Skip to content

A bhfuil i gceist le hamhábhair chriticiúla

Tá gá le hamhábhair chriticiúla le haghaidh feidhmiú agus sláine réimse leathain tionscal. Is den ríthábhacht é, ó thaobh an iomaíochais agus na slándála eacnamaíche de, go mbeadh rochtain shlán ag an Aontas ar na hábhair sin.

Cad is amhábhair chriticiúla ann agus cad chuige a n‑úsáidtear iad?

Is as miotail, mianraí agus mianraí náisiúnta a dhéantar mórán táirgí a úsáidimid ar bhonn laethúil. Amhábhair chriticiúla a thugtar ar na hamhábhair sin arb iad is tábhachtaí ó thaobh an gheilleagair de agus a bhfuil ardriosca soláthair ag baint leo.

Tá amhábhair chriticiúla ríthábhachtach d’fheidhmiú agus do shláine réimse leathain tionscal barrthábhachtach ar fud an Aontais. Ar na tionscail sin tá fuinneamh in-athnuaite, monarú gluaisteán, teicneolaíochtaí digiteacha agus an chosaint. Bíonn amhábhair chriticiúla in úsáid freisin i mórán fearais laethúla, cuir i gcás fóin chliste, gluaisteáin leictreacha, tuirbíní gaoithe, leasacháin plandaí nó aerárthaí.

fón cliste

Teicneolaíocht chreathach i bhfóin = tungstan

gluaisteán leictreach

Feithiclí leictreacha = litiam, cóbalt agus nicil

muileann gaoithe

Tuirbíní gaoithe = bórón

As na 34 amhábhar chriticiúla a sainaithníodh, rinneadh liosta sonrach d’amhábhair straitéiseacha (féach na 17 n-amhábhar straitéiseacha ar a bhfuil dath buí thíos) le haghaidh na n-ábhar sin a meastar go sáróidh an t-éileamh orthu an soláthar a bheidh ar fáil díobh sna blianta amach romhainn, i ngeall ar a dtábhacht eacnamaíoch (a spreagann an t-éileamh) agus na ceanglais chasta táirgeachta a bhaineann leo (a chuireann srian ar an soláthar).

Déanfar athbhreithniú rialta ar an liosta seo.

Leagan téacs
  1. Alúmanam/Báicsít/alúmana
  2. Gual Cóic
  3. Litiam
  4. Fosfar
  5. Antamón
  6. Iathchloch
  7. Dúile tearc-chré éadroma
  8. Scaindiam
  9. Arsanaic
  10. Fluar
  11. Maignéisiam
  12. Miotal sileacain
  13. Bairít
  14. Gailliam
  15. Mangainéis
  16. Strointiam
  17. Beirilliam
  18. Gearmáiniam
  19. Graifít
  20. Tantalam
  21. Biosmat
  22. Haifniam
  23. Niaibiam
  24. Miotal tíotáiniam
  25. Bórón
  26. Héiliam
  27. Miotail de chuid an ghrúpa Platanaim
  28. Tungstan
  29. Cóbalt
  30. Dúile tearc-chré troma
  31. Carraig fosfáite
  32. Vanaidiam
  33. Copar
  34. Nicil

*Amhábhair straitéiseacha i measc na ndúl tearc-chré trom agus na ndúl tearc-chré éadrom: Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce

Tábhacht eacnamaíoch na n-amhábhar criticiúil

Tá amhábhair chriticiúla ríthábhachtach do gheilleagar na hEorpa agus do na teicneolaíochtaí is bonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Is comhpháirteanna barrthábhachtacha iad i gceallraí, i bhfeithiclí leictreacha, i dtuirbíní gaoithe, i leathsheoltóirí, i dteicneolaíochta IS agus i gcórais chosanta.

De réir mar atá méadú ag teacht ar an éileamh sna hearnálacha sin, san Eoraip agus ar fud na cruinne, is amhlaidh is tábhachtaí atá sé rochtain shlán a fháil ar na hábhair sin ar mhaithe le hiomaíochas tionsclaíoch, nuálaíocht agus slándáil eacnamaíoch an Aontais.

Éileamh ar ábhair san Aontas Eorpach (cás ardéilimh)

Leagan téacs

Tarraingítear aird sa ghraf ar na cúig amhábhar chriticiúla a bhfuil an t-éileamh is airde orthu san Aontas in 2020, agus léirítear ann éilimh gheallta na gcúig amhábhar sin do 2030 agus do 2050.

Mar shampla, táthar ag súil go mbeidh ról ríthábhachtach ag alúmanam in aistriú na hEorpa chuig todhchaí inbhuanaithe, ós rud é gur príomhghné é i mbeagnach gach teicneolaíocht fuinnimh ghlain dá dtugtar tús áite sa Ghníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta, mar shampla córais fhótavoltacha ghréine, tuirbíní gaoithe, teicneolaíochtaí eangaí agus ceallraí. Meastar go dtiocfaidh méadú 543% air ó 2020 go 2050.

Léirítear leis na sonraí seo réamhaisnéis maidir le héileamh na n-amhábhar criticiúil cúig earnáil straitéiseacha de chuid an Aontais: foinse fuinnimh in-athnuaite, soghluaisteacht leictreach, tionscal, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus aeraspás agus cosaint.

