Skip to content

Timeline - Human rights

  • 2026

    11 Feabhra

    Síneadh curtha ag an gComhairle le sainordú ionadaí speisialta an Aontais um chearta an duine

    Chinn an Chomhairle síneadh dhá bhliain a chur le sainordú Kajsa Ollongren mar ionadaí speisialta an Aontais do chearta an duine, go dtí an 29 Feabhra 2028. Ceapadh Kajsa Ollongren den chéad uair i mí an Mheithimh 2025.

  • 2025

    23 Meitheamh

    Ionadaí speisialta nua le haghaidh chearta an duine ceaptha ag an Aontas

    Cheap an Chomhairle Kajsa Ollongren mar ionadaí speisialta an Aontais le haghaidh chearta an duine.

    Leanfaidh ionadaí speisialta nua an Aontais d’obair a réamhtheachtaithe chun rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le cearta an duine, seasaimh an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus tacaíocht don cheartas coiriúil idirnáisiúnta.

  • 2025

    27 Eanáir

    Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2025

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2025.

    Sna conclúidí, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh gach duine tiomanta don iltaobhachas agus don ord idirnáisiúnta, bunaithe ar na Náisiúin Aontaithe, chun go mbeadh an lámh in uachtar ag dlíthe agus noirm ar an gcoinbhleacht. Chuige sin, leanfaidh an tAontas de bheith ag comhoibriú le réigiúin uile an domhain, agus d’fheabhas a chur ar an gcomhar le tíortha atá ar aon intinn leis.

  • 2024

    24 Meitheamh

    Leanaí agus coinbhleacht armtha: Treoirlínte an Aontais tugtha cothrom le dáta ag an gComhairle agus conclúidí formheasta aici

    Is cúis mhór imní don Aontas an méadú atá tagtha ar sháruithe ar chearta an linbh i gcomhthéacs na coinbhleachta armtha, atá níos measa ó tharla go bhfuil níos mó cogaí ann, cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin san áireamh, agus go bhfuil leanaí ón Úcráin á ndíbirt go neamhdhleathach agus á n-aistriú le forneart.

    Is é is aidhm do threoirlínte nuashonraithe an Aontais cur le rannchuidiú an Aontais chun a áirithiú go ndéanfaidh eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó grúpaí coiriúla eagraithe, ar an leibhéal domhanda, cearta leanaí i gcoinbhleacht armtha agus i gcásanna eile foréigin armtha a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh.

  • 2024

    27 Bealtaine

    Síneadh curtha ag an Aontas lena phlean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas go dtí 2027

    Chuir an tAontas síneadh lena phlean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas, a glacadh ar dtús don tréimhse 2020-2024, go dtí 2027. Treoraíonn an plean gníomhaíochta beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais lena gcothaítear cearta an duine agus an daonlathas ar fud an domhain.

    Agus práinn athnuaite ann, athdhearbhaíonn leathnú an phlean gníomhaíochta tiomantas an Aontais cearta an duine agus an daonlathas a chosaint agus a chur chun cinn ina chaidreamh seachtrach, ag dul i gcomhar leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta, le cosantóirí chearta an duine, le gníomhaithe daonlathais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

  • 2024

    26 Feabhra

    Ionadaí speisialta nua an Aontais do chearta an duine ceaptha ag an gComhairle

    Cheap an Chomhairle Olof Skoog mar ionadaí speisialta an Aontais Eorpaigh do chearta an duine, ag teacht i gcomharbacht dó ar Eamon Gilmore. Leanfaidh sé d’obair a réamhtheachtaithe chun rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le cearta an duine, seasaimh an Aontais maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus tacaíocht don cheartas coiriúil idirnáisiúnta.

    Thairis sin, cuideoidh sé le guth Eorpach níos láidre a bhunú trí idirphlé maidir le cearta an duine le rialtais i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile.

    Oibreoidh an t-ionadaí speisialta i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus le hinstitiúidí an Aontais chun éifeachtacht agus infheictheacht bheartas an Aontais um chearta an duine a áirithiú i ngníomhaíochtaí seachtracha.

  • 2024

    22 Eanáir

    Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2024

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2024.

    Sna conclúidí uaithi, d’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas an Aontais do chearta an duine, don iltaobhachas agus don chóras idirnáisiúnta ceartais choiriúil sa saol corrach atá ann faoi láthair, ina bhfuil coinbhleachtaí armtha, an t-údarásaíochas, an bhréagaisnéis agus ina bhfuil an comhionannas inscne á bhrú siar.

  • 2023

    20 Feabhra

    Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2023

    In 2023 a bheidh comóradh 75 bliana Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

    • Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta go haonchiallach cearta uile an duine a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh agus a n-uilíocht a chosaint.
    • Seasann an tAontas le chéile agus é ag tacú go diongbháilte le córas na Náisiún Aontaithe um chearta an duine, agus leanfaidh sé de chearta uile an duine a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn mar thosaíocht dá ghníomhaíocht sheachtrach.
  • 2022

    21 Meitheamh

    Conclúidí ón gComhairle: iriseoirí agus gairmithe na meán cumarsáide a chosaint

    Aithníonn an Chomhairle gur iomaí iriseoir agus gairmí eile sna meáin nach bhfuil in ann oibriú gan bhac agus go neamhspleách pé áit is mian leo, mar ba cheart dóibh a bheith.

