Skip to content

Amlíne: beartas spáis an Aontais

  • 2025

    23 Bealtaine

    É iarrtha ag an gComhairle go mbainfí úsáid níos fearr as sonraí spáis chun feabhas a chur ar bhainistiú géarchéime

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le sonraí satailíte a úsáid lena ndéantar an méid seo a leanas:

    • béim a leagan ar a thábhachtaí atá faire na cruinne agus sonraí spáis eile don athléimneacht agus don ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna
    • béim a leagan ar an ngá atá le comhar feabhsaithe agus le húsáid na sonraí satailíte ar fad atá ar fáil – sonraí poiblí, príobháideacha agus tráchtála chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, ar thubaistí agus ar ghéarchéimeanna a bhfuil tionchar acu ar shlándáil na hEorpa agus ar an tslándáil dhomhanda
    • a iarraidh go n-úsáidfí an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí eile chun próiseáil sonraí níos fearr a chinntiú
    • bearta slándála a mholadh chun bagairtí féideartha a chomhrac (mar shampla cibirionsaithe)
  • 2024

    23 Bealtaine

    Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an méid a chuireann an spás le hiomaíochas na hEorpa

    Ghlac an Chomhairle conclúidí inniu maidir le ‘hiomaíochas na hEorpa a neartú tríd an spás’.

    Leagtar béim sna conclúidí ón gComhairle ar thábhacht mhéadaitheach an spáis in go leor réimsí de bheartas an Aontais agus ar dhúshláin shocheacnamaíocha, don chomhaontú glas, don aistriú digiteach agus d’iomaíochas foriomlán an Aontais.

    Ina theannta sin, déantar an méid a leanas iontu:

    • béim a leagan ar an ngá atá le feabhas a chur ar úsáid sonraí spáis
    • iarraidh go ndéanfaí forbairt níos láidre ar earnáil an spáis trí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon a dhaingniú agus a mhéadú
    • béim a leagan ar a ríthábhachtaí atá an spás chun bonneagar criticiúil a chosaint
    • a iarraidh go leathnófaí earnáil spáis na hEorpa agus comhpháirtíochtaí comhoibríocha domhanda
  • 2023

    8 Nollaig

    Bainistiú an Spástráchta: Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an staid mar atá faoi láthair

    Conclúidí maidir le ‘Bainistiú an Spástráchta: an staid mar atá faoi láthair’ glactha ag an gComhairle.

    Déantar an méid seo a leanas leis na conclúidí:

    • leagtar béim ar a phráinní atá sé cur chuige Aontais a fhorbairt maidir le bainistiú spástráchta
    • leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé na riachtanais shibhialta agus mhíleata maidir le bainistiú spástráchta a chur san áireamh
    • leagtar béim ar an ról atá ag córas faireacháin agus rianaithe spáis an Aontais
  • 2023

    14 Samhain

    Conclúidí ón gComhairle formheasta maidir le Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint.

    Mheabhraigh an Chomhairle tiomantas seanbhunaithe an Aontais don dlí idirnáisiúnta agus do na luachanna agus na treoirphrionsabail a forbraíodh i gcreat na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí a thoilteanaí atá Ballstáit an Aontais leanúint de bheith ag obair chun noirm, rialacha agus prionsabail a bhunú maidir le hiompar freagrach thar réimse iomlán na ngníomhaíochtaí spáis.

  • 2023

    23 Bealtaine

    Iarrtha ag an gComhairle go mbeidh cur chuige Eorpach ann maidir le bainistiú spástráchta

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ‘Úsáid chóir agus inbhuanaithe an spáis’ tráth a bhfuil an plódú sna fithisí ag dul i méid i ngeall ar réada spáis.

