Simpliú a dhéanamh ar Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) an Aontais
Cad é an simpliú?
Is cuid é simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta de straitéis fhoriomlán an Aontais i ndáil le rialáil níos fearr. Tá mar aidhm ag an Aontas a chuid reachtaíochta a shimpliú agus a laghdú áit ar bith is féidir sin, agus an maorlathas agus an t-ualach rialála atá ar ghnólachtaí, ar shaoránaigh agus ar riaracháin phoiblí á laghdú dá réir.
Ba in 2006 a foilsíodh an chéad phlean gníomhaíochta do shimpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta. Ó shin i leith, tá an Comhbheartas Talmhaíochta á shimpliú ar bhonn leanúnach. Rinneadh athchóiriú suntasach air cúpla babhta, freisin, an ceann is deireanaí in 2013. Leis na hathchóirithe sin ar fad, táthar ag féachaint chuige go mbeidh an Comhbheartas Talmhaíochta ag freagairt do dhúshláin earnáil na talmhaíochta. Leis an athchóiriú cuimsitheach a rinneadh in 2013, díríodh ar thrí thosaíocht:
- táirgeacht inmharthana bia
- bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha
- forbairt chothromúil na limistéar tuaithe
De réir an Choimisinéir Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe, Phil Hogan, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais dá shainordú é simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta, agus leagtar béim ar leith ar bheartais an Chomhbheartais Talmhaíochta a chur chun feidhme.
Is é ról na Comhairle a chinntiú go gcuirfí an t-aiseolas ó na Ballstáit san áireamh agus go mbeidh siad páirteach i bpróiseas an tsimplithe.
Cén fáth a bhfuil gá leis an simpliú?
Leis an athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta a rinneadh in 2013, cuireadh feabhas ar an timpeallacht rialála don earnáil feirmeoireachta. Ba é sin an chéad uair a rinneadh an t-athchóiriú faoin ngnáthnós imeachta reachtach, ina mbíonn an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon páirteach ar chomhchéim. I ngeall ar na hathruithe móra a tugadh isteach leis an athchóiriú agus i ngeall ar a mhéid, theastaigh am agus dua sular cuireadh na rialacha nua i bhfeidhm mar ba cheart. Ba fhíor sin go háirithe i roinnt réimsí ar leith, mar atá "glasú" na n-íocaíochtaí d'fheirmeoirí, lenar tugadh isteach cleachtais feirmeoireachta atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, amhail éagsúlú barr, agus gnéithe den tírdhreach atá saibhir ó thaobh na héiceolaíochta de a chaomhnú mar aon le híosmhéid achair a chur ar leataobh d'fhéarthailte buana.
Is mian anois le hinstitiúidí an Aontais breathnú ar ar comhaontaíodh agus ar ar cuireadh chun feidhme, féachaint cén áit is féidir feabhas a dhéanamh sa ghearrthréimhse nó sa mheántréimhse nó cén áit is féidir iarracht níos fearr a dhéanamh an chéad bhabhta eile. I dtús ama, beifear ag díriú go príomha ar na gníomhartha tarmligthe agus ar na gníomhartha cur chun feidhme - .i. na gníomhartha reachtacha sin lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme an Chomhbheartais Talmhaíochta athchóirithe.
Le creat níos simplí do na gníomhaithe a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta, ba cheart go gcuirfí le cumas iomaíochta earnáil talmhaíochta an Aontais. Má dhéantar Rialachán an Chomhbheartais a shimpliú, spárálfar am agus laghdófar costais do na feirmeoirí, na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis phoiblí a mbíonn orthu an Comhbheartas Talmhaíochta a chomhlíonadh nó a bhainistiú, agus prionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais fós a urramú.
Na mionsonraí
Go luath in 2015, chuir an Coimisinéir Hogan tús le scagadh cuimsitheach ar an acquis talmhaíochta ina iomláine d’fhonn aon deiseanna maidir le simpliú an bheartais sin a shainaithint. Tar éis an scagtha tosaigh sin, dúirt an Coimisinéir Hogan go ndéanfadh sé athbhreithniú ar na rialacha maidir le limistéir fócais comhshaoil agus ar aon ghnéithe eile a bhaineann le scéim na híocaíochta bunúsaí lena bhféadfaí feabhas a chur ar shaol na bhfeirmeoirí. Dúirt sé freisin go raibh breis agus 200 rialachán eile de chuid an Choimisiúin a mbreathnófaí orthu féachaint an bhféadfaí iad a shimpliú.
