Cosaint chonsalach
Tá saoránaigh den Aontas i dteideal cabhair a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon Bhallstáit den Aontas i dtír nach bhfuil san Aontas mura bhfuil ionadaíocht taidhleoireachta ag a mBallstát féin inti.
Cosaint chonsalach saoránach den Aontas
Tagraíonn cosaint chonsalach do chabhair arna soláthar ag tír dá saoránaigh a bhfuil cónaí orthu thar lear nó atá ag taisteal thar lear agus a bhfuil cúnamh de dhíth orthu.
Is Ballstáit aonair an Aontais go príomhúil atá freagrach as cúnamh consalach a thabhairt do shaoránaigh den Aontas. Mar sin féin, níl ambasáid ná consalacht dá chuid féin ag gach Ballstát den Aontas i ngach tír ar domhan. Ciallaíonn sé sin go bhfuil roinnt saoránach den Aontas gan ionadaíocht, agus nach bhfuil aon ambasáid ná consalacht óna mBallstát féin ann chun cabhrú leo.
Cearta saoránach den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu thar lear
Mar chuid dá gcearta maidir le saoránacht an Aontais, is féidir le saoránaigh den Aontas cabhair a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon Bhallstáit de chuid an Aontais má tá cúnamh de dhíth orthu lasmuigh den Aontas agus mura bhfuil ionadaíocht acu.
Is é sin le rá nach mór do gach Ballstát de chuid an Aontais cúnamh a thabhairt do shaoránaigh den Aontas a bhíonn gan ionadaíocht faoi na coinníollacha céanna lena náisiúnaigh féin.
Tugtar an ceart chun cóir chomhionann air sin agus is ceann de chearta bunúsacha saoránach den Aontas é. Tá sé cumhdaithe in Airteagail 20(2)(c) agus 23 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 46 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcúnamh frithpháirteach sin idir na Ballstáit má bhíonn géarchéim chonsalach ann. Tagann géarchéim chonsalach chun cinn nuair a bhíonn beatha, sláinte nó slándáil líon mór saoránach den Aontas i mbaol i dtír nach bhfuil san Aontas – mar shampla le linn tubaistí nádúrtha, mórthionóiscí nó tréimhsí éagobhsaíochta polaitiúla.
Is féidir le hambasáidí agus consalachtaí Bhallstáit an Aontais cúnamh a thabhairt sna cásanna seo a leanas:
Pas nó cárta aitheantais caillte nó goidte
Is féidir leis an ambasáid doiciméid taistil éigeandála a eisiúint chun go mbeidh saoránaigh den Aontas in ann filleadh abhaile.
Gabháil nó coinneáil
Is féidir leis an ambasáid eolas a chur ar fáil faoin gcóras dlí áitiúil agus cuidiú le saoránaigh den Aontas dlíodóir a aimsiú.
Má dhéantar coir in aghaidh duine
Is féidir leis an ambasáid cúnamh a thabhairt do shaoránaigh den Aontas agus comhairle a thabhairt faoi na chéad chéimeanna eile.
Timpiste thromchúiseach nó breoiteacht
Is féidir leis an ambasáid cabhrú le saoránaigh den Aontas dul i dteagmháil le cuideachta árachais, le teaghlach nó le cairde má tharlaíonn sé go mbeidh siad san ospidéal.
Fóirithint agus aisdúichiú
Is féidir leis an ambasáid cabhrú le saoránaigh den Aontasi gcás éigeandála (i.e. coinbhleacht nó tubaiste nádúrtha).
Bás
Is féidir leis an ambasáid cabhrú le saoránaigh den Aontas fógra a thabhairt don neasghaol agus cuidiú le bás a chlárú.
Chun an ceart chun cosanta consalaí a neartú agus a éascú, in 2015 ghlac an tAontas treoir maidir le cosaint chonsalach do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu atá ina gcónaí nó ag taisteal lasmuigh den Aontas.
Leis an treoir sin, cuirtear comhar agus comhordú níos fearr chun cinn idir údaráis chonsalacha ar fud an Aontais.
Ar an suíomh gréasáin seo a leanas, tugtar sonraí teagmhála ambasáidí agus chonsalachtaí thíortha uile an Aontais ar mhaith leat, b’fhéidir, dul i dteagmháil leo chun cúnamh a lorg.
