Skip to content

Athchóiriú ar EURES, líonra poist na hEorpa

Achoimre ar EURES

Is líonra é EURES, a seoladh in 1993, don chomhar idir an Coimisiún agus seirbhísí poiblí fostaíochta san Eoraip. Tá sé ann chun folúntais agus iarratais ar phost agus faisnéis maidir le coinníollacha maireachtála agus oibre a mhalartú.

Is éard atá i gceist le EURES suíomh gréasáin agus líonra de thart ar 900 comhairleoir fostaíochta ó na tíortha rannpháirteacha ar fad: 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.

Déantar thart ar 150,000 socrúchán mar thoradh ar obair EURES gach bliain.

Is é is aidhm don athchóiriú seirbhísí níos fearr a chur ar fáil ar fud na hEorpa i dtaca le cuardach poist agus le hearcaíocht. Táthar ag iarraidh treisiú le soghluaisteacht saothair laistigh den Aontas, soghluaisteacht a bhfuil géarghá léi.

Thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh athchóiriú an 17 Eanáir 2014.

Tar éis teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe na rialacha nua an 2 Nollaig 2015.

Leis na rialacha nua, déanfar nuachóiriú ar thairseach EURES, agus fónfaidh sí anois mar uirlis soghluaisteachta a bheidh cothrom le dáta, a bhainfidh leas as na teicneolaíochtaí faisnéise is déanaí, agus a mbeidh teacht ag cách uirthi. Méadófar anois líon na bhfolúntas agus líon na CVanna ó chuardaitheoirí poist atá ar fáil trí EURES.

Tabharfar isteach freisin meaitseáil uathoibríoch idir scileanna na gcuardaitheoirí poist agus na folúntais a bheidh ann.

Cén fáth go bhfuil an tseirbhís sin uainn?

Roimhe seo, ní chuireadh gach Ballstát na folúntais uile a fhoilsítear ar an leibhéal náisiúnta ar fáil do thairseach idirlín EURES ná ní dhéantaí CVanna na gcuardaitheoirí poist a mhalartú go huathoibríoch ar an leibhéal Eorpach.

Ciallaíonn sin nach raibh ach líon teoranta folúntas agus CVanna ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí.

Go minic, ní bhíodh oibrithe ná fostóirí ar an eolas faoi EURES ná faoi na seirbhísí a chuireadh sé ar fáil. Ní raibh sé de cheangal ar na seirbhísí fostaíochta sna Ballstáit, arb iad an chéad phointe teagmhála iad, na cliaint a chur ar an eolas faoin méid a d'fhéadfadh EURES a dhéanamh dóibh agus faoin mbealach a ndéanfadh sé é.

Ina theannta sin, ní roinneadh na Ballstáit dóthain faisnéise maidir le ganntanas agus farasbairr saothair, rud a chuireadh cosc ar chomhar spriocdhírithe trí líonra EURES. Ní dhearna sin mórán chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i margadh saothair na hEorpa, mar a mbíodh ardleibhéal dífhostaíochta i roinnt tíortha agus ganntanas saothair i dtíortha eile.

Leis na rialacha nua, tabharfar aghaidh ar na heasnaimh sin toisc go mbeidh EURES mar fhíoruirlis socrúcháin, meaitseála agus earcaíochta don Eoraip feasta. Le líonra nuachóirithe EURES, beidh sé níos fusa teacht ar fhaisnéis faoi phoist mórthimpeall na hEorpa agus is fearr a bheidh an tacaíocht a bheidh ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí araon.

Na rialacha nua

Sochair do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí

Cumhdófar anois freisin na seirbhísí seo a leanas do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí:

  • comhairle níos pearsantaithe gairme agus earcaíochta
  • cuidiú leis an gcuardach poist agus le fostú foirne
  • faisnéis maidir le slándáil shóisialta, íocaíochtaí cánach agus rialacha ábhartha eile
  • faisnéis maidir le cúnamh iar-earcaíochta amhail cúrsaí teanga

Leis sin, comhlánófar na seirbhísí atá á gcur ar fáil cheana, i. faisnéis maidir le tairiscintí poist nó comhairle maidir le CVanna a dhréachtú, maidir le hiarratais, agus maidir le folúntais.

Faoi na rialacha nua, beidh an tacaíocht chéanna ar fáil do dhuine atá ag cuardach poist thar lear agus a bheadh ar fáil do dhuine atá ag cuardach poist ina thír féin nó ina tír féin. Duine ar bith a rachaidh i dteagmháil le seirbhís fostaíochta i mBallstát, gheobhaidh sé faisnéis bhunúsach faoin líonra EURES agus faoi na seirbhísí comhairliúcháin agus comhairle a chuirtear ar fáil ann.

Ceanglais nua do thíortha an Aontais

Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit an méid seo a leanas a chur ar fáil do thairseach EURES:

  • gach tairiscint poist atá ar fáil le seirbhísí poiblí fostaíochta agus na poist sin a thairgeann eagraíochtaí eile atá rannpháirteach, lena n-áirítear printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna
  • CVanna na gcuardaitheoirí poist atá ar fáil le seirbhísí poiblí fostaíochta agus le heagraíochtaí eile atá rannpháirteach, ar an gcoinníoll go bhfuil na daoine aonair lena mbaineann sásta go n-aistreofar a sonraí pearsanta

D’fhonn cáilíocht a áirithiú agus mionaoisigh a chosaint, is féidir leis na Ballstáit cúrsaí oiliúna nó printíseachtaí a eisiamh a bhfuil béim oideachasúil ag gabháil leo den chuid is mó.

Ballraíocht san ardán

Méadófar raon na gcomhaltaí agus na gcomhpháirtithe sin atá in EURES.

Féadfaidh eagraíochtaí príobháideacha fostaíochta bheith páirteach sa líonra agus fógrófar a bhfolúntais ar thairseach an ghréasáin in éineacht le folúntais na n-eagraíochtaí poiblí. Caithfidh eagraíochtaí brabúis na seirbhísí uile a chur ar fáil, e.g. caithfidh siad folúntais agus CVanna a chur ar an tairseach agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí, seachas i gcás ina bhfuil siad in ann údar cuí a thabhairt do na húdaráis náisiúnta maidir leis an bhfáth nach bhfuil siad in ann na seirbhísí sin uile a chur ar fáil.

Féadfaidh na heagraíochtaí neamhbhrabúis rogha a dhéanamh as measc na dtrí rogha.

Cuirfidh seirbhísí fostaíochta poiblí na seirbhísí uile ar fáil freisin agus thairis sin, áiritheofar go mbeidh rochtain as líne ag na húsáideoirí uile nach bhfuil scileanna TF acu.

Tá na grúpaí seo a leanas páirteach sa líonra freisin: ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus gníomhaithe ábhartha eile i margadh an tsaothair. Tá ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus trasteorann freisin.