    Leis na conclúidí, déantar an méid seo a leanas:

    • iarrtar ar bhearta maolaithe chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar smionagar spáis atá ann cheana
    • moltar go ndéanfar cumais a threisiú, mar shampla, trí rannchuidiú sheirbhís faireachais agus rianaithe spáis an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le gníomhaireacht an Aontais um an gclár spáis, chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cur chuige ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú spástráchta
    • aithnítear gur leas coiteann don domhan ar fad é an spás agus nár cheart go mbeadh bac ar aon stát é a thaiscéaladh agus a úsáid
  • 2023

    7 Márta

    An clár um nascacht shlán spásbhunaithe glactha ag an gComhairle

    Ghlac na hairí rialachán maidir le Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027. Socraíonn an clár spriocanna le go ndéanfaidh an tAontas Eorpach buíon satailítí de chuid an Aontais dar teideal ‘IRIS2’ (Bonneagar d’Athléimneacht, d’Idirnascacht agus do Shlándáil le Satailít) a imscaradh, lena gcuirfear seirbhísí cumarsáide sárthapa agus an-slán ar fáil faoi 2027.

    Cuideoidh IRIS² le hathléimneacht agus ceannasacht an Aontais a fheabhsú toisc go mbainfidh rialtais tairbhe as an gcóras cumarsáide spásbhunaithe seirbhísí le haghaidh seirbhísí mar shampla:

    • bonneagar criticiúil a chosaint
    • faireachas
    • tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach
    • bainistiú géarchéime

    Anuas air sin, cuireann an clár le haistriú digiteach an Aontais agus treisíonn sé iomaíochas sheirbhísí cumarsáide satailíte an Aontais.

  • 2022

    10 Meitheamh

    Conclúidí ar an mbainistiú spástráchta agus clár Copernicus glactha ag an gComhairle

    Ghlac na hairí conclúidí ar an mbainistiú spástráchta (STM), agus é a chur i dtreis a thábhachtaí atá sé cumas faireachais agus rianaithe spáis an Aontais a neartú agus an reachtaíocht agus an caighdeánú a chomhordú. Leis sin, beidh cumhacht faoi leith ag glór an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis an mbainistiú spástráchta.

    Le cur chuige an Aontais i leith bainistiú spástráchta, déanfar baol an imbhuailte a laghdú agus cinnteofar go mbeidh an spás sábháilte agus inbhuanaithe i gcónaí.

    Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Copernicus faoi 2035, rud a chuideoidh le todhchaí chlár spáis Copernicus a ullmhú. Leagtar amach iontu fís le haghaidh 2035 agus treoir pholaitiúil do chlár Copernicus bunaithe ar thrí phríomhcholún: an Margadh Glas, an t-aistriú digiteach, agus an tslándáil, agus is leo siúd trí chéile a threiseofar mianach na hathléimneachta san Eoraip.

  • 2021

    26 Samhain

    Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an spás do chách

    Ghlac na hairí conclúidí maidir leis ‘an spás do chách’, ina gcuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go mbíonn na geallsealbhóirí ó na Ballstáit uile rannpháirteach in earnáil an spáis agus go neartófar an nasc idir na hearnálacha spáis agus neamhspáis.

    Tá an spás ar cheann de na hearnálacha teicneolaíochta is mó fás san Aontas, ach tá acmhainní earnáil spáis na hEorpa dáilte go héagothrom. Cuirtear i dtábhacht sna conclúidí gur gá gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí meánchaipitlithe (CMCanna) a áireamh i measc geallsealbhóirí rannpháirteacha, ós rud é gur féidir leo siúd cabhrú le freagairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide agus saincheisteanna slándála.

  • 2021

    28 Bealtaine

    Spás nua do dhaoine - Conclúidí ón gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ngá le cur chuige Eorpach i ndáil le spás nua chun earnáil nuálach iomaíoch spáis de chuid an Aontais a spreagadh. Féadfaidh ‘Spás Nua do Dhaoine’ rannchuidiú le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais agus athléimneacht na hEorpa a threisiú, agus freagairt ar riachtanais na saoránach ag an am céanna.

  • 2021

    28 Bealtaine

    Spás do dhaoine i limistéir cois cósta – Conclúidí ón gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ngá atá le leas iomlán a bhaint as Copernicus, Galileo agus EGNOS, cláir spáis an Aontais, chun cuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine i limistéir Eorpacha cois cósta.

  • 2021

    19 Aibreán

    Cláir spáis an Aontais: Seasamh ar an gcéad léamh glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear clár spáis an Aontais dar luach €14.8 billiún do na blianta 2021 go 2027.

    I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil ar tháinig na comhreachtóirí air i mí na Nollag seo caite, meastar go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh i mí Aibreáin 2021. Tar éis an rialachán a ghlacadh go foirmiúil, beidh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2021.