I gcomhréir leis an treoir maidir le cosaint chonsalach, tá ról lárnach ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ag a líonra domhanda de thoscaireachtaí an Aontais maidir le ceart saoránach den Aontas chun cosanta consalaí a chaomhnú i ndlúthchomhar le Ballstáit an Aontais.
Go háirithe, trí SEGS agus a thoscaireachtaí san Aontas, is féidir iarrachtaí an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt chonsalach i gcomhair géarchéimeanna a chomhordú.
Deimhnithe taistil éigeandála
Is iad deimhnithe taistil éigeandála an cineál cúnaimh a thugtar den chuid is mó do shaoránaigh den Aontas in áiteanna nach bhfuil aon ambasáid ná aon chonsalacht ag a dtír dhúchais.
Eisítear na doiciméid sin do shaoránaigh i gcás inar cailleadh, inar goideadh nó inar scriosadh a bpasanna nó a ndoiciméid taistil. Tá siad ríthábhachtach chun cabhrú le daoine filleadh abhaile slán sábháilte.
Glacadh na rialacha maidir le deimhniú taistil éigeandála an Aontais den chéad uair in 1996. I mí an Mheithimh 2019, ghlac an tAontas treoir nua maidir leis an ábhar sin. Leis na rialacha nua, nuashonraíodh formáid agus gnéithe slándála dhoiciméad taistil éigeandála an Aontais, agus simplíodh na foirmiúlachtaí do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i dtíortha nach bhfuil san Aontas.
An 8 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach sonraí teicniúla maidir le doiciméad taistil éigeandála an Aontais. Beidh doiciméad taistil éigeandála athchóirithe an Aontais ar fáil do shaoránaigh ó mhí na Nollag 2025 agus beidh greamán agus leabhrán ar mhéid an phas ann.
Greamán
Leabhrán (tosach)
Leabhrán (cúl)
Cosaint chonsalach an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin nua
An 6 Nollaig 2023, mhol an Coimisiún Eorpach go ndéanfadh an Chomhairle athbhreithniú ar na treoracha maidir le cosaint chonsalach agus maidir le doiciméad taistil éigeandála an Aontais chun cearta saoránach den Aontas a neartú, go háirithe i gcásanna géarchéime.
Baineann an togra ón gCoimisiún leas as an taithí a fuarthas le déanaí, lena n-áirítear na tionchair chonsalacha a bhain le paindéim COVID-19, cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus saoránaigh den Aontas a aisdúichiú ón Afganastáin agus ón tSúdáin.
Tá an togra á scrúdú faoi láthair ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
An chaoi a n-oibríonn na Ballstáit i gcomhar le chéile ar chosaint chonsalach
Ós rud é nach ndéantar ionadaíocht ar na Ballstáit go léir ar fud an domhain, tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh tíortha an Aontais i gcomhar le chéile lena chinntiú go bhfaighidh saoránaigh uile den Aontas in anacair cúnamh faoi na coinníollacha céanna.
Tagann líonra consalach na mBallstát le chéile i dtríú tíortha chun ábhair leasa choitinn a bhaineann le saoránaigh den Aontas sa tír sin a phlé.
Thairis sin, is féidir le foireann chonsalach na mBallstát ar a ndéantar ionadaíocht sa tír i dtrácht bualadh leis an toscaireacht de chuid an Aontais chun ullmhú do ghéarchéimeanna, go háirithe chun plean comhpháirteach teagmhais a chur i dtoll a chéile.
Úsáideann ranna consalacha agus lárionaid ghéarchéime na mBallstát mar aon le toscaireachtaí an Aontais ardán ar líne freisin ar mhaithe le faisnéis a chomhroinnt agus pleanáil theagmhasach.
Samplaí den chomhordú
Chuaigh an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhar le chéile níos mó ná uair amháin chun cúnamh consalach a thabhairt do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu, lena n-áirítear le linn phaindéim COVID-19, na géarchéime san Afganastáin, chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, na coinbhleachta sa tSúdáin agus ghéarchéim an Mheánoirthir.
