Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 17/02/2017, 17 Feabhra 2017

Na príomhthorthaí (saincheisteanna oideachais)

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hinfheistiú in aos óg na hEorpa, agus díríodh ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Freagairt pholaitiúil atá sna conclúidí don Tionscnamh don Aos Óg de chuid an Choimisiúin ó mhí na Nollag, tionscnamh inar moladh pacáiste beart arb é is aidhm leo scileanna daoine óg agus na deiseanna atá acu a fheabhsú chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun rannpháirtíocht an ógra agus an tsoghluaiseacht foghlama a mhéadú.

Áirítear sa phacáiste teachtaireacht maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, arb é is aidhm leis ligean do níos mó daoine óga páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibriú go deonach nó trí phost, cúrsa oiliúna nó printíseacht lena dtugtar tacaíocht d’eagraíocht neamhrialtasach (ENR), d’údarás áitiúil nó do chuideachta phríobháideach atá gníomhach a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar chásanna deacra ar fud an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an uile dhuine óg páirt a ghlacadh, beag beann ar an gcúlra atá acu, an t-oideachas atá orthu, leibhéal a scileanna, nó aon mhíchumas.

Phléigh na hairí freisin an méid is féidir le hoideachas agus oiliúint cabhrú leis an gcomhtháthú sóisialta agus chun comhluachanna Eorpacha a chur chun cinn faoi chuimsiú Sheimeastar Eorpach 2017.

Thug na hairí aghaidh go háirithe ar bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun na míchothromaíochtaí oideachais atá ann mar gheall ar éagothromaíochtaí socheacnamaíocha a mhaolú, faoi mar a léiríodh le torthaí PISA 2016. Rinne siad a marana freisin maidir leis an mbealach a bhféadfaí cláir oideachais agus oiliúna na mBallstát a fheabhsú trí chuspóirí náisiúnta agus Eorpacha a bhunú.

Chuir na hairí i bhfios go bhfuil ról bunriachtanach ag beartais oideachais maidir leis an gcuimsiú agus an urraim don éagsúlacht a chur chun cinn san Aontas Eorpach agus chuir siad i bhfios freisin go gcaithfidh bunluachanna an Aontais agus samhail oideachais na hEorpa a chaomhnú. Ba cheart ceist an oideachais chuimsithigh, ardcháilíochta a fheiceáil i dtéarmaí faid saoil mar choincheap a chumhdaíonn gach gné den oideachas.

“Tá sé thar a bheith riachtanach go gcuirfear feabhas ar na córais oideachais agus oiliúna atá againn, ní hamháin toisc go bhféadfar, ar an dóigh sin, tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint agus an dífhostaíocht a laghdú, ach freisin toisc go gcuirtear an tsoghluaiseacht shóisialta chun cinn agus tá an feabhas sin fós ar cheann de na slite is fearr dá bhfuil againn leis an eisiamh sóisialta a sheachaint. Ní leor an t-oideachas ann féin ach oiread - tá gá le tacaíocht eacnamaíoch, sóisialta agus airgeadais freisin.”

Arsa Evarist Bartolo, Aire Oideachais agus Fostaíochta Mhálta

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025