Skip to content

Na gníomhaíochtaí beartais is déanaí ón Aontas maidir leis an athrú aeráide

Tá an t-aistriú aeráide ina phríomhthosaíocht ag an gComhairle Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. Nuair a seoladh an Comhaontú Glas don Eoraip i mí na Nollag 2019, tugadh spreagadh nua don bheartas aeráide agus don ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Seo thíos forléargas ar an reachtaíocht agus na tionscnaimh bheartais is déanaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an aeráid.

Oiriúnach do 55

Tá an tAontas ag obair ar athbhreithniú ar a reachtaíocht maidir leis an aeráid, le fuinneamh agus leis an iompar faoin bpacáiste ar a dtugtar ‘Oiriúnach do 55’, chun na dlíthe atá ann faoi láthair a chur i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais do 2030 agus do 2050. Áirítear sa phacáiste seo, i measc nithe eile:

  • an t-athbhreithniú ar chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA)
  • an rialachán maidir le comhroinnt díchill
  • na treoracha maidir le fuinneamh inathnuaite agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
  • an rialachán maidir le húsáid talún agus an fhoraoiseacht
  • an rialachán ar astaíochtaí CO2 do charranna agus do veaineanna

An Dlí Aeráide Eorpach

Is é cuspóir an Dlí Aeráide Eorpaigh, mar cheann amháin de ghnéithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 a chur isteach sa reachtaíocht. I mí na Nollag 2020, tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh dlí aeráide Eorpach, ina bhfuil sprioc nua de chuid an Aontais i ndáil le laghdú 55 %, ar a laghad, a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, i bhfianaise na treorach a fuarthas ón gComhairle Eorpach an 10-11 Nollaig 2020.

color: inherit; I mí Aibreáin 2021, tháinig idirbheartaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i mí an Mheithimh 2021, rud a chuir deireadh leis an nós imeachta nós imeachta um ghlacadh.

Leagtar síos sa dlí aeráide Eorpach sprioc cheangailteach aeráide an Aontais, laghdú 55% ,ar a laghad, ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (líon na n-astaíochtaí gan aistrithe) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030. Beidh sé d'aidhm ag an Aontas freisin líon níos airde de linnte carbóin a bhaint amach faoi 2030.

Bunaítear leis an rialachán Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide a sholáthróidh comhairle eolaíoch neamhspleách agus tuairisciú neamhspleách ar bhearta aeráide an Aontais. Beartaítear go leagfar síos sprioc aeráide idirmheánach do 2040 sna blianta atá le teacht.

Straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide

I mí an Mheithimh 2021, d'fhormheas airí comhshaoil an Aontais conclúidí lena bhformhuinítear straitéis nua an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Leagtar amach sa straitéis fís fhadtéarmach chun go mbeidh an tAontas ina shochaí aeráid-díonach a bheidh in oiriúint go hiomlán do thionchair dhosheachanta an athraithe aeráide faoi 2050.

Seo a leanas na bearta dá bhforáiltear sa straitéis:

  • ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí ar bhealach níos fearr ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain agus malartú eolais faoi thionchair agus oiriúnú an athraithe aeráide
  • réitigh dúlrabhunaithe chun cuidiú leis an athléimneacht aeráide a fhorbairt agus chun éiceachórais a chosaint
  • an t-oiriúnú a chomhtháthú le beartais mhacraifhioscacha

Sna conclúidí, tugtar treoir pholaitiúil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na straitéise. Anuas air sin, cuireann siad treoir ar fáil maidir le Teachtaireacht an Aontais maidir le hOiriúnú a thíolacadh roimh Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26).

I mí Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle rialachán nua chun an riosca a laghdú maidir le ganntanais uisce le haghaidh bairr a uisciú. Leis na rialacha nua sin, cuideofar leis an Eoraip dul in oiriúint d'iarmhairtí an athraithe aeráide. Leis an rialachán sin, atá go hiomlán i gcomhréir leis an ngeilleagar ciorclach, éascaítear úsáid fuíolluisce uirbigh cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, rud a fheabhsaíonn infhaighteacht uisce agus a chabhraíonn le ganntanais bia a chosc.

Cabhróidh straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide leis an Aontas a bheith ullmhaithe níos fearr chun déileáil le tionchair an athraithe aeráide.

