- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Márta 2017 13:00
Slándáil agus cosaint: Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an dul chun cinn agus comhaontaíonn sí an tacaíocht do mhisin mhíleata a fheabhsú
Ar an 6 Márta ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh i réimse na slándála agus na cosanta. Áirítear sna conclúidí measúnú ar an méid a rinneadh chun go gcuirfí chun feidhme na gníomhaíochtaí éagsúla a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar an 15 Nollaig 2016. Is bunús iad don tuarascáil le haghaidh na Comhairle Eorpaí an 9 agus an 10 Márta 2017.
“Ar theacht le chéile dóibh inniu thug airí gnóthaí eachtracha agus airí cosanta uile an Aontais Eorpaigh an teachtaireacht seo uathu: táimid ag dul ar aghaidh go réidh chun go mbainfimid comhar níos fearr amach i gcúrsaí cosanta agus leanfaimid linn uime sin. Is éard atá i gceist leis sin ár saoránaigh a chosaint. Tá uirlisí ar leith ag an Aontas Eorpach chun cabhrú le muintir na hEorpa a bheith níos freagraí as a slándáil féin agus a bheith níos éifeachtaí ina gcuid iarrachtaí chuige sin. Is leis an méid sin a bhaineann ár gcuid oibre i dtaca le slándáil agus cosaint.”
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini
D’fhormheas an Chomhairle nóta coincheapa freisin maidir le pleanáil oibríochtúil agus cumas seolta le haghaidh mhisin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC), nóta ina bhfuil bearta lena bhfeabhsófaí cumas an Aontais freagairt ar bhealach níos gasta, níos éifeachtaí agus níos rianúla, ag tógáil ar na struchtúir atá ann cheana agus i bhfianaise sineirgí sibhialta-míleata a fheabhsú, mar chuid de chur chuige cuimsitheach an Aontais.
Áirítear ar na bearta sin cumas míleata pleanála agus seolta (MPCC) a bhunú, laistigh d'Fhoireann Mhíleata reatha na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, i dtaca lemisin mhíleata neamhfheidhmiúcháin a phleanáil agus a sheoladh. Is é Ard-Stiúrthóir na Foirne Míleata AE a bheidh ina Stiúrthóir ar MPCC agus ina cháil sin glacfaidh sé chuige ceannasaíocht na misean míleata neamhfheidhmiúcháin CBSC, (is iad sin, faoi láthair, misin oiliúna an Aontais Eorpaigh sa tSomáil, san Afraic Láir agus i Mailí). Leis an méid sin cuirfear ar chumas na gceannasaithe misin atá ar an láthair díriú ar ghnéithe sonracha dá gcuid misean, de bharr tacaíocht níos fearr arna soláthar dóibh ón mBruiséil.
Oibreoidh MPCC faoi rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC), ar coiste é de chomhdhéanamh ambasadóirí na mBallstát AE, lonnaithe sa Bhruiséil. Oibreoidh MPCC go dlúth lena mhacasamhail shibhialta reatha, mar atá an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta (CPCC), agus is trí aonad um chomhordú comhthacaíochta a oibreoidh siad. Beidh an t-aonad sin in ann saineolas, eolas agus dea-chleachtais a roinnt i dtaca le saincheisteanna arb ábhartha iad ó thaobh misin mhíleata agus shibhialta araon, beidh siad in ann cumas a roinnt freisin sa chás go n-imscartar misin shibhialta agus mhíleata go comhuaineach sa limistéar céanna, cumas ar a n-airítear tacaíocht leighis nó bearta cosanta.
Léirítear bunú MPCC sna conclúidí ón gComhairle. Tugtar aird iontu freisin ar réimsí eile slándála agus cosanta agus tugtar treoir bhreise iontu. Áirítear ar na réimsí a chumhdaítear:
- go mbeadh ann dobhuanchomhar struchtúrtha (PESCO). Foráiltear i gConradh Liospóin go bhfeadfaidh grúpa Ballstát AE a gcomhar i gcúrsaí míleata a neartú (Airteagal 42(6) agus Airteagal 46 CAE). Dá gcuirfí córas cuimsitheach, modúlach de bhuanchomhar struchtúrtha ar bun, is fearr a bheadh an comhoibriú idir na Ballstáit i réimse na slándála agus na cosanta, comhoibriú a bheadh ar bhonn deonach.
- gur féidir go mbeadh ann d’ athbhreithniú comhordaithe bliantúil maidir le cosaint (CARD), á stiúradh ag na Ballstáit, lena mbunófaí próiseas chun léargas níos fearr a fháil, ar leibhéal an Aontais, ar shaincheisteanna amhail caiteachas ar chosaint agus infheistíocht náisiúnta chomh maith le hiarrachtaí i dtaca le taighde ar chosaint. Trí chumais chosanta na hEorpa a dhéanamh níos trédhearcaí, agus tríd an léargas polaitiúil a dhéanamh níos fearr, bheadh i gceist le CARD easnaimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu trí chomhar níos fearr i gcúrsaí cosanta agus trí chur chuige níos fearr agus níos comhleanúnaí i leith pleanáil i dtaca le caiteachas ar chosaint.
- obair leantach i réimsí eile, amhail bosca uirlisí an Aontais don mhearfhreagairt, a neartú lena n-áirítear cathghrúpaí an Aontais agus cumais shibhialtach, fothú acmhainní chun tacú le slándáil agus forbairt, agus forbairt ar fheasacht staide agus ar chumas cosanta.
Tugann an Chomhairle dá haire freisin an dul chun a rinneadh i gcur chun feidhme an tacair choitinn de mholtaí i ndáil le comhar idir an tAontas agus ECAT agus sa phlean gníomhaíochta Eorpach um chosaint de chuid an Choimisiúin.
Cúlra
Ar an 14 Samhain 2016, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta. Leagtar amach leis na conclúidí sin méid na huallmhéine, is é sin na príomhaidhmeanna is mian leis an Aontas agus na Ballstáit a bhaint amach i réimse na slándála agus na cosanta. Leag an Chomhairle trí thosaíocht straitéiseach amach: freagairt do choinbhleachtaí seachtracha agus do ghearchéimeanna seachtracha, tógáil ar chumais na gcomhpháirtithe, agus an tAontas Eorpach agus saoránaigh an Aontais a chosaint.
Rinne an tArdionadaí, ag gníomhú di ina cáil mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach agus mar Cheann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint freisin, an plean cur chun feidhme maidir le cúrsaí slándála agus cosanta a chur faoi bhráid na mBallstát. Is cuid é den obair leantach ar straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála é, a chuir an tArdionadaí faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar an 28 Meitheamh. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis dhomhanda ar an 17 Deireadh Fómhair 2016.
Tá i gceist freisin le cur chun feidhme straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh breis oibre a dhéanamh ar athléimneacht a fhorbairt agus ar chur chuige comhtháite a fhorbairt i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna, an nasc a neartú idir beartais inmheánacha agus beartais sheachtracha, straitéisí réigiúnacha agus téamacha a thabhairt chun dáta nó straitéisí nua den sórt sin a ullmhú agus iarrachtaí a threisiú i dtaca le taidhleoireacht leis an bpobal.
- Conclúidí ón gComhairle an 6 Márta 2017 maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh i réimse na slándála agus na cosanta
- Concept Note: Operational Planning and Conduct Capabilities for CSDP Missions and Operations
- Comhar AE maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint (cúlra faisnéise)
- Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024