  • 2021

    12 Eanáir

    “An ghníomhaíocht spáis i gcroílár neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa”

    Thug an tUachtarán Charles Michel aitheasc fáilte dar teideal Space embracing a changing world: green, digital, resilience & security [An Spás i ngleic le saol athraitheach: glas, digiteach, athléimneach & slán] ag an 13ú Comhdháil Eorpach Spáis a bhí ar siúl an 12-13 Eanáir 2021. Leag óráid Charles Michel béim ar an ról atá ag earnáil an spáis i straitéis fhoriomlán an Aontais – ar straitéis í atá dírithe ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach, agus ar neamhspleáchas níos straitéisí a chinntiú don Eoraip.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Is príomhghníomhaí i réimse an spáis í an Eoraip cheana féin. Más uainn ról níos láidre a bheith againn ar an ardán domhanda, ní mór dúinn ról níos láidre a bheith againn sa spás freisin. [...] Trínár n-earnáil spáis a fhorbairt, cuideofar linn ár neamhspleáchas straitéiseach a threisiú – príomhaidhm ár nglúine, i mo thuairimse.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    16 Nollaig

    Clár Spáis an Aontais: Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa

    Tháinig idirbheartaithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an rialachán atá beartaithe lena mbunaítear an chéad chlár spáis eile de chuid an Aontais do 2021- 2027.

    Cuireadh imchlúdach airgeadais dar luach €14.8 billiún i bpraghsanna reatha (€13.2 billiún i bpraghsanna 2018) i leataobh don chlár, arna mhiondealú mar a leanas:

    • Galileo agus EGNOS: €9 mbilliún
    • Copernicus: €5.4 billiún
    • SSA agus GOVSATCOM: €442 mhilliún

    Cuirfear an téacs faoi bhráid Choiste na mBuanionadaithe sa Chomhairle le go ndéanfar anailís air/le haghaidh a fhormhuinithe pholaitiúil Dé hAoine, an 18 Nollaig 2020. Ach formhuiniú polaitiúil déanta ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa air, is é a bheidh ina bhunús ach a mbeifear ag glacadh an rialacháin atá beartaithe ar an dara léamh amach anseo.

  • 2020

    20 Samhain

    Ról na hEorpa sa gheilleagar domhanda spáis pléite ag na hairí

    Bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí atá freagrach as an spás trí fhíschomhdháil maidir le ról na hEorpa sa gheilleagar domhanda spáis. Phléigh siad conas a d'fhéadfadh an tAontas feabhas a chur ar iomaíochas thionscal spáis an Aontais agus ról níos mó a imirt maidir le córais rialála idirnáisiúnta a mhúnlú.

    Bunaithe ar na conclúidí a ghlacadh an 11 Samhain 2020, d'ullmhaigh na hairí freisin an deichiú cruinniú de chuid na Comhairle um an Spás, a tionóladh trí fhíschomhdháil ar an lá céanna.

    Ar deireadh, thug na hairí dá n-aire clár oibre uachtaránacht inteachta na Portaingéile i réimse an spáis (an chéad seimeastar 2021).

  • 2020

    11 Samhain

    Beartas spáis níos láidre de chuid an Aontais á iarraidh ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí i ndáil leis an rannchuidiú Eorpach chun prionsabail lárnacha a bhunú don gheilleagar domhanda spáis mar ullmhúchán don deichiú cruinniú de chuid na Comhairle um an Spás leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis, a bheidh ar siúl an 20 Samhain 2020.

    Tá treoshuíomhanna tábhachtacha sa téacs maidir le beartas spáis na hEorpa amach anseo.

    Tugann an Chomhairle dá haire teacht chun cinn tionscal Eorpach spáis agus slabhraí soláthair atá thar a bheith iomaíoch, lena gcuirtear ar chumas na hEorpa páirt a ghlacadh i bhfás domhanda an gheilleagair spáis agus cur leis an bhfás sin. Iarrann sí ar na gníomhaithe uile oibriú chun cothrom na Féinne domhanda agus geilleagair oscailte a chinntiú.

    Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur gá don Eoraip a bheith neamhspleách ó thaobh na teicneolaíochta de agus meabhraítear di gur gá rochtain shlán, uathrialach, iontaofa, chostéifeachtach agus inacmhainne ar an spás a chaomhnú. Tugtar aird ar leith ar bhainistiú an tráchta spáis agus ar chibearshlándáil an spáis.

    D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí comhordaithe ón Aontas Eorpach, ón nGníomhaireacht Eorpach Spáis agus óna mBallstát faoi seach chun beartas spáis na hEorpa a neartú.

  • 2020

    4 Meitheamh

    Beartas spáis do gheilleagar inbhuanaithe: conclúidí glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle sraith conclúidí lena ndírítear ar ról an bheartais spáis maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, go sonrach a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    • spás don fhás inbhuanaithe fadtéarmach
    • oideachas agus scileanna don spás

    Chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le forbairt earnála spáis Eorpaigh inbhuanaithe a chur chun cinn chun freastal ar éilimh na nglún atá le teacht agus chun iomaíochas na hEorpa a ráthú.

    D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach freisin, i dteannta na mBallstát, i gcomhar le lucht tionscail, le heagraíochtaí taighde agus le lucht léinn, easpa agus bearnaí scileanna a bheidh ann amach anseo a shainaithint, agus machnamh a dhéanamh ar réitigh agus ar thionscnaimh spriocdhírithe a d'fhéadfadh a bheith ann.

  • 2020

    29 Bealtaine

    Ról an spáis i dtéarnamh an Aontais pléite ag na hairí

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin mbealach a bhféadfaí feabhas a chur ar na sochair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta a bhaineann le feidhmeanna spáis. Phléigh siad an méid a chuireann sonraí, seirbhísí agus teicneolaíochtaí spáis le forbairt inbhuanaithe an Aontais, agus leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19.

    Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
    Tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíochtaí spáis ó thaobh réitigh a thabhairt agus ár sochaithe a chumasú le dul i ngleic leis an ngéarchéim reatha agus le géarchéimeanna eile amach anseo. Is uirlis luachmhar iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn forbairt níos athléimní agus níos inbhuanaithe dár sochaithe a chur chun cinn. Cuirfimid maoiniú agus acmhainní daonna leordhóthanacha ar fáil don earnáil spáis chun ceannasacht na hEorpa sa spás a chosaint.
    Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
    Blaženka Divjak, Aire Eolaíochta agus Oideachais na Cróite
  • 2019

    29 Samhain

    Réitigh spáis d'Artach Inbhuanaithe: Conclúidí glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ról atá ag seirbhísí spásbhunaithe i ndáil le réigiún Artach inbhuanaithe a chinntiú.

    Mhol airí an Aontais Eorpaigh don Choimisiún Eorpach agus do Ghníomhaireacht an Chórais Dhomhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) comhoibriú go gníomhach le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE), leis an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a bhaint as Satailítí Meitéareolaíocha (EUMETSAT).

  • 2019

    28 Bealtaine

    Conclúidí ón gComhairle: An Spás, mar chumasóir iomaíochais

    Phléigh an Chomhairle bealaí chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a neartú, agus bealaí chun comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i réimse an Spáis.

    D'iarr na hairí tuilleadh infheistíochta i dtaighde agus nuálaíocht a bhaineann leis an Spás.

    Ghlac an Chomhairle conclúidí chomh maith maidir leis an Spás mar chumasóir do gheilleagar níos iomaíche san Aontas.

  • 2019

    13 Márta

    Cláir spáis don todhchaí á múnlú ag an Aontas

    Tá a chlár beartais spáis do na blianta 2021-2027 á cheapadh ag an Aontas. Dhearbhaigh ambasadóirí an Aontais an chomhthuiscint ar ar tháinig uachtaránacht na Comhairle le Parlaimint na hEorpa faoin dréachtrialachán maidir le clár spáis de chuid an Aontais.

