- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Samhain 2018 16:15
Comhroinnt sonraí ón earnáil phoiblí le neartú ag an Aontas Eorpach – a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Sonraí ón earnáil phoiblí a dhéanamh níos fusa a athúsáid atá i gceist ag an Aontas Eorpach leis seo. Inniu, tháinig ambasadóirí na mBallstát ar chomhaontú i ndáil le seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir le hathchóirithe atá mar chuid d'iarrachtaí níos leithne an Aontais soláthar sonraí a mhéadú, chun tacú leis an ngeilleagar agus chun a chinntiú go mbeidh tairbhe ag chách as níos mó sonraí a úsáid. Spreagfaidh na rialacha nua forbairt agus glacadh i seirbhísí agus teicneolaíochtaí nua sonraíbhunaithe, lena n-áirítear an intleacht shaorga. Anuas air seo, is céim mhór chun cinn atá anseo sonraí oscailte a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne san Aontas Eorpach.
Léiríonn comhaontú an lae inniu go bhfuil an earnáil phoiblí ar cheann an róid maidir le comhroinnt sonraí. Is minic go mbíonn deacracht ag gnólachtaí beaga agus nuathionscanta sonraí ón earnáil phoiblí a cheannach, ach fágann fáil níos fairsinge agus costais níos lú go gcabhróidh sé seo leis an dul chun cinn ceannródaíoch sa nuálaíocht – nuálaíocht a sheasfaidh linn ar fad. Margarete Schramböck, Aire Cónaidhme Gnóthaí Digiteacha agus Eacnamaíocha na hOstaire
Faoin treoir mar atá maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (‘an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí’), is féidir ábhar ar bith a bhfuil fáil air go poiblí, faoin dlí náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid, is féidir i bprionsabal an t-ábhar sin a athúsáid chun críocha ar bith eile, lena n-áirítear críocha tráchtála.
Dá nglacfaí leis na hathchóirithe, chuirfí síneadh le raon na rialacha ní hamháin go mbeadh comhlachtaí san earnáil phoiblí i gceist ach chuirfí gnóthais phoiblí i réimse an iompair agus in earnáil na bhfóntas san áireamh freisin. Ní bheadh aon oibleagáid ar na hearnálacha sin sonraí a chur ar fáil mura n-éilítear sin ar an leibhéal náisiúnta, ach má scaoileann siad sonraí, bheadh orthu na prionsabail chéanna a urramú agus a urramaíonn comhlachtaí san earnáil phoiblí, lena n-áirítear an trédhearcacht, an neamh-idirdhealú agus socruithe eisiach.
Ina theannta sin, dhéanfaí na rialacha a leathnú chun go n-áireofar sonraí taighde arna gcistiú go poiblí agus atá ar fáil cheana féin i stórtha poiblí. Níor mhór sonraí den sórt sin a bheith sa riocht go bhféadfaí iad a úsáid an athuair, mar shampla trí choinníollacha ceadúnaithe iomchuí a shonrú. Bheadh ar na Ballstáit beartais náisiúnta maidir le rochtain oscailte a bhunú chun tacú le sonraí taighde a chur ar fáil.
Moltar sna dréacht-rialacha go scaipfí sonraí dinimiciúla, lena n-áirítear sonraí tráchta nó sonraí aimsire fíor-ama a bheadh ag teacht ó bhraiteoirí nó ó shatailítí. Bheadh ar chomhlachtaí poiblí na sonraí sin a chur ar fáil trí chomhéadan feidhmchláir (API).
Foráiltear leis an téacs a comhaontaíodh gur sa dara céim, i ndiaidh don Treoir a bheith glactha, a shainaithneofaí na tacair sonraí ardluacha (tacair sonraí le mórthábhacht shocheacnamaíoch leo). Níor mhór na tacair sonraí seo a chur ar fáil in aisce san Aontas Eorpach ina iomláine, agus ba cheart go mbeidís inléite ag meaisín agus inaistrithe go huathoibríoch trí API. Chuirfeadh an Coimisiún liosta i dtoll a chéile de na cineálacha áirithe de thacair sonraí ardluacha i ngníomh cur chun feidhme ar leithligh, a mbeadh feidhm acu maidir le comhlachtaí poiblí agus gnóthais phoiblí araon.
Ar an iomlán, beidh sonraí ón earnáil phoiblí níos saoire. Beidh sé ar fáil in aisce nó ar chostas imeallach. Mar sin féin, cuirtear san áireamh sna rialacha an gá atá ann ag roinnt comhlachtaí san earnáil phoiblí ioncam a ghiniúint, agus, dá bhrí sin, ceadaítear muirir teoranta ar shonraí i gcásanna áirithe.
Ina theannta sin, neartaítear i dtéacs na Comhairle an coincheap maidir le sonraí oscailte sé sin le rá, sonraí i bhformáidí oscailte agus sonraí ar féidir a úsáid agus a roinnt gan srian chun pé críoch. Chun an méid seo a léiriú, chuir an Chomhairle an coincheap maidir le sonraí oscailte i dteideal an togra.
Tar éis theacht i bhfeidhm na treorach, bheadh dhá bhliain ag na Ballstáit chun forálacha náisiúnta a ghlacadh chun í a chur i bhfeidhm. Bheadh na Ballstáit in ann níos mó ná na caighdeáin íosta atá leagtha amach sa treoir a bhaint amach.
Is cuid lárnach é an togra atá á phlé den ‘phacáiste maidir le sonraí' a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí Aibreáin 2018 faoin straitéis maidir leis an margadh aonair digiteach. Anuas air sin, is cuid é den athbhreithniú oiriúnachta rialála (REFIT) ón gCoimisiún.
Is ionann an comhaontú ar thángthas air inniu ag an gcruinniú a bhí ag Coiste na mBuanionadaithe agus sainordú don Uachtaránacht tús a chur leis an bplé le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs críochnaitheach. Níor ghlac an Pharlaimint a seasamh fós.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
- @nielstimmermans.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024