    De réir tuarascála ó Chomhairle na hEorpa, is beag nach bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar líon na bhfoláireamh faoi bhagairtí tromchúiseacha ar shábháilteacht iriseoirí agus saoirse na meán san Eoraip ó 2016 i leith (ba é 282 líon na bhfoláireamh in 2021).

    Is ag dul in olcas atá staid eacnamaíoch iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin freisin, mar gheall ar fhachtóirí amhail na cinn seo a leanas:

    • an claochlú digiteach
    • dúnadh eagraíochtaí meán
    • iarmhairtí na paindéime
  • 2022

    9 Meitheamh

    Conclúidí ón gComhairle: cearta an linbh

    Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar do leanaí i gcásanna éigeandála, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • nósanna imeachta glactha a chur ar bun (cóiríocht arna cur in oiriúint do riachtanais an linbh agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha)
    • cúnamh a sholáthar do leanaí neamhthionlactha (caomhnóir dlíthiúil nó ionadaíocht iomchuí)
    • beartais a threisiú chun gáinneáil ar leanaí a chomhrac (straitéisí chun leanaí ar íospartaigh gáinneála iad a shainaithint agus feasacht a mhúscailt maidir leis an riosca a bhaineann le gáinneáil ar leanaí)
    • a chinntiú nach ndéanfar aon ionstraimiú ar chásanna éigeandála maidir le caomhnóireacht leanaí (níor cheart aon uchtáil a dhéanamh fad atá coinbhleachtaí armtha ann)
  • 2022

    4 Márta

    Conclúidí ón gComhairle: an ciníochas agus an frithsheimíteachas a chomhrac

    Sna conclúidí sin, cáineann an Chomhairle an t-ardú scáfar atá ag teacht ar eachtraí ciníocha agus frithsheimíteacha i mBallstáit an Aontais.

    Iarrann sí ar na Ballstáit pleananna agus straitéisí gníomhaíochta a fhorbairt faoi dheireadh 2022, chun plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais (2020) agus straitéis an Aontais maidir le comhrac an fhrithsheimíteachais (2021) a chur chun feidhme.

  • 2022

    24 Eanáir

    Conclúidí ón gComhairle: Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2022

    D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine in 2022. Athdhearbhaítear sna conclúidí sin tiomantas an Aontais an méid seo a leanas a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh:

    • cearta an duine
    • an daonlathas
    • an smacht reachta

    Ní mór don Aontas é sin a dhéanamh go comhsheasmhach agus go comhleanúnach i ngach réimse dá ghníomhaíocht sheachtrach agus tacú le córas na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine mar bhunchloch dá ghníomhaíocht sheachtrach.

    Tabharfaidh an tAontas aghaidh ar rioscaí atá ag teacht chun cinn le déanaí maidir le cearta an duine, lena n-áirítear:

    • bagairtí hibrideacha
    • an fhorbairt teicneolaíoch
    • an t-athrú aeráide
    • iarmhairtí leanúnacha phaindéim COVID-19
  • 2020

    19 Samhain

    Conclúidí ón gComhairle: Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024

    Leis an bPlean Gníomhaíochta seo, athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta go láidir do luachanna uilíocha do chách a chur chun cinn a thuilleadh.

    Cé go ndearnadh dul chun cinn i dtaca le huilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine go bhfuiltear dulta ar gcúl freisin ina leith sin. Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí socheacnamaíocha ar na nithe seo a leanas:

    • cearta an duine
    • an daonlathas
    • an smacht reachta

    Cuireadh leis na neamhionannais atá ann cheana freisin, agus méadaíodh an brú atá ar dhaoine atá i staid leochaileach.

    Bainfidh an tAontas agus na Ballstáit úsáid as raon iomlán a n-ionstraimí, i ngach réimse den ghníomhaíocht sheachtrach, chun díriú ar cheannaireacht dhomhanda an Aontais i réimse chearta an duine agus an daonlathais agus chun Plean Gníomhaíochta an Aontais a chur chun feidhme a thuilleadh.

  • 2020

    7 Deireadh Fómhair

    Córas domhanda smachtbhannaí glactha ag an Aontas i ndáil le cearta an duine

    Ghlac an Chomhairle cinneadh agus rialachán lena mbunaítear córas domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine.

    Tá creat á ullmhú ag an Aontas a chuirfidh ar a chumas díriú ar pháirtithe atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine nó atá rannpháirteach iontu nó a bhaineann leo ar fud an domhain, gan beann ar an áit ar tharla siad agus bídís

    • daoine aonair
    • eintitis
    • comhlachtaí

    Leis na bearta sriantacha sin, déanfar foráil maidir le toirmeasc taistil a chur i bhfeidhm ar dhaoine aonair, agus cistí a bhaineann le daoine aonair agus eintitis araon a reo.

    Ina theannta sin, beidh toirmeasc ar dhaoine agus ar eintitis san Aontas cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá liostaithe, go díreach nó go hindíreach.

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Feabhra 2026