    Cinnteofar an méid seo leis an rialachán:

    • sonraí agus seirbhísí a bhaineann leis an spás, agus iad ar ardchaighdeán, cothrom le dáta agus slán
    • méadú ar fhás agus ar chruthú post san Aontas de bharr na sonraí agus na seirbhísí sin a úsáid
    • feabhas ar shlándáil agus ar uathriail straitéiseach an Aontais
    • ról níos láidre don Aontas mar phríomhghníomhaí san earnáil spáis

    Beidh gnéithe airgeadais agus gnéithe eile de chlár spáis an Aontais ag brath ar an gcomhaontú a bheidh ann amach anseo maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, buiséad fadtéarmach an Aontais.

  • 2018

    19 Nollaig

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le clár spáis an Aontais don todhchaí

    Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais an seasamh ón gComhairle maidir leis an dréachtrialachán i ndáil le clár spáis an Aontais don todhchaí. Fágann an seasamh seo gur féidir caibidlíocht a thosú le Parlaimint na hEorpa.

    Príomhchuspóir amháin den rialachán nua is ea sonraí agus seirbhísí a bhaineann leis an spás atá ar ardchaighdeán, cothrom le dáta agus slán a chinntiú.

  • 2018

    29 Bealtaine

    A bhfuil i ndán don bheartas spáis pléite ag an gComhairle

    Phléigh na hairí a bhfuil i ndán do bheartas spáis na hEorpa, go háirithe i ndáil leis an margadh aonair dhigitigh.

    I gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh, tá an ról atá ag an spás ag éirí níos tábhachtaí. Is bonneagar é atá faoi cheilt ach a úsáidtear chun sonraí agus faisnéis a fháil agus a dháileadh. Fágann sin go bhfuil cineálacha nua samhlacha gnó ag teacht chun cinn. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
  • 2017

    30 Samhain - 1 Nollaig

    Stiúrann an Chomhairle cláir spáis an Aontais Eorpaigh

    Phléigh an Chomhairle an tslí chun cinn do chláir spáis an Aontais agus ghlac sí conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar chlár Copernicus.

    D'admhaigh na hairí go bhfuil na cláir shuaitheanta Galileo agus Copernicus ag cur cheana féin le dea-bhail shaoránaigh na hEorpa agus ag cur borradh faoi gheilleagar an Aontais. Dúirt siad freisin go bhfuil an-acmhainn sna sonraí spáis feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta.

  • 2017

    29-30 Bealtaine

    Tosaíochtaí leagtha amach ag an gComhairle don straitéis spáis

    Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir le cur chun feidhme na straitéise spáis don Eoraip agus ghlac sí conclúidí inar leag sí amach na tosaíochtaí atá aici. Ghlac sí conclúidí d'fhonn cuidiú le cur chun feidhme na straitéise freisin.

    Leag na hairí an-bhéim ar chláir spáis Galileo agus Copernicus de chuid an Aontais mar eiseamláirí den tairbhe agus den bhua is féidir a bhaint as lánpháirtíocht Eorpach ní hamháin do shaoránaigh na hEorpa ach don chine daonna.

  • 2016

    28-29 Samhain

    Tacaíocht tugtha ag an gComhairle don straitéis nua spáis

    Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an straitéis nua spáis don Eoraip a mhol an Coimisiún Eorpach ar an 26 Deireadh Fómhair 2016.

    Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí maidir leis na gníomhaíochtaí sin sa straitéis a d'fhéadfadh sochair inbhraite a thabhairt do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa, agus cé mar a d'fhéadfadh tionchar dearfach ollmhór a bheith ag na gníomhaíochtaí sin ar iomaíochas an Aontais.

  • 2016

    26 Bealtaine

    An tAontas le haird a dhíriú ar thairbhí sonraí spáis

    Phléigh an Chomhairle bealaí le feabhas a chur ar an gcaoi a n-úsáidtear sonraí spáis ó chláir Eorpacha spáis chun fás agus fostaíocht a chruthú.

    Bhain ionchur luachmhar le toradh an phlé ar an tionscnamh ón gCoimisiún "Straitéis spáis don Eoraip", a foilsíodh i bhfómhar 2016.

    Chuir na hairí in iúl go bhféadfadh tairbhí ollmhóra a bheith ag baint le sonraí spáis, le feidhmchláir agus seirbhísí, mar aon leis an bhforbairt ghasta ar an ngeilleagar digiteach:

    • do bheartais phoiblí
    • don earnáil phríobháideach
    • don tsochaí i gcoitinne

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Bealtaine 2025