- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 21-22/11/2016, 21-22 Samhain 2016
Príomhthorthaí
21 Samhain 2016
An Óige
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bealaí cur chuige nua a chur chun cinn san obair don óige Is cabhair í an obair don óige do dhaoine óga chun inniúlachtaí, scileanna agus meon dearfach a fhorbairt.
Sna conclúidí leagtar béim ar a thábhachtaí atá sí chun dul thar réimse na struchtúr foirmiúil agus teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear óige atá imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste. Iarrtar iontu freisin go n-úsáidfear uirlisí nuálacha i gcleachtas na hoibre don óige, i réimsí an oideachais agus oiliúna, spóirt agus chultúir, seirbhísí sóisialta agus teicneolaíochtaí cumarsáide.
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí freisin maidir le conas is féidir daoine óga a nascadh le tionscal na hEorpa athuair, mar obair leantach ar na díospóireachtaí ag cruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil na Bratasláive i mí Mheán Fómhair.
“Is gníomhairí tábhachtacha iad daoine óga i sochaithe an lae inniu. Caithfimid cabhrú leo dearcadh oscailte a chothú, go mbeidh siad eolach ar an domhan agus réidh an fód a sheasamh ar son na hEorpa. Ina chomaoin sin, ba cheart dúinn deiseanna dearfacha a thabhairt dóibh. Mar sin féin, mar chuid den treocht frithbhunaíochta i gcoitinne, tá daoine óga den bharúil nach bhfuil baint acu le tionscadal na hEorpa agus mothaíonn siad míshuaimhneach faoi. Inniu, tá teachtaireachtaí lárnacha ullmhaithe againn le cur in iúl dár gceannairí Eorpacha, tar éis chruinniú mullaigh na Bratasláive i mí Mheán Fómhair 2016, chun muinín a chothú athuair leis an nglúin óg.”
Peter Plavčan, Aire Oideachais, Eolaíochta, Taighde agus Spóirt na Slóvaice
Oideachas
Ghlac an Chomhairle rún i ndáil le Clár Oibre do Scileanna Nua, ina leagtar béim ar na príomhghnéithe a bheidh mar threoir d’obair na Comhairle sa réimse seo, mar fhreagra ar an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le tábhacht straitéiseach scileanna chun poist, fás agus iomaíochas a chothabháil.
Cumhdaítear leis réimsí amhail forbairt scileanna, aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí, tacaíocht don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint agus don ardoideachas araon, mar aon le bealaí chun acmhainneacht iomlán an gheilleagair dhigitigh a fhiosrú, arb é is aidhm dó ‘infheistíocht fhadsaoil a dhéanamh i ndaoine’.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir le moladh i ndáil le Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta, faoi chuimsiú na Ráthaíochta Scileanna atá beartaithe ag an gCoimisiún. Is é an aidhm atá leis sin deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta ar bheagán oiliúna chun scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fháil a bheidh ábhartha don mhargadh saothair agus do rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cosc a chur ar an radacú a mbíonn antoisceachas foréigneach mar thoradh air, atá iontach tráthúil i gcomhthéacs chomóradh bliana na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras.
Cuirtear béim go háirithe ar an ngá chun an bonn a bhaint ó idé-eolaíochtaí antoisceacha foréigneacha atá ann agus dúshlán na n-idé-eolaíochtaí céanna a thabhairt agus chun iad a chúiteamh le roghanna tarraingteacha neamhfhoréigneacha eile agus chun tacú le tuismitheoirí, siblíní, piaraí, oibrithe óige agus daoine eile atá i dteagmháil le daoine óga atá i mbaol an radacaithe fhoréignigh.
Cuireann siad i bhfios go láidir gur gá do sholáthraithe seirbhísí a bheith páirteach sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne agus gur gá comhoibriú leo, ach an tsaoirse tuairimí a nochtadh á hurramú ina hiomláine, i bhfianaise ról na meán sóisialta mar phríomhuirlis chun díriú ar dhaoine ag iarraidh iad a mhealladh chuig an radacú agus a ullmhú chun gníomhartha foréigneacha a dhéanamh.
Táimid díreach tar éis comóradh brónach a dhéanamh ar na hionsaithe i bPáras nuair a cailleadh an oiread sin daoine neamhurchóideacha agus nuair a briseadh an méid sin teaghlach. Tá comhrac an radacaithe agus an antoisceachais fhoréignigh i gcónaí ina ábhar tábhachtach ar an gclár oibre. Is léir nach mór do gach leibhéal rialachais a bheith páirteach chun dul i ngleic leo. Inniu chomhaontaigh an Chomhairle díriú ar bhearta coisctheacha amhail oideachas, gníomhaíochtaí deonacha agus cultúrtha agus obair don óige. Is féidir smaoineamh gur “bog” iad na réimsí sin ach má chuirtear i ngníomh iad go forleathan agus go bríomhar, tabharfaidh siad cosaint éifeachtach do na sochaithe liobrálacha atá againn”.
