a fheabhsú. Tharraing a lán toscaireachtaí aird ar a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun na teorainneacha seachtracha a chosaint agus a chinntiú go mbainfear úsáid chuimsitheach as córais faisnéise an Aontais. Leag na hairí béim freisin ar ról Frontex maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha a bhfuil comhaontuithe sínithe aige leo.

Rinne an Uachtaránacht tuairisciú ar stádas chur chun feidhme iomlán acquis Schengen sa Bhulgáir agus sa Rómáin. An 30 Nollaig 2023, chinn an Chomhairle deireadh a chur le rialuithe teorann aeir agus muirí leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. Beidh gá le cinneadh eile ón gComhairle chun an dáta a shocrú faoina gcuirfear deireadh leis na seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha talún leis an mBulgáir agus leis an Rómáin. Chuir an Bhulgáir agus an Rómáin i láthair na bearta a chuir siad chun feidhme ó rinne an Chomhairle an cinneadh sin i mí na Nollag chun a dteorainneacha seachtracha a chosaint agus an imirce neamhrialta a chomhrac.

Is den ríthábhacht d’uachtaránacht na hUngáire go ndéanfaí slándáil ár dteorainneacha seachtracha a neartú. Táimid tiomanta i gcónaí ballraíocht iomlán na Bulgáire agus na Rómáine i limistéar Schengen a chinntiú a luaithe is féidir.

Sándor Pintér, Aire Gnóthaí Baile na hUngáire

Idir-inoibritheacht idir córais TF an Aontais um fhorfheidhmiú an dlí

Chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le seoladh an Chórais Dul Isteach/Imeachta – córas uathoibrithe TF chun náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachta a chlárú. Faoin gcóras nua, déanfaidh oifigigh teorann na méarloirg a scanadh nó glacfaidh siad grianghraf díobh siúd a thrasnaíonn an teorainn den chéad uair. Déanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhad digiteach. Cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid an tseolta.

Chun aistriú rianúil a chinntiú, leag an Coimisiún pleananna amach chun an Córas Dul Isteach/Imeachta a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Socrófar sonraí an chur chuige sin sna seachtainí amach romhainn.

Tá an Córas Dul Isteach/Imeachta mar chuid de raon níos leithne de chórais TF maidir le comhrac na coireachta agus slándáil teorann atá le himscaradh ag an Aontas sna blianta beaga amach romhainn. Tá sé beartaithe go mbeidh córas údaraithe taistil ETIAS – córas lena seiceálfar rioscaí slándála, imirce agus sláinte a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír nach gá víosa a bheith acu chun dul isteach i limistéar Schengen – i bhfeidhm sa chéad leath de 2025.

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Rinne an uachtaránacht tuairisciú ar staid na himeartha i ndáil leis na deich dtosaíocht atá aici i réimse chomhrac na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe. Leag sí béim ar bhearta áirithe a bhaineann le Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach, an obair leantach ar mhapáil na líonraí coiriúla is bagraí, imscrúduithe airgeadais agus digiteacha a éascú, agus comhar le tríú tíortha a chothú, comhar i leith bagairtí ó dhrugaí sintéiseacha san áireamh.

Maidir le bagairtí ó dhrugaí sintéiseacha, tharraing an uachtaránacht aird ar an méid atá curtha ag an Aontas agus na Ballstáit leis an gComhghuaillíocht Dhomhanda chun Aghaidh a thabhairt ar Bhagairtí ó Dhrugaí Sintéiseacha (a seoladh an 7 Iúil 2023 ar thionscnamh na Stát Aontaithe). Ag an Idirphlé idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le Drugaí, a tionóladh an 19 Meán Fómhair 2024, chomhaontaigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe tuilleadh comhair a dhéanamh agus eolas a chomhroinnt faoi na bearta éagsúla a dhéantar ar an dá thaobh. Tá an uachtaránacht i mbun plé freisin leis na Ballstáit maidir le hullmhacht an Aontais chun dul i ngleic le bagairtí ó dhrugaí sintéiseacha.

Tearmann agus imirce

Ba é filleadh imirceach neamhrialta agus iarrthóirí tearmainn a diúltaíodh ab ábhar do lón oibre na n-airí. Go háirithe, phléigh na hairí an úsáid a bhaintear as cineálacha éagsúla cur chuige chun éifeachtúlacht chóras an Aontais um fhilleadh a mhéadú agus an ról tacaíochta atá ag Frontex i ndáil leis sin. Chuir siad de chúram ar shaineolaithe féachaint ar smaointe nuálacha a bhaineann le filleadh. D’aontaigh na hairí freisin gur cheart tosú ag obair i dtreo réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais ar mhaithe le filleadh éifeachtach coirpeach agus daoine ar bagairt slándála iad a thagann ó thríú tíortha íogaire.

An tslándáil inmheánach

Ó thosaigh fogha na Rúise faoin Úcráin agus ó bhí ionsaí Hamas ann an 7 Deireadh Fómhair 2023, is minic a phléigh airí gnóthaí baile impleachtaí na gcoinbhleachtaí sin do shlándáil inmheánach an Aontais.

Ag leanúint den chleachtas sin agus bunaithe ar fhorléargas ar thimpeallacht reatha na bagartha, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na coinbhleachtaí sin ar an Aontas, brú imirce agus méadú ar an bpolarú inár sochaithe, mar shampla.

Bhí na hairí ar aon fhocal gur gá leanúint de bhearta maolaitheacha iomchuí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil inmheánach.

Conclúidí maidir leis an gcoireacht chomhshaoil trasteorann a chomhrac

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le comhrac na coireachta comhshaoil trasteorann, inar aithin sí go bhfuil an choireacht sin ar cheann de na gníomhaíochtaí is brabúsaí don choireacht eagraithe. Déanann na coireanna sin díobháil thromchúiseach don chomhshaol agus don gheilleagar, go háirithe i dtaobh bainistiú dramhaíola, agus is minic a bhíonn siad nasctha leis an éilliú, leis an sciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Thathantaigh an Chomhairle ar na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach, Europol, Eurojust, EnviCrimeNet, Cepol agus Líonra Jaguar an comhar a threisiú, gníomhaíochtaí coiriúla a bhrath, deireadh a chur leis na líonraí sin, sócmhainní a urghabháil agus comhpháirtíochtaí le tíortha nach tíortha den Aontas iad a neartú.

Gnó eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme leanúnach an chomhshocraithe maidir le himirce agus tearmann. Thug an Ghearmáin aghaidh ar chur chun feidhme an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus ar an oibleagáid tuairiscithe maidir le hábhar neamhdhleathach.

Tharraing toscaireacht na Sualainne aird ar an imní atá ag dul i méid maidir le mionaoisigh agus daoine óga a bheith á n-earcú chun coiriúlachta trí ardáin ar líne agus thug an Liotuáin eolas ar fhóram réigiúnach um chosaint shibhialta a tionóladh i Vilnius an 6 Meán Fómhair.

Ar deireadh, chuir uachtaránacht na hUngáire na hairí ar an eolas faoin bhfóram aireachta ceartais agus gnóthaí baile idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a thionólfar i Montainéagró an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025