An soláthar agus an t-éileamh domhanda

Déantar amhábhair chriticiúla a sholáthar ó thíortha lasmuigh den Aontas den chuid is mó. Is é is cúis leis sin a ndáileadh éagothrom timpeall na cruinne, difríochtaí maidir leis an tslí a nglactar leo go sóisialta (a bhaineann lena dtionchar ar cheantair áitiúla) agus an iomaíocht idir gníomhaíochtaí éagsúla eacnamaíochta ó thaobh úsáid talún de.

Faoi láthair, tá an tAontas an-spleách ar líon teoranta tíortha i gcás mórán amhábhair chriticiúla. I gcásanna áirithe, is beag nach bhfuil an tAontas iomlán spleách ar aon soláthróir amháin. Tá sé sin amhlaidh go háirithe i gcás dúile tearc-chré agus ábhair straitéiseacha eile, litiam, mar shampla, a ndéantar a iompórtáil ó líon an-bheag tíortha is táirgeoirí.

Na tíortha is mó a sholáthraíonn amhábhair chriticiúla don Aontas

Leagan téacs

Léarscáil dhomhanda na bpríomhsholáthróirí amhábhar criticiúil chuig an Aontas: Is í an tSín an soláthróir is mó ar domhan agus san Aontas araon do thromlach na n-amhábhar criticiúil, mar shampla bairít, biosmat, gailliam, gearmáiniam, maignéisiam, graifít nádúrtha, gach cré neamhchoitianta (na dúile tearc-chré troma agus na dúile tearc-chré éadroma), tungstan agus vanaidiam.

Cé go bhfuil an tSín fós ina mórsholáthróir de chuid an Aontais Eorpaigh, is ón Aontas féin a thagann líon áirithe de na hamhábhair chriticiúla, e.g. gual cóic agus copar ón bPolainn, arsanaic ón mBeilg, haifniam ón bhFrainc, strointiam ón Spáinn nó nicil ón bhFionlainn.

Fágann comhdhlúthú seo na slabhraí soláthair domhanda le haghaidh amhábhair chriticiúla i líon beag tíortha go bhfuil an tAontas neamhchosanta ar shuaití soláthair a bhaineann le teannas geopholaitiúil, srianta trádála nó an méadú ar an éileamh iomaíoch domhanda. Ó tharla go bhfuil na hábhair seo riachtanach le haghaidh earnálacha straitéiseacha, d’fhéadfadh suaitheadh cur isteach ar thionsclaíocht, iomaíochas agus cobhsaíocht eacnamaíoch na hEorpa.

Ina theannta sin, ó 2024 i leith, mar gheall ar shrianta onnmhairiúcháin atá forchurtha ag tríú tíortha ar dhúile tearc-chré agus ar ábhair chriticiúla eile, is tábhachtaí ná riamh dlús a chur le straitéis éagsúlaithe an Aontais.

Mar shampla, ó 2023 i leith, ghlac an tSín sraith beart rialaithe onnmhairí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, cuir i gcás graifít, gailliam, tungstan, biosmat, gearmáiniam agus dúile tearc-chré. Tá feidhm ag na bearta sin freisin maidir le táirgí ceallra áirithe agus trealamh a úsáidtear chun dúile tearc-chré a phróiseáil.

Tá a córas rialaithe onnmhairí á forbairt a thuilleadh ag an tSín, agus aghaidh á tabhairt aici ar amhábhair chriticiúla áirithe agus táirgí gaolmhara mar chuid de sin. Cuireann sé sin leis an éiginnteacht d’oibreoirí tionsclaíocha an Aontais agus tá iarmhairtí aige i ndáil le slándáil eacnamaíoch an Aontais agus a chuid iarrachtaí a spleáchais straitéiseacha a laghdú.

I gcomhthráth, tá dlús curtha ag gníomhaithe domhanda eile lena ngníomhaíocht chun rochtain ar amhábhair chriticiúla a dhaingniú dá dtionscail trí thionscadail amhábhar criticiúil a mhaoiniú agus a soláthairtí a éagsúlú trí chomhpháirtíochtaí.

Gníomh an Aontais um amhábhair chriticiúla

Tháinig an gníomh um amhábhair chriticiúla i bhfeidhm an 23 Bealtaine 2024. Is é is príomhchuspóir dó spleáchas an Aontais ar sholáthróirí amhábhar straitéiseach ó thríú tíortha a laghdú.

Leagtar síos sa Ghníomh ceithre thagarmharc neamhcheangailteacha le haghaidh 2030:

  • is san Aontas a bhainfear 10% ar a laghad de na hamhábhair chriticiúla a ídítear san Aontas in aghaidh na bliana
  • déanfar 40% ar a laghad a phróiseáil san Aontas
  • eascróidh 25% ar a laghad as athchúrsáil a dhéantar san Aontas
  • agus ní thiocfaidh níos mó ná 65% de sholáthar an Aontais as aon tríú tír amháin.

Cuirtear dul chun cinn teicneolaíoch agus éifeachtúlacht acmhainní chun cinn sa ghníomh freisin chun maolú a dhéanamh ar an méadú a mheasfar a thiocfaidh ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha san Aontas.

Léaráid ina dtaispeántar tíleanna dúile ceimiceacha le haghaidh bóróin, maignéisiam, scaindiam, tungstain, cóbailt agus nicile laistigh de chiorcal mór, agus línte á nascadh le léaráidí de thuirbín gaoithe, fón póca, eitleán agus gluaisteán leictreach.
An gníomh um amhábhair chriticiúla: cor cinniúnach don Aontas

An gníomh um amhábhair chriticiúla: cor cinniúnach don Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Lúnasa 2026