- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 6 Deireadh Fómhair 2023 17:10
Dearbhú Granada
Táimidne, ceannairí an Aontais Eorpaigh, tagtha le chéile in Granada chun tús a chur leis an bpróiseas chun treoirlínte polaitiúla ginearálta agus tosaíochtaí an Aontais a shainiú do na blianta amach anseo, agus cur chuige straitéiseach a leagan amach chun ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú chun leasa cách.
Athdhearbhaímid gealltanas bunaidh an tionscadail Eorpaigh síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas a áirithiú dár saoránaigh, faoi threoir ár luachanna agus ár bprionsabal, na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smacht reachta.
Is é an Clár Oibre Straitéiseach a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2019 atá mar threoir againn. Ba dhúshláin iad an phaindéim agus cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin d’athléimneacht an Aontais, rud a léirigh gur ghá dúinn feabhas a chur ar an gceannasacht agus cinntí móra a dhéanamh chun muintir agus geilleagar an Aontais a chosaint.
Tar éis dúinn teacht le chéile in Versailles, bhí orainn gníomhú go cinntitheach. Faoi bhagairt an dúmháil fuinnimh, rinneamar ár spleáchais a laghdú go mór agus ár bhfoinsí a éagsúlú. Agus slabhraí soláthair agus iomaíocht idirnáisiúnta níos doichte romhainn, tá ár mbonn eacnamaíoch neartaithe againn. I bhfianaise an rúin dhaingin atá againn níos mó freagrachta a ghlacadh as ár slándáil agus ár gcosaint féin agus cabhrú leis an Úcráin, chuireamar le cumais na hEorpa sna réimsí sin. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá. Tá sé dearbhaithe againn freisin gur laistigh den Aontas Eorpach atá todhchaí na dtíortha ar mhaith leo a bheith ina mBallstáit agus todhchaí a saoránach.
Ní mór tuilleadh a dhéanamh. Inniu in Granada, phléamar na príomhthosaíochtaí agus na príomhghníomhaíochtaí is gá chun Eoraip láidir, dhinimiciúil, iomaíoch agus chomhtháite a bhaint amach i ndomhan atá ag athrú.
Ag tógáil ar an gCompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint, neartóimid ár n-ullmhacht cosanta agus déanfaimid infheistíocht i gcumais trínár mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch a fhorbairt. Díreoimid freisin ar an tsoghluaisteacht mhíleata, ar an athléimneacht sa spás agus ar chur i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha agus ar ionramháil eachtrach ar fhaisnéis ar fud an Aontais. Le cogadh foghach na Rúise, leagadh béim bhreise ar cé chomh láidir agus atá an caidreamh trasatlantach.
Oibreoimid ar an athléimneacht agus ar an iomaíochas domhanda fadtéarmach, agus déanfaimid cinnte de go mbeidh na huirlisí uile is gá ag an Aontas chun fás inbhuanaithe cuimsitheach agus ceannaireacht dhomhanda a áirithiú le linn na 10 mbliana ríthábhachtacha seo. Tabharfaimid aghaidh ar leochaileachtaí agus neartóimid ár n-ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, go háirithe i gcomhthéacs rioscaí aeráide agus comhshaoil agus teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid. Déanfaimid na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann a réamh-mheas agus tapóimid na deiseanna don Aontas san aistriú glas agus san aistriú digiteach, chun inbhuanaitheacht ár samhla eacnamaíche a áirithiú, gan aon duine a fhágáil ar lár. Díreoimid go háirithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht acmhainní, ciorclaíocht, dícharbónú, athléimneacht i gcoinne tubaistí nádúrtha agus ar an oiriúnú don athrú aeráide.
Leanfaimid dár n-iarrachtaí Margadh Aonair níos comhtháite, níos dírithe ar an nuálaíocht agus níos idirnasctha a thógáil, lena ndéantar sláine, oscailteacht agus gné shóisialta an Mhargaidh Aonair, agus na ceithre shaoirse atá ann, a chaomhnú, cothrom iomaíochta a áirithiú, agus an t-ualach riaracháin a laghdú, go háirithe i gcás FBManna. Déanfaimid rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a áirithiú, an cheannasacht fuinnimh a mhéadú agus na spleáchais sheachtracha a laghdú i bpríomhréimsí eile inar gá don Aontas leibhéal leordhóthanach acmhainneachta a fhorbairt chun a leas eacnamaíoch agus sóisialta a ráthú, mar shampla sna réimsí a leanas: teicneolaíochtaí digiteacha agus glan-nialasacha, cógais leighis chriticiúla agus amhábhair, chomh maith le talmhaíocht inbhuanaithe. Déanfaimid infheistíocht sa taighde, san oideachas agus i scileanna na todhchaí agus tabharfaimid aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Déanfaimid an seasamh atá againn ó thaobh an tionscail, na teicneolaíochta agus na tráchtála de a neartú, agus leagfaimid béim ar leith ar réimsí lena mbaineann breisluach ard ina bhfuil buntáiste iomaíoch againn cheana féin nó inar féidir linn a bheith ar thús cadhnaíochta.
Cuirfimid dlús leis an obair i gcomhar le comhpháirtithe ó gach cearn den domhan chun an t-ord idirnáisiúnta a chosaint agus a fheabhsú agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, chun cothroime bhreise a thabhairt isteach sa chóras iltaobhach, agus chun tuilleadh ilroinnte de a chosc. Déanfaimid ár n-ionstraimí gníomhaíochta seachtraí a shlógadh. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh comhoibriú chun ár slabhraí soláthair a neartú agus a éagsúlú, comhaontuithe comhpháirtíochta, trádála agus infheistíochta a chothú, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn chun na spriocanna aeráidneodrachta a chomhaontaíomar a bhaint amach, agus ullmhacht i dtaca le héigeandáil sláinte a fheabhsú. Chun an obair sin a dhéanamh, ní mór borradh a chur freisin faoin trádáil dhomhanda, ina bhfuil ról bunúsach ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas is ea an méadú. Is spreagadh é chun feabhas a chur ar dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta na saoránach Eorpach, chun éagothromaíochtaí ó thír go tír a laghdú agus caithfidh sé na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chothú. Agus ionchas ann go dtiocfaidh méadú ar an Aontas amach anseo, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a bheidh ann amach anseo a bheith réidh. Ní mór do thíortha ar mhaith leo a bheith ina mBallstáit amach anseo dlús a chur lena n-iarrachtaí um athchóiriú, go háirithe i réimse an smachta reachta, i gcomhréir le cineál an phróisis aontachais atá bunaithe ar fhiúntas agus le cúnamh ón Aontas. Ag an am céanna, ní mór don Aontas an obair bhunaidh inmheánach agus na hathchóirithe is gá a dhéanamh. Socróimid ár n-uaillmhianta fadtéarmacha agus na bealaí chun iad a bhaint amach. Tabharfaimid aghaidh ar na príomhcheisteanna a bhaineann leis na tosaíochtaí agus na beartais atá againn chomh maith lenár gcumas gníomhú. Fágfaidh sé sin go mbeidh an tAontas níos láidre agus go bhfeabhsófar ceannasacht na hEorpa.
Leanfaidh an Chomhairle Eorpach den phlé maidir le tosaíochtaí ár nAontais amach anseo sna míonna amach romhainn sula nglacfar an Clár Oibre Straitéiseach an bhliain seo chugainn.
Teagmhálaithe preasa
-
Ecaterina Casinge Spokesperson for the European Council President
- +32 488 58 59 08
- +32 2 281 5150
- @ecasinge
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Márta 2025