An chibearchosaint
Is é is aidhm do bheartas cibearchosanta an Aontais an comhar agus an infheistíocht a neartú chun líon na gcibirionsaithe, atá ag dul i méid, a bhrath, a dhíspreagadh agus cosaint a thabhairt ina gcoinne ar bhealach níos fearr.
An cibearspás mar réimse cogaíochta
Meastar gurb é an cibearspás an cúigiú réimse cogaíochta, agus tá sé chomh ríthábhachtach d'oibríochtaí míleata leis na réimsí tíre, mara, aeir agus spáis. Is réimse é a chuimsíonn gach rud ó líonraí faisnéise agus teileachumarsáide agus bonneagar agus na sonraí a dtacaíonn siad leo, go ríomhchórais, próiseálaithe agus rialaitheoirí.
Tá an cibearspás anois ina réimse straitéiseach atá ag éirí níos conspóidí agus ina réimse don iomaíocht straitéiseach. Thairis sin, tá an bonneagar digiteach agus fisiceach idirspleách ar a chéile, rud a chiallaíonn gur féidir le teagmhais shuntasacha chibearshlándála cur isteach ar an mbonneagar criticiúil – mar shampla líonraí fuinnimh agus iompair – a mbíonn fórsaí armtha san Aontas ag brath air, nó damáiste a dhéanamh dó.
Le blianta beaga anuas, tá dlús curtha ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit le cibirionsaithe, spiaireacht agus feachtais bhréagaisnéise atá dírithe ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, an earnáil cosanta san áireamh. Tá méadú as cuimse tagtha ar iompar mailíseach na ngníomhaithe sin tar éis fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair le chéile chun saoránaigh na hEorpa, fórsaí armtha náisiúnta agus misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata an Aontais a chosaint ar chibearbhagairtí. Tá siad ag cur borradh faoin gcomhar agus faoi infheistíochtaí sa chibearchosaint agus ag cur feabhas ar chumas an Aontais cibirionsaithe a chosc, a bhrath agus a dhíspreagadh, chomh maith le cosaint ina gcoinne agus téarnamh uathu.
Is é beartas cibearchosanta an Aontais an príomhchreat le haghaidh chomhar an Aontais i réimse na cibearchosanta. Ina theannta sin, oibríonn an tAontas ar chosaint sa chibearspás trí ghniomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus Europol. Tacaíonn an Ghniomhaireacht Eorpach um Chosaint leis na Ballstáit chun fórsa saothair oilte míleata cibearchosanta a thógáil, agus cinntíonn sé go mbíonn teicneolaíocht cibearchosanta réamhghníomhach agus fhrithghníomhach ar fáil.
Beartas cibearchosanta
Ag tógáil ar an gcreat beartais cibearchosanta a glacadh in 2014 agus a nuashonraíodh in 2018, ghlac an Chomhairle conclúidí, an 22 Bealtaine 2023, i ndáil le beartas cibearchosanta an Aontais. Cuirtear i bhfios go láidir sna conclúidí gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit a n-athléimneacht i leith cibearbhagairtí a neartú a thuilleadh agus feabhas a chur ar a gcibearshlándáil choiteann agus ar a gcibearchosaint i gcoinne iompraíocht mhailíseach agus gníomhartha foghacha sa chibearspás.
I gcomhréir leis na conclúidí, i mí Dheireadh Fómhair 2024 d’fhormheas an Chomhairle an chéad ‘cibeardhaonáireamh de chuid an Aontais’ riamh, lena rianaítear an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an bheartais.
Tá beartas cibearchosanta an Aontais bunaithe ar cheithre cholún, lena gcumhdaítear raon leathan tionscnamh:
gníomhú le chéile ar mhaithe le cibearchosaint níos láidre
infheistiú i gcumais chibearchosanta
éiceachóras cosanta an Aontais a dhaingniú
dul i gcomhpháirtíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna
Gníomhú le chéile ar mhaithe le cibearchosaint níos láidre
Is minic a bhíonn cibirionsaithe de chineál trasteorann agus d’fhéadfadh tionchar fisiceach a bheith acu ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh teagmhais shuntasacha chibearshlándála a bheith ró-suaiteach do na Ballstáit lena mbaineann a láimhseáil ina n-aonar. Féadfaidh siad a bheith mar chuid d’ionsaithe hibrideacha níos mó a dhéanann gníomhaithe stáit nó neamhstáit agus é mar aidhm acu an geilleagar agus an tsochaí a dhíchobhsú, an bonneagar criticiúil is gá chun slándáil an Aontais a chinntiú a lagú nó an bonn a bhaint d’fheidhmiú na ndaonlathas agus dochar a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear trí ionsaithe a dhéanamh ar bhonneagar toghcháin.
I gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach, ba cheart do na Ballstáit agus do ghníomhaithe ábhartha eile gníomhú le chéile ar mhaithe le cibearchosaint níos láidre, tríd an gcomhar agus an comhordú idir cibearphobail mhíleata agus shibhialtacha a neartú.