Astaíochtaí CO2 ón iompar

I mí Aibreáin 2019, cinneadh teorainneacha níos déine maidir le hastaíochtaí ó ghluaisteáin agus ó veaineanna chun a chinntiú, ó 2030 ar aghaidh, go mbeidh níos lú astaíochtaí CO2 á gcur amach ag feithiclí nua ar an meán i gcomparáid le leibhéil 2021:

  • gluaisteáin – 37.5 % níos lú CO2
  • veaineanna – 31 % níos lú CO2

Glacadh teorainneacha do thrucailí agus d'fheithiclí tromshaothair eile i mí an Mheithimh 2019. Leis na rialacha nua, cuirfear iallach ar mhonaróirí astaíochtaí CO2 ó thrucailí nua a laghdú, ar an meán, an méid seo a leanas, i gcomparáid le leibhéil 2019:

  • 15 % ó 2025 amach
  • 30 % ó 2030 amach

Córas trádála astaíochtaí an Aontais

I mí Feabhra 2018, ghlac an tAontas rialacha athbhreithnithe le haghaidh chóras trádála astaíochtaí an Aontais. Nuair a bunaíodh an córas in 2005, ba é an chéad mhórmhargadh carbóin ar domhan agus is é an ceann is mó ar domhan fós é. Leagtar síos ann uasteorainn i ndáil leis an méid CO2 is ceadmhach don tionsclaíocht throm agus do stáisiúin chumhachta a astú. Déantar méid iomlán na n-astuithe ceadaithe a dháileadh ar chuideachtaí i bhfoirm ceadanna is féidir a thrádáil.

I mí na Nollag 2019, chomhaontaigh an tAontas agus an Eilvéis a gcórais trádála astaíochtaí a nascadh. Rachaidh an comhaontú sin chun tairbhe an Aontais agus do Chónaidhm na hEilvéise araon toisc gur féidir níos mó deiseanna laghdúcháin a chur ar fáil agus gur féidir cost-éifeachtúlacht na trádála astaíochtaí a fheabhsú trí chóras teorannaithe agus trádála astaíochtaí a nascadh le chéile.

Comhroinnt díchill

Is leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill, mar a thugtar air, a rialaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnálacha nach dtagann faoi raon feidhme chóras trádála astaíochtaí an Aontais, rialachán ina leagtar síos spriocanna ceangailteacha do laghduithe bliantúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do na Ballstáit don tréimhse 2021-2030.

Is é is aidhm don rialachán a chinntiú go rannchuideoidh na hearnálacha sin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Áirítear air sin foirgnimh, talmhaíocht (astaíochtaí neamh-CO2), bainistíocht dramhaíola agus iompar (seachas eitlíocht agus loingseoireacht idirnáisiúnta).

Úsáid talún agus an fhoraoiseacht

I mí na Bealtaine 2018, glacadh rialachán nua chun cosaint agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar thalamh agus ar fhoraoisí. De bhun an rialacháin sin, áirítear feasta astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid talún, ó athrú ar úsáid talún agus ón bhforaoiseacht i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030.

Fuinneamh glan

Is é táirgeadh agus ídiú fuinnimh is cúis le trí cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Tá an tAontas ag obair chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú – gné lárnach den aistriú glas.

I mí na Nollag 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis na straitéisí i ndáil le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta agus hidrigin a mhol an Coimisiún. Ag an bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí acu an mhí chéanna, phléigh airí fuinnimh an Aontais comhtháthú na gcóras fuinnimh.

Tá sé de cheangal ar Bhallstáit an Aontais a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur i láthair agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun tuairisc a thabhairt ar an méid a chuireann siad le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite, agus le spriocanna laghdaithe astaíochtaí. Tugadh na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide isteach laistigh de straitéis an aontais fuinnimh, agus cumhdaíonn na chéad chinn an tréimhse 2021-2030.

Bhunaigh an Chomhairle tuilleadh gníomhaíochtaí beartais freisin maidir le comhrac an athraithe aeráide, agus mar chuid de straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Áirítear orthu sin an Sásra um Aistriú Cóir, an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, an straitéis bithéagsúlachta agus an Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht.

Íomhá ina léirítear triomach

Ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an athrú aeráide

Tá an tAontas tiomanta a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide. Tá ceannairí an Aontais ag iarraidh an sprioc uaillmhianach maidir leis an Eoraip a bheith aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Agus iad ag comhoibriú le chéile sna blianta amach romhainn, is mian le Ballstáit an Aontais a chinntiú go laghdófar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa an oiread agus is féidir, agus go ndéanfar bearta chun cúiteamh a dhéanamh ar aon astaíochtaí atá fós ann.