- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Iúil 2017 13:15
Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn: Tá an Chomhairle réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le caighdeáin cháilíochta agus caighdeáin chosanta
Ar an 19 Iúil 2017, d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) sainordú le haghaidh caibidlíocht i ndáil le rialachán maidir leis na caighdeáin cháilíochta, an stádas agus an chosaint a thugtar do dhídeanaithe agus do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach, thar ceann na Comhairle. Ar bhonn an tsainordaithe sin, cuirfidh an Uachtaránacht tús le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir.
"Is cuid bhunúsach é an athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn den bheartas cuimsitheach imirce atá againn agus, dá bhrí sin, tá tábhacht nach beag leis don Eoraip. Cé is moite de chearta agus oibleagáidí comhionanna a bhaint amach do lucht iarrtha tearmainn agus do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta ar fud na hEorpa, déanfaidh sé gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú agus cabhróidh sé leo siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu dáiríre chomh maith. Beidh méid iarbhír na n-íocaíochtaí sóisialta i lámha gach Ballstát go fóill”, a dúirt Andres Anvelt, Aire Gnóthaí Baile na hEastóine, i ndiaidh chomhaontú an lae inniu maidir le caighdeáin cháilíochta agus caighdeáin chosanta. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hUachtaránacht Mhálta freisin as obair na gcapall a dhéanamh ar an gcomhad seo”, a dúirt Aire Anvelt.
D’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais téacs an tsainordaithe ar an tuiscint go ndéanfar plé arís amach anseo ar na codanna a bhaineann le comhaid eile den athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET) a luaithe a thiocfar ar chomhaontú maidir leis na tograí sin.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an dréachtrialachán:
- a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na critéir chomhchoiteanna a chur chun feidhme maidir le daoine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dáiríre
- a áirithiú go bhfuil an tacar comhchoiteann céanna de chearta ar fáil do na daoine sin i ngach Ballstát
A luaithe a ghlacfar an rialachán, ba cheart go gcaithfí go cothrom le gach iarratasóir i mBallstáit uile an Aontais, rud a chuidíonn le gluaiseachtaí tánaisteacha a sheachaint.
Sainmhínítear sa dréachtrialachán na caighdeáin i ndáil le cáiliú do stádas dídeanaí agus do chosaint choimhdeach araon. Leagtar síos ann freisin na gnéithe nach mór a chur san áireamh i ndáil le measúnú a dhéanamh ar iarratas.
Sonraítear sa dréachtrialachán an chosaint a thugtar do thairbhithe, lena n-áirítear fad an cheada chónaithe agus a gcearta i ndáil le rochtain ar fhostaíocht, oideachas, slándáil shóisialta, cúram sláinte, cóiríocht agus bearta lánpháirtíochta. Teorannaíonn sé an ceart cónaithe de thairbhithe cosanta idirnáisiúnta don Bhallstát a thug an chosaint dóibh.
Áirítear sa Rialachán freisin gnéithe sonracha chun cás na mionaoiseach, go háirithe na mionaoiseacha neamhthionlactha a chur san áireamh.
Cúlra
Tar éis na teachtaireachta a thíolaic sé ar an 6 Aibreán 2016 maidir leis an athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, thíolaic an Coimisiún, i mí na Bealtaine agus i mí Iúil, seacht gcinn de thograí reachtacha, lena n-áirítear an togra thuasluaite, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas a chur ar fheidhmiú CET trí dheireadh a chur leis an gcaoi éagsúil a gcaitear le lucht iarrtha tearmainn agus le rátaí éagsúla aitheantais i measc na mBallstát;
- gluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú agus cur le dáileadh freagrachta ar bhealach níos cothroime i measc na mBallstát chun cosaint a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024