Áirítear na tionscnaimh nithiúla seo a leanas faoin gcolún seo:
- Comhdháil chibircheannasaithe an Aontais a fhorbairt a thuilleadh
- líonra oibríochtúil d’fhoirne míleata práinnfhreagartha ríomhaire (MICNET) de chuid an Aontais a bhunú
- lárionad comhordaithe cibearchosanta de chuid an Aontais a chruthú chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar fheasacht staide, go háirithe i gcás mhisin agus oibríochtaí CBSC
- feabhas a chur ar an gcomhar faisnéise maidir le cibearbhagairtí agus acmhainneachtaí cibearfhaisnéise an Aontais a neartú
- an cibearoideachas, an chibearoiliúint agus an chibearchleachtadh a mhéadú
Éiceachóras cosanta an Aontais a chinntiú
Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcibirionsaithe, lena n-áirítear ionsaithe ar shlabhra an tsoláthair a bhfuil sé mar aidhm leo cibear-spiaireacht, bogearraí éirice nó cur isteach a chur chun cinn. In 2020, chuaigh an t-ionsaí ar shlabhra soláthair SolarWinds i bhfeidhm ar níos mó ná 18 000 eagraíocht ar fud an domhain, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rialtais, mórghnólachtaí agus cuideachtaí cosanta. Léiríonn an t-ionsaí sin agus teagmhais eile go soiléir an gá atá le cibear-athléimneacht na n-eintiteas atá gníomhach in éiceachóras cosanta an Aontais a neartú a thuilleadh, ina measc eintitis mhíleata, an tionscal cosanta, agus oibreoirí príobháideacha.
Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil a gcóras cumarsáide agus faisnéise, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair ar chaighdeánú agus deimhniú cibearshlándála chun réimsí míleata agus sibhialta araon a dhaingniú.
Molann an Chomhairle do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cibearchosanta Eorpaí a neartú chun cumais chibearchosanta speictrim iomláin a fhorbairt agus a sholáthar
- a spleáchais straitéiseacha a laghdú ar fud a gcumas agus a slabhraí soláthair
- teicneolaíochtaí cibearchosanta ceannródaíocha a fhorbairt agus máistreacht a dhéanamh orthu
Infheistiú i gcumais chibearchosanta
Tá feabhsuithe teicneolaíochta riachtanach chun buntáiste a choimeád ar bun thar iomaitheoirí agus coimhlinteoirí, a bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh acu i dteicneolaíochtaí nua freisin. Anuas air sin, tá scileanna agus inniúlachtaí riachtanach chun spleáchais straitéiseacha i réimsí na cibearshlándála san Eoraip a shárú. Ní mór do thionscal cosanta Eorpach príomhscileanna a choinneáil agus scileanna nua a ghnóthú chun go mbeidh sé ábalta réitigh ardteicneolaíochta a sholáthar i dtimpeallacht dhomhanda.
Sa chomhthéacs sin, ní mór do na Ballstáit a gcuid infheistíochtaí a mhéadú go suntasach chun cumais chibearchosanta idir-inoibritheacha a thógáil, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ardáin chomhair an Aontais, mar shampla an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus an buanchomhar struchtúrtha (PESCO), agus sásraí cistiúcháin, ar nós an Ciste Eorpach Cosanta, Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach.
Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit freisin aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna cibearshlándála, agus leas a bhaint as na sineirgí idir tionscnaimh mhíleata, shibhialtacha agus fhorfheidhmiú an dlí.
Dul i gcomhpháirtíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna
Ós rud é go dtéann cibearbhagairtí thar theorainneacha náisiúnta, comhoibríonn an tAontas le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta –Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), mar shampla – chun an tslándáil chomhchoiteann a fheabhsú agus saoránaigh a chosaint. Tá an tAontas ag iarraidh comhpháirtíochtaí saincheaptha a bhunú i réimse na cibearchosanta, lena n-áirítear maidir le fothú acmhainneachta cibearchosanta tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.
Tá an chibearchosaint le plé le comhpháirtithe faoi chreat an idirphlé agus na gcomhairliúchán maidir leis an gcibearchosaint, an tslándáil agus an chosaint.
Tá an chibearchosaint ar cheann de phríomhréimsí tosaíochta an chomhair idir an tAontas agus ECAT. Tá tuilleadh sineirgí le ECAT á gcur chun cinn ag an Aontas, lena n-áirítear maidir le freagairtí ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha, iarrachtaí fothaithe acmhainneachta i dtríú tíortha, oiliúint, cleachtaí agus feasacht staide.
- An chibearchosaint: leagtar béim sna conclúidí ón gComhairle ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht an Aontais a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar chibearbhagairtí (preaseisiúint, an 23 Bealtaine 2023)
- An chibearchosaint: creat beartais nuashonraithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 19 Samhain 2019)
- Teachtaireacht chomhpháirteach i ndáil le beartas an Aontais maidir leis an gcibearchosaint (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Féach freisin
An tslándáil agus an chosaint
An chibearshlándáil
Bagairtí hibrideacha
An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Márta 2025