Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Meitheamh 2023 14:15

An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú maidir leis na córais chliste iompair a rolladh amach

D’fhonn dlús a chur leis an aistriú digiteach agus le soghluaisteacht níos cliste san Aontas, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an athbhreithniú ar Threoir 2010 maidir le córais chliste iompair (ITS) a úsáid.

Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne
Tá córais chliste iompair ríthábhachtach chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus chun dul i ngleic leis na fadhbanna astaíochtaí agus brú tráchta atá ag dul i méid san Eoraip. Cuirfidh an comhaontú borradh faoi éabhlóid an Aontais le go mbeidh an tsoghluaisteacht níos cliste, níos sábháilte, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.
Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne
Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne

Is é is aidhm don treoir athbhreithnithe forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh, mar shampla soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, feidhmeanna soghluaisteachta ar éileamh, agus iompar ilmhódach. Tá sé d’aidhm aige freisin dlús a chur le hinfhaighteacht agus feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na sonraí digiteacha a chuireann na seirbhísí sin ar fáil. Ós amhlaidh atá, is céim thábhachtach é an togra i dtreo spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta a chur i gcrích.

Leis an gcomhaontú sealadach, caomhnaítear an uaillmhian dul chun cinn a dhéanamh maidir le córais chliste iompair a chur in úsáid go córasach agus go comhchuibhithe ach dé réir a chéile chun an gaol idir costais agus tairbhe agus an acmhainneacht riaracháin a chur san áireamh go hiomlán.

Coinníonn an comhaontú struchtúr an togra ón gCoimisiún, rud a chuireann le cineál creata na treorach ITS agus na n-idirghabhálacha teicniúla éagsúla trí ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe.

Leagtar amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir na cineálacha sonraí is gá, ina measc coinníollacha rochtana do tholláin agus droichid, teorainneacha luais, pleananna cúrsaíochta tráchta, srianta rochtana buana, dúnadh bóithre, oibreacha bóthair, bearta sealadacha bainistithe tráchta, chomh maith leis na seirbhísí criticiúla, mar shampla seirbhísí faisnéise tráchta i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre, atá le cur ar fáil ar fud an Aontais.

Dá bhrí sin, tá clár cur chun feidhme sa treoir nua lena gcumhdaítear ar a laghad na 5 bliana atá le teacht agus raon feidhme geografach beacht an ghréasáin bóithre. Trí ghníomhartha tarmligthe, féadfaidh an Coimisiún gnéithe áirithe den chlár cur chun feidhme seo a chomhlánú tuilleadh.

Ar deireadh, soiléirítear agus sonraítear i dtéacs an chomhaontaithe pholaitiúil roinnt forálacha den togra, go háirithe láimhseáil shealadach cásanna éigeandála, cosaint sonraí pearsanta, na réimsí tosaíochta le haghaidh imscaradh agus úsáid sonraíochtaí agus caighdeán agus na prionsabail is infheidhme maidir le sonraíochtaí teicniúla ar leibhéal an Aontais a fhorbairt.

Na chéad chéimeanna eile

Ní mór don Chomhairle agus don Pharlaimint an comhaontú sealadach a fhormhuiniú anois. Ansin glacfaidh an dá institiúid é go foirmiúil tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh air. Ó thaobh na Comhairle de, tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na Sualainne an téacs a chur faoi bhráid ionadaithe na mBallstát (Coreper) lena fhormhuiniú a luaithe is féidir.

Cúlra

I mí na Nollag 2020, ghlac an Coimisiún an teachtaireacht maidir le straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste ina moltar athrú ó bhonn a dhéanamh ar chóras iompair na hEorpa chun an cuspóir maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, chliste agus athléimneach a bhaint amach. Is gné fhíor-riachtanach den chlaochlú sin í an digiteáil agus dá thoradh beidh an córas iompair níos saoráidí agus níos éifeachtúla ina iomláine. Méadóidh sé a thuilleadh leibhéil sábháilteachta, slándála, iontaofachta agus chompoird freisin. Aithnítear sa straitéis go bhfuil imlonnú córas cliste iompair (ITS) ina phríomhghníomhaíocht chun córas soghluaisteachta ilmhódaí nasctha agus uathoibrithe a thógáil. Le ITS, déantar an teileachumarsáid agus teicneolaíochtaí faisnéise a chomhtháthú san innealtóireacht iompair chun córais iompair a phleanáil, a dhearadh, a fheidhmiú, a choinneáil agus a bhainistiú.

Ceapadh Treoir 2010/40/AE (an treoir maidir le Córais Chliste Iompair) mar chreat chun dlús agus comhordú a dhéanamh ar imscaradh agus ar úsáid ITS a bhí i bhfeidhm maidir le hiompar de bhóthar agus lena chomhéadain le modhanna eile iompair. Mar gheall ar na príomhfhorbairtí teicneolaíochta ó shin i leith, tá gá anois le hathchóiriú radacach a dhéanamh ar an gcreat reachtach. Chun na críche sin, an 15 Nollaig 2021, thíolaic an Coimisiún togra maidir le hathbhreithniú breise a dhéanamh ar an Treoir. Tá an togra mar chuid de phacáiste tionscnamh reachtach atá dírithe ar rannchuidiú leis na spriocanna maidir le dícharbónú, digiteáil agus athléimneacht bhreise i mbonneagar iompair.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025