Leagadh béim freisin ar na prionsabail seo a leanas:
- ba cheart go mbeadh gach togra nua agus gach togra atá á chur chun cinn faoi láthair simplithe
- ba cheart go n-athbhreithneofaí na Rialacháin ar fad ón gCoimisiún lena gcuirtear Comheagrú na Margaí Talmhaíochta chun feidhme le gur lú a líon
- ba cheart go n-athbhreithneofaí na rialacha maidir leis na limistéir fócais éiceolaíochta atá faoi scéim na n-íocaíochtaí díreacha, tar éis chéad bhliain a gcur chun feidhme
- ba cheart grinnscrúdú a dhéanamh ar na rialacha do thásca geografacha chun a chinntiú go mbeidh siad chomh héifeachtach agus chomh simplí agus is féidir
Tá sé curtha in iúl ag líon mór Ballstát freisin gur tosaíocht don simpliú é ‘glasú’ an Chomhbheartais Talmhaíochta.
Sa Chomhairle
Tá sé mar aidhm ag an gComhairle a áirithiú go mbeidh páirt ag na h-airí agus ag na toscaireachtaí náisiúnta talmhaíochta sa simpliú, go háirithe ó tharla go bhfuil úsáid níos mó á baint as gníomhartha tarmligthe chun an Comhbheartas Talmhaíochta athchóirithe a chur chun feidhme.
Rinneadh an chéad phlé ar cheist an tsimplithe ag cruinniú Chomhairle na nAirí Talmhaíochta agus Iascaigh ar an 15-16 Nollaig 2014. Chuir an Coimisiún príomhghnéithe chlár oibre an tsimplithe i láthair ansin.
Bhí díospóireacht bheartais maidir le simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta ag an gComhairle freisin le linn chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh ar an 16 Márta 2015 agus ghlac sí conclúidí le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh ar an 11 Bealtaine 2015. Leis na conclúidí sin, díríodh ar shimpliú na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme.
- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 16/03/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a shimpliú, an 11 Bealtaine 2015
Ó mhí Bealtaine 2015, bhí tuilleadh díospóireachtaí ann sa Chomhairle maidir leis an staid mar atá i ndáil le simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT), ar an 16 Samhain 2015 agus ar an 17 Bealtaine 2016, nuair a chuir an Coimisiún i láthair na bearta simpliúcháin a rinneadh cheana agus iad siúd atá beartaithe do na míonna amach romhainn, cé is moite den ghlasú.
- Cruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 16/11/2015
- Cruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 17/05/2016
- Faisnéis ón gCoimisiún maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a shimpliú, 12/05/2016
Ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh a bhí ann ar an 18 Iúil 2016, rinne an Coimisiún a thuarascáil faoi chur chun feidhme beart maidir le glasú le linn na chéad bhliana, lena n-áirítear na torthaí a bhí ar an gcomhairliúchán poiblí, a chur i láthair. Tar éis an chur i láthair, phléigh na hairí a dtuairimí i leith an ábhair sin.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle ar an 6 Márta 2017 maidir lena bhfuil i ndán don Chomhbheartas Talmhaíochta. Roinn na hairí smaointe go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfar na tosaíochtaí don Chomhbheartas Talmhaíochta sa todhchaí, a sainaithníodh sa pháipéar ón Uachtaránacht, a bhaint amach agus cibé acu ar cheart go ndéanfaí athchothromú ar thacaíocht dhíreach agus ar fhorbairt tuaithe ann.
Cuireadh béim láidir i gcoitinne ar an simpliú mar thosaíocht fhoriomlán i gcás beartas a bheidh ann amach anseo d’fhonn teacht i dtír go hiomlán ar acmhainneacht eacnamaíoch cheantair feirmeoireachta agus tuaithe an Aontais. Cuireadh na saincheisteanna eile seo a leanas in iúl mar thosaíochtaí:
- teacht aniar a fhorbairt
- freagairt do dhúshláin an chomhshaoil
- infheistiú in inmharthanacht agus beogacht na tuaithe
- athnuachan glúine a áirithiú
- leanúint de bheith dírithe ar an margadh
- seasamh na bhfeirmeoirí a neartú sa bhiashlabhra