Skip to content

Táirgí a dhéantar le saothar éignithe

Is fadhb dhomhanda go fóill í úsáid an tsaothair éignithe i monarú táirgí agus tá gá le comhrialacháin idirnáisiúnta chun í a réiteach. Le reachtaíocht nua an Aontais, cuirfear deireadh go héifeachtach le táirgí a dhéantar le saothar éignithe i margadh an Aontais.

An fhírinne faoin saothar éignithe

Tá an saothar éignithe, saothar éignithe leanaí san áireamh, fós forleathan ar fud an domhain. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) go bhfuil thart ar 27.6 milliún duine ar fud an domhain i staid saothair éignithe, ar leanaí iad 3.3 milliún díobh.

Is éard atá i saothar éignithe, mar atá sainmhínithe ag EIS, an obair nó an tseirbhís go léir a bhaintear as aon duine atá faoi bhagairt phionóis agus nár thairg an duine é féin nó í féin go deonach ina leith’.

Tagraíonn sé do chásanna ina gcuirtear iallach ar dhaoine oibriú, trí úsáid a bhaint as an bhforéigean nó as an imeaglú, nó trí mhodhanna níos indírí, ar nós an fhiachais chomhéignithe, páipéir aitheantais a choinneáil nó bagairtí séanta chuig na húdaráis inimirce.

Tá saothar éignithe fós le feiceáil i líon mór earnálacha.

Teicstílí

Talmhaíocht

Mianadóireacht

Straitéis an Aontais chun cosc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éignithe

Ghlac an tAontas rialacha chun toirmeasc a chur ar aon táirge a dhéantar le saothar éignithe a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó a onnmhairiú as margadh an Aontais.

Chun an méid sin a bhaint amach, bunaítear leis an reachtaíocht, a glacadh in Mí na Samhna 2024, creat struchtúrtha chun toirmeasc a chur ar shaothar éignithe a úsáid i dtáirgeadh earraí an Aontais agus laistigh de shlabhraí soláthair.

Cuirfidh sé ar chumas an Aontais táirge a thoirmeasc agus a bhaint den mhargadh aonair má léirítear go bhfuil saothar éignithe i gceist leis, gan beann ar é a bheith táirgthe laistigh den Aontas nó é a bheith allmhairithe isteach san Aontas.

Imscrúduithe

Chun cuidiú le measúnú a dhéanamh ar na sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an rialachán seo, bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí ina mbeidh faisnéis infhíoraithe a nuashonraítear go rialta faoi na rioscaí a bhaineann leis an saothar éignithe, limistéir nó táirgí.

Tá údaráis éagsúla i gceannas ar na himscrúduithe a stiúradh:

  • is é an Coimisiún atá inniúil lasmuigh de chríoch an Aontais
  • is é an t-údarás inniúil náisiúnta atá i gceannas nuair a bhíonn na rioscaí laistigh de chríoch Ballstáit

Ba cheart d’údaráis na mBallstát eolas a roinnt le Ballstáit eile má tá amhras orthu go bhfuil sáruithe á ndéanamh ar an rialachán in áiteanna san Aontas, nó eolas a roinnt leis an gCoimisiún, má mheasann siad go n‑úsáidtear saothar éignithe i dtríú tír.

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar sháruithe ar an rialachán seo:

  • scála agus déine an tsaothair éignithe amhrasta
  • líonméid na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais
  • sciarna gcodanna den chríochtáirge ar dócha go ndearnadh le saothar éignithe é
  • a chóngaraí atá na hoibreoirí eacnamaíocha do rioscaí amhrasta an tsaothair éignithe ina gcuid slabhraí soláthair, chomh maith leis an gcumhacht atá acu chun aghaidh a thabhairt orthu

Cinneadh críochnaitheach

Is é an t-údarás a bhí i gceannas ar an imscrúdú a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach.

Beidh feidhm ag an gcinneadh a dhéanfaidh údarás náisiúnta i ngach Ballstát eile agus bunófar é ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Má chinneann na húdaráis gur úsáideadh saothar éignithe, is féidir leo na táirgí a thoirmeasc agus a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais agus ó na margaí ar líne. Má chuireann táirgeoirí deireadh leis an saothair éignithe ina gcuid oibríochtaí nó ina gcuid slabhraí soláthair, áfach, féadfar táirgí a bhfuil toirmeasc orthu a cheadú ar ais ar mhargadh an Aontais.

Cad iad na táirgí a mbeidh cosc orthu?

Cumhdaítear leis an togra gach táirge a mhonaraítear trí shaothar éignithe nó a chuirtear ar an margadh san Aontas nó a chuirtear ar fáil ar an margadh sin, nó a onnmhairítear as an Aontas.

Cumhdófar gach earnáil tionsclaíochta leis an reachtaíocht nua.

Muinín tomhaltóirí a mhéadú

Cuirfidh na rialacha nua le muinín na dtomhaltóirí toisc go ráthaítear go gcloífidh táirgí ar mhargadh an Aontais le caighdeáin chearta an duine.

I gcás gnólachtaí, d’fhéadfadh an togra iarrachtaí inbhuanaitheachta sóisialta a chuíchóiriú, agus muinín agus inchreidteacht an phobail a chothú i measc custaiméirí.

Is é is cuspóir don toirmeasc a mheastar a bheidh ann rannchuidiú go gníomhach le hiarrachtaí domhanda arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis an saothar éignithe agus cosaint a thabhairt do chearta oibrithe agus leanaí.

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Nollaig 2024