Ardán Eorpach i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe
Ar an 9 Aibreán 2014, mhol an Coimisiún go gcruthófaí Ardán Eorpach i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe. San ardán sin, tiocfaidh an Coimisiún le chéile le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis náisiúnta an Aontais atá i gceannas ar an gcomhrac i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe, amhail lucht cigireachta saothair agus údaráis slándála sóisialta.
Roinnfidh siad faisnéis agus dea-chleachtais lena chéile maidir leis an gcomhrac i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe. Cuirfidh an t-ardán chun cinn freisin oiliúint do bhaill foirne ó thíortha éagsúla agus déanfaidh sé prionsabail choiteanna maidir le cigireachtaí a shainaithint.
Obair neamhdhearbhaithe - na figiúirí
- EUR 200 - meánmhéid a chaitheann gach Eorpach go bliantúil ar earraí agus ar sheirbhísí neamhdhearbhaithe
- EUR 300 - an meánioncam bliantúil ón obair neamhdhearbhaithe
- deir11% de mhuintir na hEorpa (1 as 9) gur cheannaigh siad earraí nó seirbhísí anuraidh ar bhain obair neamhdhearbhaithe leo
- meastar gurb ionann an scáthgheilleagar agusidir 15% agus 20% d'OTI na hEorpa
Foinse: Suirbhé Eurobarometer "Obair neamhdhearbhaithe san Aontas Eorpach"
Cén fáth go bhfuil gá leis an ardán?
Sainítear an obair neamhdhearbhaithe mar aon ghníomhaíocht dhleathúil dá n-íoctar "nach ndearbhaítear d'údaráis phoiblí."
Bíonn éifeachtaí diúltacha ag an obair neamhdhearbhaithe ar oibrithe, ar ghnólachtaí agus ar rialtais.
Seo a leanas roinnt de dhrochthorthaí na hoibre neamhdhearbhaithe d'oibrithe:
- cearta pinsin níos ísle
- níos lú rochtana ar chúram sláinte
- droch-choinníollacha oibre
- agus, seans maith, sárú ar chearta fostaíochta
Leis an obair neamhdhearbhaithe, cruthaítear iomaíocht éagórach i measc gnólachtaí, os rud é go mbíonn buntáiste leatromach ag comhlachtaí nach ndearbhaíonn a gcuid oibrithe.
Ciallaíonn sin, maidir le rialtais, go gcailltear ioncam ó cháin agus ón tslándáil shóisialta.
Is iad na Ballstáit atá agus a bheidh freagrach as an gcomhrac i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe. Ar an ardán nua seo atá á bheartú, beidh sé níos éasca dóibh faisnéis a mhalartú, go háirithe maidir le cásanna trasteorann inar deacair an obair neamhdhearbhaithe a aithint agus a phionósú.
Bhí géarghá leis an ardán sin, os rud é nach raibh aon chomhar ann roimhe seo ar leibhéal an Aontais idir na húdaráis náisiúnta atá ag troid i gcoinne obair neamhdhearbhaithe trasteorann.
Raon feidhme
Leis an ardán cumhdófar gach cineál oibre neamhdhearbhaithe, lena n-áirítear féinfhostaíocht bhréagach, a úsáidtear chun fostaíocht oibrí a choinneáil faoi cheilt ar mhaithe le cánacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialaí a sheachaint
Ballraíocht san ardán
Leis an gCinneadh, cruthaítear ardán a mbeidh gach Ballstát páirteach ann. Fóram do chleachtóirí atá san ardán seachas comhlacht déanta beartas.
Ceapfaidh gach tír ionadaí sinsearach chun idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis uilig atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as an gcomhrac i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe. Sa bhreis, beidh an Coimisiún agus ceathrar ionadaithe de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta atá eagraithe ar leibhéal an Aontais (beirt ó ghnóthaí agus beirt ó cheardchumainn), ina gcomhaltaí den ardán.
Beidh comhpháirtithe sóisialta ó earnálacha a bhfuil rátaí arda d'obair neamhdhearbhaithe iontu, ionadaithe ó Eurofound, ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus ó thíortha EEE páirteach in obair an ardáin.
Gníomhaíochtaí
Le hobair an ardáin, cumhdófar gnéithe éagsúla den obair neamhdhearbhaithe a bhaineann le dlí an tsaothair, sláinte agus sábháilteacht, slándáil shóisialta agus cánachas.
Leis an ardán déanfar an méid a leanas:
- ligfear do shaineolaithe ar fud an Aontais faisnéis agus dea-chleachtais a roinnt le chéile
- scrúdófar uirlisí náisiúnta agus uirlisí an Aontais chun dul i ngleic leis an obair neamhdhearbhaithe
- féachfar le bealaí nua a úsáid chun dul i ngleic leis an obair neamhdhearbhaithe trasteorann trí fheabhas a chur ar chomhroinnt na sonraí idir údaráis náisiúnta agus trí phrionsabail choiteanna maidir le cigireachtaí a shainaithint
- cuirfear seisiúin chomhpháirteacha oiliúna agus malartú foirne chun cinn
Sa Chomhairle
Thíolaic an Coimisiún a thogra don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an 9 Aibreán 2014. Tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach tar éis an chruinnithe trípháirtigh ar an 11 Samhain 2015. An 20 Samhain 2015, d'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh a caibidlíodh le Parlaimint na hEorpa.
An 2 Feabhra 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa, ar an gcéad léamh, an Cinneadh lena mbunaítear ardán chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe. Ghlac an Chomhairle go foirmiúil é an 24 Feabhra 2016.
Teacht i bhfeidhm
Shínigh uachtaráin an dá institiúid an cinneadh agus foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é ar an 11 Márta 2016. Seoladh an t-ardán go hoifigiúil i mí Bealtaine 2016.