Bhain dúshláin ar leith leis an aslonnú ón tSúdáin in 2023 ó thaobh castachta de agus bhí na haisdúichithe a rinneadh mar gheall ar COVID-19 in 2020 dúshlánach mar gheall ar an scála a bhí i gceist.
Aslonnuithe ón tSúdáin
Nuair a bhris coinbhleacht amach sa tSúdáin i mí Aibreáin 2023, bhí thart ar 1 700 saoránach den Aontas sa tír, agus ní raibh ionadaíocht ag cuid mhór acu.
A bhuí le comhordú éifeachtach an Aontais, rinne Ballstáit an Aontais a bhí i gceannas ar oibríochtaí aslonnaithe cúram de shaoránaigh eile de chuid an Aontais agus fiú de shaoránaigh ó ilchríocha eile.
Aisdúichithe a rinneadh de bharr COVID-19
Nuair a cuireadh srianta taistil i bhfeidhm go tobann ar fud na cruinne ag tús 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19, bhí níos mó ná 600 000 saoránach den Aontas sáinnithe thar lear.
Mar fhreagairt air sin, ní raibh aon mhoill ar an Aontas agus a Bhallstáit ag teacht le chéile chun iarrachtaí mórscála aisdúichithe a chomhordú, agus d’éirigh leo na saoránaigh a thabhairt abhaile.
An Sásra um Chosaint Shibhialta
Is féidir le Ballstáit an Aontais agus tíortha eile atá rannpháirteach i sásra an Aontais um chosaint shibhialta an sásra a ghníomhachtú chun cúnamh a lorg le haghaidh tacaíocht chonsalach dá saoránaigh, mar shampla i gcomhthéacs oibríochtaí aslonnaithe.
In 2024, chuidigh an sásra le beagnach 1 400 saoránach Eorpach a aslonnú go sábháilte ó áiteanna ar nós Háítí, an Mheánoirthir agus Vanuatú. Seo a leanas cuid de na hoibríochtaí mórscála a rinneadh go dtí seo:
- aisdúichíodh 100 000 duine le linn phaindéim COVID-19 in 2020 (as an 600 000 saoránach den Aontas a aisdúichíodh san iomlán)
- aslonnaíodh 3 000 saoránach den Aontas agus 7 000 náisiúnach den Afganastáin ón Afganastáin in 2021
Cearta saoránach den Aontas a chosaint thar lear
Is féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit dul i mbun gníomhaíochtaí consalacha comhpháirteacha má dhéantar sárú seasta ar chearta saoránach den Aontas nó má tá siad i gcúinsí deacra thar lear.
Mar shampla, d'fhéadfaí leas a bhaint as tionscnamh consalach chun dul i ngleic le saincheist na saoránach den Aontas atá ag maireachtáil i bhfíordhroch-dhálaí príosúin i dtíortha áirithe, áiteanna nach bhfuil rochtain acu ar bhia nó ar tháirgí íocshláinte.
Mar obair leantach tar éis dul i mbun tionscnamh consalach, féadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit tionscnamh comhair chonsalaigh a sheoladh freisin. Is é is cuspóir leis sin leanúint den phlé le húdaráis na tíre chun dálaí na saoránach den Aontas a fheabhsú.
Sa Chomhairle
Is í an Mheitheal um Ghnóthaí Consalachta (Meitheal COCON) an comhlacht de chuid na Comhairle atá freagrach as na hábhair a bhaineann le comhar consalach a phlé. Díríonn sí ar thuairimí a mhalartú agus comhar consalach a chomhordú le Ballstáit an Aontais agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).
Comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas
Buaileann an tAontas leis na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an Astráil agus an Nua-Shéalainn go rialta chun ábhair leasa choitinn agus comhar a phlé. Déanann uachtaránacht na Comhairle ionadaíocht thar ceann an Aontais ag na cruinnithe sin.
Bíonn an plé dírithe ar réimse ábhar, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- ullmhacht do ghéarchéim chonsalach agus faireachán uirthi
- comhar mar fhreagairt ar na géarchéimeanna a bhí ann le déanaí
- tionscnamh comhair chonsalaigh
- saincheisteanna leasa choitinn a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint
- eolas a chomhroinnt
Féach freisin
Cosaint tomhaltóirí: cearta taistil
An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)
An Chosaint Shibhialta san Aontas
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Lúnasa 2025