Skip to content

An Seimeastar Eorpach in 2021

  • 2021

    • 14 Nollaig

      Treochlár don Seimeastar Eorpach 2022

      Le linn na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, chuir Uachtaránacht na Slóivéine agus Uachtaránacht inteachta na Fraince treochlár i láthair ina leagtar amach na príomhchéimeanna don Seimeastar Eorpach 2022, tar éis don Choimisiún Eorpach pacáiste an fhómhair a fhoilsiú an 24 Samhain 2021.

      Is é príomhghné phacáiste an fhómhair an ‘Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe’, ach áirítear ann freisin an togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht, an moladh maidir leis an limistéar euro, an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh agus an tuairim maidir le dréachtphleananna buiséadacha do Bhallstáit an limistéir euro.

      Is é is aidhm don treochlár a áirithiú go n-oibreoidh foirmíochtaí ábhartha uile na Comhairle agus a gcomhlachtaí ullmhúcháin i dtreo an Chomhairle Eorpach a ullmhú ar bhealach comhordaithe agus comhsheasmhach.

    • 9 Samhain

      Todhchaí an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

      Tar éis coigeartú sealadach a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach in 2020 agus in 2021 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shocheacnamaíocha a tháinig as paindéim COVID-19, d’fhormheas na hairí conclúidí maidir le todhchaí an tSeimeastair Eorpaigh i ndáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

      Iarrtar sna conclúidí go bhfillfí ar ghnéithe bunriachtanacha an tSeimeastair Eorpaigh i dtimthriall 2022, go háirithe athbhunú tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha.

    • 18 Meitheamh

      Moltaí glactha ag an gComhairle maidir leis na cláir um chobhsaíocht agus um chóineasú nuashonraithe

      Ghlac an Chomhairle 27 moladh maidir leis na cláir um chobhsaíocht agus um chóineasú nuashonraithe mar chuid de thimthriall Sheimeastar Eorpach 2021.

      Feictear sna cláir go bhfuiltear ag leanúint leis an gclásal ginearálta éalaithe agus tugann siad aghaidh ar sheasamh buiséadach na mBallstát i dtéarmaí cáilíochtúla.

    • 23 Márta

      Treochlár nuashonraithe agus tuarascáil ón uachtaránacht maidir le Seimeastar Eorpach 2021

      Scrúdaigh an Chomhairle tuarascáil ón uachtaránacht maidir le Seimeastar Eorpach 2021 agus maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Tugtar ar aird sa tuarascáil go mbeidh ríthábhacht le tacaíocht bheartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais don téarnamh. Leagtar béim ann chomh maith ar an gcaoi gur cheart na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a bheith mar phríomhdhoiciméid tagartha sna tionscnaimh bheartais réamhbhreathnaitheacha ag na Ballstáit. Ní mór go gcuimseodh na pleananna an clár oibre náisiúnta maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí, go mbeidís i gcomhréir leis na dúshláin agus tosaíochtaí ábhartha tírshonracha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus go mbeidís i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais, agus go ndíreoidís ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach.

      I bhfianaise chomhthéacs ar leith na paindéime agus an ghá atá le coigeartú leanúnach chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhordú leis an Seimeastar Eorpach, chuir an uachtaránacht treochlár nuashonraithe i láthair maidir le Seimeastar Eorpach 2021.

    • 25 Eanáir

      Conclúidí formheasta ag an gComhairle i ndáil leis an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh agus i ndáil leis an dréachtmholadh maidir leis an limistéar euro

      D'fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil leis an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh do 2021. Is an tuarascáil túsphointe an nós imeachta bhliantúil maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Is é conclúid na tuarascála gur chuir géarchéim COVID-19 le roinnt míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhí ann cheana sna Ballstáit agus go bhfuil rioscaí nua ag baint léi. Cuireann sin chun suntais nach mór an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na bearta tacaíochta atá ar fáil ón Aontas.

      D'fhormheas an Chomhairle freisin an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Cuirtear i dtábhacht go láidir sa mholadh an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a úsáid, lena dtugtar treoir bheartais maidir le tosaíochtaí ba cheart do na Ballstáit a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Cuirfear an moladh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta lena fhormhuiniú, sula nglacfaidh an Chomhairle go foirmiúil é.