- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Iúil 2015 12:00
Deireadh le táillí fánaíochta: Deimhníonn an Chomhairle gur thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa
Glacadh céim eile chun deireadh a chur le muirir fánaíochta soghluaistean 8 Iúil 2015, nuair a d'fhormheas Ballstáitag Coiste na mBuanionadaithe an socrú le Parlaimint na hEorpa. Sa dlí nua freisin beidh na chéad rialacha uile-Eorpacha chun rochtain ar an idirlíon oscailte a chosaint, dá ngairtear neodracht líonra freisin.
Deireadh le táillí fánaíochta i lár 2017
Faoin gcomhaontú sin, cuirfear deireadh le formhuirir fánaíochta san Aontas Eorpachamhail ón 15 Meitheamh 2017. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta ‘beartas maidir le húsáid chóir’ a chur i bhfeidhm chun úsáid éagórach na fánaíochta a chosc. Áireofar sa méid sin úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta chun críocha eile seachas taisteal tréimhsiúil.
I ndáil le fánaíocht a théann thar an úsáid chóir, féadfar táille bheag a mhuirearú. Ní féidir don táille sin a bheith níos airde ná an ráta uasta módhíola a íocann oibreoirí chun líonraí as tíortha eile de chuid AE a úsáid. Déanfaidh an Coimisiún an teorainn maidir le húsáid chóir a shainiú faoin15 Nollaig 2016.
Chun go bhféadfar inbhuanaitheacht ar fud AE a áirithiú le deireadh a chur le muirir fánaíochta ní mór na rátaí mórdhíola atá ann faoi láthair a laghdú. Chuige sin, tabharfar údarás don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh fánaíochta mórdhíola agus dlí nua a mholadh faoin 15 Meitheamh 2016. De bhreis air sin, tabharfar coimircí isteach lena dtabharfar aghaidh ar aisghabháil costas ag oibreoirí.
Dúirt Xavier Bettel, Príomh-Aire Lucsamburg agus Aire Cumarsáide agus na Meán agus Uachtarán na Comhairle: Taispeántar leis an gcomhaontú maidir le deireadh a chur leis an bhfánaíocht faoi Mheitheamh 2017, gur féidir leis an Aontas Eorpach tairbhí nithiúla a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa. Is féidir leis an Eoraip beart a chur i gcrích.”
Fánaíocht níos saoire cheana féin in 2016
Laghdófar táillí fánaíochta cheana féin an 30 Aibreán 2016. Beidh mar fhormhuirear uasta ansin EUR 0.05 an nóiméad do ghlaonna, EUR 0.02 do théacsanna agus EUR 0.05 in aghaidh an mheigibhirt de shonraí. Tá na méideanna sin ag freagairt do na rátaí uasta mórdhíola atá ann faoi láthair. I gcás glaonna a fhaightear, is é an fomhuirear uasta a bheidh ann meánráta ualaithe na rátaí uasta críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais, a leagfaidh an Coimisiún amach faoi dheireadh 2015.
Tagraíonn caidhpeanna miondíola fánaíochta reatha AE don mhéid is féidir le hoibreoirí a gcuid custaiméirí a mhuirearú. I bhfocail eile, cumhdaítear leo na praghsanna intíre móide an formhuirear. Chomh maith leis sin tar éis an 30 Aibreán 2016, ní féidir go mbeidh suim na bpraghsanna intíre agus aon fhormhuirear in aon chás a bheith níos airde ná na caidhpeanna mórdhíola atá ann faoi láthair (EUR 0.19 an nóiméad do ghlaonna, EUR 0.06 do théacsanna agus EUR 0.20 in aghaidh an mheigibhirt de shonraí).
Idirlíon oscailte a chosaint
Don chéad uair riamh, leagfar síos i ndlí AE go mbeidh ar oibreoirí déileáil ar bhonn comhionann leis an trácht ar fad nuair a chuirfidh siad seirbhísí rochtana idirlín ar fáil. Cumhdaítear an prionsabal sa téacs freisin go mbeidh sé de cheart ag úsáideoirí rochtain a fháil ar a rogha ábhar agus é a scaipeadh ar an Idirlíon.
Féadfaidh oibreoirí bearta bainistithe tráchta réasúnta a úsáid chun an t-Idirlíon a choimeád sa siúl. Bunófar bearta den sórt sin ar cheanglais oibiachtúla theicniúla, seachas ar bhreithnithe tráchtála amháin. Ní cheadófar blocáil nó scóigeadh ach amháin i líon teoranta cásanna, mar shampla, chun cibear-ionsaí a chomhrac nó dul i ngleic le brú tráchta eisceachtúil nó sealadach.
Ceadófar comhaontuithe maidir le seirbhísí barrfheabhsaithe d'ábhar sonrach, i gcás ina mbeidh barrfheabhsú riachtanach, ach beidh ar oibreoirí a áirithiú go mbeidh na seirbhísí rochtana ar an idirlíon ar ardchaighdeán. Áirítear ar sheirbhísí speisialaithe den sórt sin, mar shampla, cian-mháinliacht agus carranna nasctha.
Beidh rialacha an Idirlín oscailte infheidhme ón 30 Aibreán 2016, arb é an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an Rialachán nua.
“Céim stairiúil nach beag is ea í prionsabal an idirlín oscailte a chumhdach i reachtaíocht AE,” a dúirt an Príomh-Aire Bettel. “Coinnimid an deis chun nuáil a dhéanamh. Is comhaontú é seo atá oiriúnaithe don todhchaí.”
Conas a dhéanfar dlí de?
Cuirfear bailchríoch theicniúil ar an téacs comhaontaithe. Ní mór don Chomhairle agus don Pharlaimint é a fhormheas go foirmiúil ansin. Meastar go nglacfaidh an Chomhairle é go foirmiúil i bhFómhar na bliana 2015. Ní gá go ndéanfar é sin ag an gComhairle Telecom: tá sé de chumhacht ag foirmíocht de chuid na Comhairle an gníomh dlíthiúil a ghlacadh.
Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm fiche lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Teagmhálaithe preasa
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024