- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Nollaig 2017 13:30
Margadh inmheánach leictreachais atá níos iomaíche agus níos dírithe ar thomhaltóirí — an Chomhairle tagtha ar chur chuige ginearálta
Ar an 18 Nollaig, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta (seasamh caibidlíochta) maidir le treoir lena leagtar amach rialacha comhchoiteanna chun a áirithiú go mbeidh margadh inmheánach leictreachais san Aontas a bheidh iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach.
Sa treoir sin, atá ina chuid den phacáiste fuinnimh ghlain, cuirtear béim ar leith ar thomhaltóirí agus ar an tábhacht a bhaineann le margadh inmheánach dea-fheidhmiúil. Tugtar cearta sa bhreis do chustaiméirí leis, tugtar réiteach cothrom ar an bpraghsáil rialáilte, leagtar amach creat rialála maidir le pobail fuinnimh agus sainmhínítear róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe sa mhargadh.
"Is iad na tomhaltóirí ár bpríomhthosaíocht sa reachtaíocht sin. Tá sé mar aidhm againn margadh iomaíoch a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar leictreachas inacmhainne do gach duine, ach ina theannta sin tabharfaimid an rogha do rialtais cuidiú in am an ghátair. Lena chois sin, beidh sé ar chumas na dtomhaltóirí bheith gníomhach gnóthach sa scéal agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Is féidir a bheith cinnte, mar sin, go mbeidh an margadh leictreachais ag riar ar mhuintir na hEorpa." Kadri Simson, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair Phoblacht na hEastóine
Beidh an Chomhairle in ann dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint go luath sa bhliain úr mar gheall ar an gcur chuige ginearálta sin. Tá seasamh na Comhairle bunaithe ar an togra ón gCoimisiún agus cuimsítear na príomhghnéithe seo a leanas ann:
Sa mhargadh leictreachais a bheidh ann amach anseo, beidh soláthraithe leictreachais ábalta praghsanna a shocrú go neamhshrianta. Cuirfidh sé teorainn le saobhadh, cuirfidh sé borradh faoin iomaíocht, agus beidh praghsanna níos ísle do thomhaltóirí mar thoradh air. Beidh sé ar chumas na mBallstát praghsanna a rialáil ar bhonn sealadach chun cabhrú le tomhaltóirí teaghlaigh atá bocht nó leochaileach ó thaobh an fhuinnimh dó. Cuirfear roinnt cosaintí margaidh i bhfeidhm chun trasdeontais agus idirdhealú ar rannpháirtithe sa mhargadh a sheachaint, lena áirithiú nach saobhfar feidhmiú (trasteorann) an mhargaidh mórdhíola.
Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh an creat rialála náisiúnta ar chumas soláthraithe leictreachais conradh le haghaidh praghas dinimiciúil leictreachais a thairiscint. Tabharfar cumhacht do thomhaltóirí agus beidh siad níos gníomhaí gnóthaí sa mhargadh mar gheall ar na conarthaí sin a bheith molta agus mar gheall ar uirlisí eile amhail méadair chliste. Áirítear sa chomhaontú rialacha sonracha maidir le méadair chliste a shuiteáil, ar gléasanna iad sin lena ndéantar tomhas fíor-ama ar thomhaltas leictreachais.
Tá creat curtha ar bun a chuireann síos ar ról, ar fheidhmiú agus ar an gcaoi a gcaitear le pobail fuinnimh chun a áirithiú go rannchuideoidh siad ar bhealach leordhóthanach cothrom le roinnt chostais foriomlána an chórais.
Maidir le saoráidí stórála fuinnimh, ceadóidh na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, d'oibreoirí an chórais dáileacháin (OCDanna) agus d'oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) a leithéid a bheith ina seilbh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú. Déanfar comhairliúcháin phoiblí d'fhonn a mheas an mbeadh spéis ag páirtithe an mhargaidh infheistiú sna saoráidí sin. Tabharfar de chúram ar na OCDanna, in éineacht leis na húdaráis rialála náisiúnta (ÚRN), na comhairliúcháin sin a dhéanamh.
Amlíne agus na chéad chéimeanna eile
Ar an 30 Samhain 2016, thíolaic an Coimisiún an pacáiste fuinnimh ghlain, lena n-áirítear togra reachtach le haghaidh treoir athbhreithnithe maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach leictreachais.
Cuireadh an pacáiste ina iomláine faoi bhráid na Comhairle Fuinnimh ag an gcruinniú a bhí aici i mí na Nollag 2016. Bhí malartú tuairimí faoin bpacáiste iomlán ag airí an Aontais i mí Feabhra 2017 agus, i mí an Mheithimh, rinne siad anailís ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais, rialachas an aontais fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.
Leis an seasamh seo, tá an Chomhairle ullamh, agus tá sí ag súil le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint a luaithe is féidir sa bhliain úr.
Cúlra
Ar an 30 Samhain 2016, thíolaic an Coimisiún an pacáiste dar teideal Clean Energy for all Europeans [Fuinneamh Glan don uile dhuine san Eoraip], lena ndírítear ar straitéis 2015 le haghaidh aontais fuinnimh a chur chun feidhme a bhfuil beartas réamhbhreathnaitheach aige maidir leis an aeráid.
As measc ocht gcinn de na tograí reachtacha sa phacáiste sin, iarrtar, le ceithre cinn acu, athchóiriú a dhéanamh ar mhargadh inmheánach leictreachais an Aontas. Diomaite den treoir sin, tá rialacháin athbhreithnithe ann maidir leis an margadh inmheánach leictreachais agus maidir leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), chomh maith le togra le haghaidh rialachán nua maidir le hullmhacht i gcomhair riosca in earnáil an leictreachais.
Fuinneamh glan do mhuintir na hEorpa: Ríthábhachtach chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun cinn (Grafaic faisnéise)
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
- @nielstimmermans.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024