Peter Plavčan, Aire Oideachais, Eolaíochta, Taighde agus Spóirt na Slóvaice
22 Samhain 2016
An cultúr agus an closamharc
Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra le haghaidh treoir athbhreithnithe ar sheirbhísí na meán closamhairc (AVMS). Is é is aidhm don togra an treoir AVMS a ailíniú níos fearr leis an ré dhigiteach, an dul chun chinn sa teicneolaíocht, teacht chun cinn na samhlacha nua gnó agus patrúin tomhaltais atá ag athrú á gcur san áireamh.
Is iad na saincheisteanna móra atá fós a bplé sa Chomhairle raon feidhme na treorach a fhairsingiú go gcumhdaítear ardáin chomhroinnte físeán agus méid a rialála, rialacha cainníochtúla maidir le fógraíocht teilifíse, oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí ar éileamh chun saothair Eorpacha a chur chun cinn, ailíniú rialacha idir seirbhísí líneacha agus seirbhísí ar éileamh, prionsabal na tíre tionscnaimh, agus ról chomhlacht Eorpach na rialálaithe náisiúnta (ERGA - Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc).
“Mar gheall ar na hathruithe in éiceachóras Sheirbhísí na Meán Closamhairc bhí gá an treoir AVMS a athbhreithniú ionas go mbeidh sí oiriúnach don ré dhigiteach. Rath thionscal na meán san Eoraip a chaomhnú, is é sin ceann d’aidhmeanna an athbhreithnithe. Caithfidh margadh aonair iomaíoch d’ábhar closamhairc a bheith ann don Eoraip chun soláthar a éascú, freastal ar éileamh an lucht féachana pé áit a bhfuil siad agus coinníollacha comhionanna a áirithiú do na soláthraithe uile. Ag an am céanna, ní mór dúinn cuspóirí an bheartais phoiblí a choinneáil, eadhon mionaoisigh a chosaint, saothair Eorpacha a chur chun cinn agus an fhuathchaint a chomhrac. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Uachtaránacht againn maidir leis an togra nua agus tá bród orainn é a thabhairt ar aghaidh d’Uachtaránacht Mhálta.
Marek Maďrič, Aire Cultúir na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le cinneadh i ndáil le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018). Is é is aidhm ghinearálta don tionscnamh seo feasacht maidir le saibhreas oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus na deiseanna atá ann dá bharr a mhúscailt agus na luachanna agus na hidéil Eorpacha atá fite fuaite san oidhreacht chultúrtha a roinnt. Ag an am céanna, féachtar leis aird a tharraingt ar na dúshláin atá roimh an oidhreacht chultúrtha amach anseo.
“Is seoid luachmhar í oidhreacht chultúrtha na hEorpa ar cheart í a fheiceáil agus a urramú ar fud na hEorpa. Dá bhrí sin rinneadh iarrachtaí le linn Uachtaránacht na Slóvaice chun an bealach a réiteach chomh tapa agus is féidir ionas go mbeidh Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha ar siúl in 2018. Táimid sásta gur thángamar ar chomhaontú sa Chomhairle inniu maidir le cur chuige ginearálta ar an gcinneadh tábhachtach seo a chuirfidh an oidhreacht cultúrtha i lár an aonaigh athuair. Léiríonn an tacaíocht d’aon ghuth ó na Ballstáit uile cé chomh tráthúil is atá an tionscnamh seo. Anois is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.”
Marek Maďrič, Aire Cultúir na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Le fada an lá anois, is tosaíocht don Chomhairle í forbairt cur chuige straitéiseach maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta. Phléigh na hAirí conas is féidir leis an Aontas agus na Ballstáit dul i mbun comhair go héifeachtach chun cur chuige níos straitéisí agus níos domhanda sa réimse seo a thabhairt i gcrích.
Spóirt
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le taidhleoireacht spóirt, ina dtagraítear don spórt mar mhodh chun tionchar a imirt ar chaidreamh taidhleoireachta, idirchultúrtha, sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil. Tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin le linn an chruinnithe le hionadaithe spóirt.
Leis na conclúidí iarrtar ar na Ballstáit fiosrú conas is féidir acmhainneacht an spóirt a úsáid níos fearr ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe tríd an oideachas agus trí rannpháirtíocht lúthchleasaithe clúiteacha cáiliúla chun luachanna dearfacha spóirt agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 21-22 Samhain 2016
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 21-22 Samhain 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha - An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 21-22 Samhain 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025