"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Rochtain níos fearr ar r-fhianaise i ngleic na coireachta

Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua chun dlús a chur leis an rochtain ar shonraí digiteacha a úsáidtear chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, gan beann ar shuíomh na sonraí.

Céard is r-fhianaise ann?

Níl aon ghné den tsochaí nach bhfuil á sainmhíniú as an nua ag an réabhlóid dhigiteach agus ní taise don choiriúlacht é. Is mó agus is mó coirpeach ag úsáid na teicneolaíochta lena gcuid cionta a phleanáil agus a chur i gcrích. Fágann sin gur mó agus gur mó an seasamh a bhíonn ag na húdaráis ar an r-fhianaise agus iad ag iarraidh breith ar choirpigh agus iad a ionchúiseamh.

Is éard is fianaise leictreonach, nó ‘r-fhianaise’ ann, sonraí digiteacha a úsáidtear chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Airítear leis sin:

  • ríomhphoist
  • téacsanna nó inneachar as feidhmchláir theachtaireachta
  • ábhar closamhairc
  • eolas faoi chuntas ar líne an úsáideora

Is féidir sonraí den chineál sin a úsáid chun duine a shainaithint nó chun breis eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí an duine sin.

Sa ré dhigiteach, is mó agus is mó an leas atá á bhaint ag coirpigh as teic-sheirbhísí agus teic-uirlisí le coireanna a phleanáil agus a chur i gcrích. Ós amhlaidh atá, ní féidir a bheith in éagmais na r-fhianaise feasta: bíonn sonraí digiteacha i gceist anois in 85% d’imscrúduithe coiriúla.

An fhadhb atá leis an rochtain trasteorann ar r-fhianaise

Agus r-fhianaise á rochtain, is féidir é a bheith ina phróiseas fadálach casta mar gur minic á stóráil i dtír eile í. Déanann soláthraithe seirbhíse ar líne sonraí na n-úsáideoirí a stóráil i bhfreastalaithe a d’fhéadfadh a bheith lonnaithe i dtíortha éagsúla laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Fágann sin gur deacra go mór ag na húdaráis bhreithiúnacha r-fhianaise a bhailiú mar go mbíonn próiseas fadálach casta i gceist chun í a rochtain.

Déantar iarraidh thrasteorann ar r-fhianaise i mbreis agus 50% d’imscrúduithe coiriúla.

Mar a fheabhsóidh na rialacha rochtain ar r-fhianaise

In Aibreán na bliana 2018, agus arna iarraidh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, a mhol an Coimisiún Eorpach rialacha nua chun gur fusa agus gasta ag na húdaráis r-fhianaise a rochtain, gan beann ar shuíomh na sonraí.

De réir an chéad togra ón gCoimisiún, cheadódh na rialacha nua do na húdaráis bhreithiúnacha i mBallstát amháin iarraidh dhíreach rochtana ar r-fhianaise a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas agus atá bunaithe i mBallstát eile nó a bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile.

Chuirfeadh sin dlús leis an iarraidh rochtana mar nár ghá í a chur faoi bhráid na n-údarás sa Bhallstát eile.

In dhá thogra reachtacha atá na rialacha atá á moladh le fáil:

  • rialachán maidir le horduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla
  • treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críoch fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

An 25 Eanáir 2023, dhearbhaigh an Chomhairle an comhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dá thogra reachtacha.

Rialachán maidir le horduithe chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe

Fágfaidh an rialachán maidir le horduithe chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe i gcomhair r-fhianaise go mbeidh na húdaráis in ann rochtain a fháil ar shonraí a stóráiltear, gan beann ar an áit a stóráiltear iad.

Fágfaidh an t-ordú chun fianaise a thabhairt ar airdgo mbeidh údarás breithiúnach an Bhallstáit in ann iarraidh dhíreach rochtana ar r-fhianaise a dhéanamh ar sholáthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile nó a bhfuil ionadaíocht thar a cheann i mBallstát eile. Beidh ar an soláthraí seirbhíse freagra a thabhairt laistigh de 10 lá, nó laistigh de 6 uair an chloig i gcás éigeandála.

Fágfaidh an t-ordú caomhnaithe nach scriosfaidh an soláthraí seirbhíse aon r-fhianaise agus an t-ordú chun fianaise a thabhairt ar aird á phróiseáil.

Bunaithe ar phrionsabail arb ann dóibh cheana, maidir leis an aitheantas frithpháirteach i measc na mBallstát, a bheidh na rialacha nua. Ó tharla nach gcumhdaítear sonraí ó idircheapadh teileachumarsáide fíor-ama sna rialacha atá á moladh, ní bheidh feidhm acu ach i dtaca le sonraí stóráilte.

Treoir maidir le hionadaithe dlí

Ceanglóidh an treoir maidir le hionadaithe dlíthiúla ar gach soláthraí seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil a cheapadh. Beidh an t-ionadaí sin freagrach as cinntí agus orduithe a fháil, a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú. Is é is cuspóir leis sin a chinntiú gurb iad na hoibleagáidí céanna maidir le rochtain ar r-fhianaise a leagfar ar gach soláthraí seirbhíse a bheidh ag feidhmiú laistigh den Aontas.

Idirbheartaíocht idirnáisiúnta

I mí an Mheithimh 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhaontú a chaibidil thar ceann an Aontais leis na Stáit Aontaithe maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise
  • páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht le Comhairle na hEorpa ar an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht

Comhaontú AE-SAM

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis na Stáit Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2019 chun rochtain trasteorann ar r-fhianaise a éascú maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus tá an chaibidlíocht sin ar siúl faoi láthair.

Faoi láthair, oibríonn soláthraithe seirbhíse atá bunaithe sna Stáit Aontaithe i gcomhar leis na húdaráis Eorpacha um fhorfheidhmiú an dlí trí chomhar díreach ar bhonn deonach nó trí nósanna imeachta um chúnamh frithpháirteach dlí (MLA).

Ní i gcónaí a cheadaíonn dlí na Stát Aontaithe do sholáthraithe seirbhíse freagairt go díreach ar iarrataí Eorpacha ar r-fhianaise a rochtain. Chiallódh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe go mbeadh an comhar níos éasca agus go mbeadh coimircí láidre i bhfeidhm chun cearta bunúsacha a chosaint.

Cuireann an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go tréimhsiúil faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcaibidlíocht sin.

An dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht

Ghlac Comhairle na hEorpa an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht an 17 Samhain 2021. Is é is aidhm don phrótacal an méid seo a leanas a leagan síos:

  • forálacha le haghaidh córas níos éifeachtúla maidir le cúnamh frithpháirteach dlí (MLA)
  • forálacha maidir le comhar díreach le soláthraithe seirbhíse i dtíortha eile atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún
  • creat agus coimircí le haghaidh cuardaigh thar theorainneacha a leathnú

Tá coimircí láidre agus ceanglais cosanta sonraí láidre sa phrótacal. Is é an buntáiste a bhaineann le comhaontú den sórt sin go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm ar fud an domhain.

Ní féidir leis an Aontas an prótacal a shíniú ná a dhaingniú toisc nach féidir ach le stáit a bheith ina bpáirtithe ann. Sin an fáth ar thug an tAontas údarú do na Ballstáit an prótacal a shíniú (an 5 Aibreán 2022) agus a dhaingniú (an 14 Feabhra 2023).

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024