- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Samhain 2016 11:35
Schengen: Molann an Chomhairle go ndéanfar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a fhadú
Ar an 11 Samhain 2016, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme ina leagtar amach moladh lena gceadaítear go ndéanfar rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha a fhadú faoi dhálaí eisceachtúla.
“Is é an cuspóir deiridh atá againn cloí le Schengen an athuair a luaithe is féidir. Ní féidir linn go fóill ach tá feabhas ag teacht ar an scéal. Dá bhrí sin, ní bheidh an fadú i bhfeidhm ach ar feadh trí mhí, agus beidh oibleagáidí tuairiscithe níos déine ann i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin.”
Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle
Ón dáta a ghlacfarh an moladh ar aghaidh, ba cheart don Ostair, don Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua rialuithe sealadacha iomchuí ag na teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh uastréimhse trí mhí ag na teorainneacha inmheánacha seo a leanas:
- an Ostair, ag an teorainn talún idir an Ostair agus an Ungáir agus ag an teorainn talún idir an Ostair agus an tSlóivéin;
- an Ghearmáin, ag an teorainn talún idir an Ghearmáin agus an Ostair;
- an Danmhairg, i gcalafoirt na Danmhairge a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an nGearmáin agus ag an teorainn talún idir an Danmhairg agus an Ghearmáin;
- an tSualainn, i gcalafoirt na Sualainne sna Réigiúin Phóilíneachta Siar agus ó Dheas agus ag droichead Öresund;
- an Iorua, i gcalafoirt na hIorua a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an Danmhairg, an Ghearmáin agus an tSualainn.
Sula ndéanfar na rialuithe sin a fhadú, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl do na Ballstáit ábhartha chun a áirithiú nach bhfeidhmeofar rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha ach amháin i gcás ina meastar iad a bheith riachtanach agus comhréireach. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin nach ndéanfaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a fheidhmiú ach amháin mura mbeadh an dara rogha ann agus mura mbeadh an éifeacht chéanna ag roinnt le bearta malartacha eile.
Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann fógra a thabhairt do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir sin.
Ba cheart gach rialú teorann a bheith spriocdhírithe agus teoranta ó thaobh raoin, ó thaobh minicíochta, ó thaobh suímh agus amade agus iad a fheidhmiúsa mhéid go bhfuil dianghá leo chun freagairt don bhagairt thromchúiseach a d'fhéadfadh éirí as gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach neamhrialta, agus chun an beartas poiblí agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.
Na Ballstáit sin a fheidhmeoidh na rialuithe sin, ba cheart dóibh a riachtanaí agus atá na rialuithe sin a mheas gach seachtain agus iad a chur in oiriúint do leibhéal na bagartha, agus deireadh a chur leo de réir a chéile i gcás inarb iomchuí. Ba cheart dóibh tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún gach mí.
Cúlra
Le sásra meastóireachta Schengen, a bunaíodh le Rialachán 1053/2013 ón gComhairle i míDheireadh Fómhair 2013, foráiltear do chur i bhfeidhm rialacha Schengen a fhíorú trí fhoirne ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit cuairteanna faireacháin a thabhairt ar Bhallstát ar leith, agus saineolaithe ina dteannta. Tar éis na gcuairteanna sin, a d'fhéadfadh a bheith fógrartha nó neamhfhógartha, scríobhtar tuarascáil mheastóireachta Schengen agus comhaontaíonn coiste meastóireachta Schengen, i dteannta na saineolaithe ó na Ballstáit, faoin tuarascáil. Má aibhsítear sa tuarascáil go bhfuil aon easnaimh sa limistéar den Schengen acquis a ndearnadh meastóireacht air, tíolacfaidh an Coimisiún moltaí chuig an gComhairle le go nglacfaidh sí beart ceartaitheach.
Ar an 2 Feabhra, 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta Schengen ar an nGréig agus thíolaic sé moladh chuig an gComhairle le go dtabharfadh sí aghaidh ar easnaimh shonracha i mbainistiú na teorann seachtraí. Ar an 12 Feabhra, 2016, ghlac an Chomhairle an moladh sin agus mhol sí don Ghréig beart ceartaitheach a dhéanamh i ndáil leis na heasnaimh sin.
I gcás, tar éis ráithe ón dáta ar glacadh an moladh ón gComhairle, go bhfuil easnaimh thromchúiseacha fós ann agus nach leor na bearta a glacadh, féadfaidh an Coimisiún tús a chur leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen.
Faoi Airteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen, tá cead ag an gCoimisiún moladh a chur chun cinn, a ghlacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, faoinar féidir, mar rogha dheiridh, rialuithe a thabhairt isteach in athuair feadh na teorann mar a ritheann nó feadh stráicí áirithe di, i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Is féidir na rialuithe sin a thabhairt isteach le haghaidh uastréimhse sé mhí. Is féidir tréimhsí sé mhí sa bhreis a chur leo go ceann uastréimhse dhá bhliain.
In ainneoin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an nGréig, níor féadadh aghaidh a thabhairt ar gach easnamh tromchúiseach ar bhealach leordhóthanach agus cuimsitheach laistigh den tréimhse theoranta trí mhí. Dá bhrí sin, ar an 4 Bealtaine 2016, measadh don Choimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le hAirteagal 29 de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, agus thíolaic sé moladh chuig an gComhairle.
Ar an 12 Bealtaine 2016, mhol an Chomhairle do chúig Stát Schengen (an Ostair, an Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua) go ndéanfaidís rialuithe comhréireacha ag teorainneacha a choinneáil go sealadach ar feadh uastréimhse sé mhí chun freagairt ar an mbagairt thromchúiseach a d’fhéadfadh éirí as gluaiseachtaí tánaisteacha na n-imirceach neamhrialta agus chun an beartas poiblí agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.
I bhfianaise na staide leochailí atá ann sa Ghréig agus an brú atá fós fágtha sna Ballstáit is mó atá thíos leis na gluaiseachtaí tánaisteacha, thíolaic an Coimisiún, ar an 26 Deireadh Fómhair 2016, togra ina moltar do na cúig cinn de Stáit Schengen go ndéanfaidís na rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha a fhadú ar feadh uastréimhse trí mhí.
Beidh an doiciméad seo ar fáil ar ball: Cinneadh ina leagtar amach moladh lena gceadaítear go ndéanfar rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha a fhadú
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024