- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Iúil 2015 18:45
Conclúidí ón gComhairle maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir
1. Athdheimhníonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do réiteach cóir agus cuimsitheach ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín, bunaithe ar an réiteach dhá stát, le Stát Iosrael agus Stát na Palaistíne a bheidh neamhspleách, daonlathach, comhtheagmhálach, ceannasach agus inmharthana, ag maireachtáil, taobh le taobh, faoi shíocháin, agus faoi shlándáil mar aon le haitheantas frithpháirteach. Athdhearbhaíonn an tAontas nach bhfuil aon rogha eile ann seachas an réiteach dhá stát a chaibidliú. Sa chomhthéacs réigiúnach leanúnach, lena n-áirítear an radacú agus leathadh na sceimhlitheoireachta, tá sé níos práinní fós deireadh a chur leis an gcoinbhleacht. Ní rogha é an status quo, mar tá inmharthanacht réiteach an dá stát á creimeadh i gcónaí leis na fíricí nua ar an láthair. Áitíonn an tAontas ar an dá pháirtí a léiriú go bhfuil siad tiomanta don réiteach dhá stát trí ghníomhaíochtaí nithiúla. Ní mór gníomhaíochtaí a sheachaint lena gcuirfí in amhras a ngealltanais dhearbhaithe i leith réiteach caibidlithe. Tacóidh an tAontas Eorpach go gníomhach leis na páirtithe chun an mhuinín a athbhunú agus an timpeallacht a bhfuil gá léi a chruthú chun dul i mbun caibidlíochta, a luaithe is féidir.
2. Ní foláir go mbeidh sé ina thosaíocht láithreach aghaidh a thabhairt ar an gcás tromchúiseach i Stráice Gaza. Bliain amháin tar éis na coinbhleachta, tá an staid dhaonnúil agus shoceacnamaíoch i Stráice Gaza uafásach i gcónaí. I bhfianaise riachtanais phráinneacha mhuintir Gaza, ba cheart gealltanais uile an chomhphobail idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cuireann an tAontas in iúl gur cúis imní dó an mhóreaspa cistí i gcás UNRWA agus, mar dheontóir príomha do UNRWA, iarrann sé ar na deontóirí uile lena mbaineann dlús a chur lena maoiniú.
Creideann an tAontas go bhfuil sé ina bhunchloch don tsíocháin agus don tslándáil sa réigiún, go gcomhlíonfaidh na Stáit agus na gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad, an dlí idirnáisiúnta daonnúil agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear cuntasachta.
3. Is díol sásaimh don Aontas na céimeanna a ghlac Iosrael le déanaí chun srianta in Gaza a mhaolú. Mar sin féin, beidh gá anois le tuilleadh beart dearfach lena gcumasófar cabhair dhaonnúil a sheachadadh ina hiomláine mar aon le hatógáil agus téarnamh eacnamaíoch ar bhonn buan. Iarrann an tAontas go ndéanfaí athrú ó bhonn ar an staid pholaitiúil, slándála agus eacnamaíoch i Stráice Gaza, lena n-áirítear deireadh a chur leis an dúnadh agus pointí trasnaithe a oscailt go hiomlán, agus aghaidh á tabhairt ar ábhar imní dlisteanach Iosrael ó thaobh na slándála de. Ní féidir glacadh leis an scaoileadh roicéad atá ar siúl ag grúpaí míleatacha le déanaí agus cuireann sí i bhfios go láidir arís an chontúirt atá ann go rachaidh cúrsaí in olcas. Ní mór do na geallsealbhóirí go léir gealltanas a thabhairt i ndáil leis an neamh-fhoréigean agus leis an tsíocháin. Iarrann an tAontas ar na páirtithe uile teacht ar chomhaontú maidir le sos comhraic marthanach a bhaint amach le go seachnófar coinbhleacht, lena neartófar Gaza mar is cuid de Stát na Palaistíne a bheidh ann amach anseo é agus lena dtreisítear an nasc idir Gaza agus an Bruach Thiar.
4. Tathantaíonn an tAontas ar gach faicsean den Phalaistín chun teacht ar chomhaontú, ar bhonn na síochána agus an athmhuintearais, agus oibriú le chéile chun dul i ngleic le riachtanais an daonra Phalaistínigh. Is gné thábhachtach é an t-athmhuintearas inmheánach sa Phalaistín chun teacht ar an réiteach dhá stát. I ndáil leis sin, iarrann an tAontas ar na faicsin Phalaistíneacha go mbeidh sé ina thosaíocht acu go mbeidh athmhuintearas ann agus Údaráis na Palaistíne a thabhairt ar ais do Gaza. Ní mór d'Údarás na Palaistíne níos mó freagrachta a ghlacadh chuige féin agus a fheidhm rialtais a ghlacadh i Stráice Gaza, lena n-áirítear i réimse na slándála, an riaracháin shibhialta agus trína bheith i láthair ag na pointí trasnaithe in Gaza. Tá an tAontas réidh chun tacú leis na hiarrachtaí sin, lena n-áirítear trína chuid misean, is é sin EUBAM Rafah agus EUPOL COPPS a chur i ngníomh an athuair go pras agus b'fhéidir trí raon feidhme agus sainordú na misean a mhéadú freisin.
5. Tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair le gach taobh, lena n-áirítear trí chomhaontuithe atá ann cheana féin a chur chun feidhme, le go gceadófar forbairt shocheacnamaíoch an Bhruaigh Thiar, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir agus chun na hinstitiúidí Palaistíneacha a chumhachtú mar ullmhúchán chun bheith ina stát, bunaithe ar an smacht reachta agus ar an urraim do chearta an duine. Cuireann an tAontas in iúl go láidir nach mór go mbeidh gníomhaíochtaí amhail srianta a mhaolú mar chuid d’athrú bunúsach ar an mbeartas i ndáil leis an gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil. Iarrann sí ar Iosrael a chumasú gur féidir tógáil a thosú go pras maidir leis an bPalaistín, chomh maith le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch i limistéar C. Le gníomhaíochtaí den sórt sin, neartófar an rathúnas agus an tslándáil do na hIosraelaigh agus do na Palaistínigh araon. Iarrann sí freisin ar údaráis Iosrael deireadh a chur le pleananna chun an daonra a aistriú go héigeantach agus i gcás scartáil tithe agus bonneagar na Palaistíne i gComhphobail Susya agus Abu Nwar.
6. Beidh caomhnú inmharthanacht an réitigh dhá stát ina dhlúthchuid de bheartas an Aontais agus beidh sin ina thosaíocht i gcónaí. I ndáil leis sin, agus ag meabhrú dó go bhfuil lonnaíochtaí mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé go láidir i gcoinne bheartas lonnaíochta agus ghníomhaíochta lonnaíochta Iosrael sa chomhthéacs seo, amhail bac deighilte a thógáil thar an líne ó 1967, scartáil agus coigistiú - lena n-áirítear tionscnaimh atá á maoiniú ag an Aontas - díshealbhuithe, aistriú éigeantach lena n-áirítear na Beidiúnaigh, urphoist mhídhleathacha, foréigean lucht na lonnaíochta, agus srianta ar ghluaiseacht agus ar rochtain. Is bagairt thromchúiseach iad na gníomhaíochtaí sin ar an réiteach dhá stát. Is baolach, mar gheall ar an ngníomhaíocht lonnaíochta in Iarúsailéim Thoir nach mbeadh Iarúsailéim mar phríomhchathair ag an dá stát amach anseo. Leanfaidh an tAontas de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí ar an láthair agus ar na himpleachtaí níos leithne a bhaineann leo, agus tá sé réidh le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun inmharthanacht an réitigh dhá stát a chosaint. Athdheimhníonn an tAontas agus a Bhallstáit go bhfuil rún daingean acu reachtaíocht an Aontais atá ann cheana féin agus na socruithe déthaobhacha is infheidhme maidir le táirgí na lonnaíochtaí a chur chun feidhme go hiomlán agus ar bhealach éifeachtach. Cuireann an tAontas in iúl a thiomanta atá sé chun a áirithiú - i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta - nach mór a léiriú go soiléir agus go sainráite sna comhaontuithe uile idir Stát Iosrael agus an tAontas nach mbeidh feidhm acu maidir leis na críocha a rinne Iosrael forghabháil orthu i 1967.
7. Beidh gá le hiarracht chomhchoiteann idirnáisiúnta níos mó chun síocháin chothrom agus bhuan a bhaint amach. Beidh an tAontas, go háirithe trí bhíthin gníomhaíochta a ionadaí speisialta maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, a ceapadh le déanaí, ag obair go gníomhach ar chur chuige iltaobhach athnuaite don phróiseas síochána i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe an Cheathairéid, go háirithe leis na Stáit Aontaithe, sa réigiún agus Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Chun na críche sin, bheadh sé cabhrach grúpa Idirnáisiúnta tacaíochta a bhunú; iarrann an Chomhairle ar an Ardionadaí féachaint ar na roghanna atá ann chun an tionscnamh sin a chur chun feidhme le gníomhaithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus tuarascáil a thabhairt go luath i mí Mheán Fómhair. Le seasamh an Aontais maidir le paraiméadair, mar a leagtar amach é i gConclúidí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, i mí Iúil 2014, tugtar bunús le haghaidh comhthoil a bhaint amach maidir leis an mbealach chun cinn. Tá an tAontas réidh chun páirt a ghlacadh san obair leis na comhpháirtithe réigiúnacha bunaithe ar an Tionscnamh Síochána Arabach, agus is díol sásaimh dó na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCeathairéad, i ndáil leis an méid sin.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024