Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Samhain 2023 16:40

An Aeráidneodracht: tá an Chomhairle réidh le tús a chur le cainteanna leis an bParlaimint maidir le creat deimhniúcháin an Aontais i ndáil le haistrithe carbóin

Ghlac an Chomhairle a sainordú caibidlíochta le haghaidh cainteanna le Parlaimint na hEorpa maidir le togra chun an chéad chreat deimhniúcháin ar leibhéal an Aontais i ndáil le haistrithe carbóin a bhunú. Is é is aidhm don chreat deonach sin gníomhaíochtaí chun aistrithe carbóin ar ardchaighdeán san Aontas a éascú agus dlús a chur leo. Beidh tionchar dearfach soiléir ar an aeráid mar thoradh air sin, fad a bheidh an snas glas á chomhrac.

Bunaítear leis an togra rialacha faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) maidir le haistrithe carbóin. Trí iarrachtaí a chomhlánú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, cuideoidh sé le sprioc uaillmhianach an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a leagtar amach sa dlí aeráide Eorpach.

Leagtar amach sa sainordú caibidlíochta, a comhaontaíodh ar leibhéal Coreper, seasamh na Comhairle maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht (‘cruinnithe tríthaobhacha’) leis an bParlaimint chun téacs deiridh na reachtaíochta a mhúnlú.

Teresa Ribera Rodríguez, tríú leas-phríomh-aire gníomhach agus aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Is gá iarracht uilechuimsitheach a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus an aeráidneodracht a bhaint amach. Ní hamháin go bhfuil bearta nach bhfacthas a leithéidí riamh cheana á ndéanamh againn chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ach táimid ag obair freisin chun na hastaíochtaí dosheachanta a eascraíonn as na hearnálacha sin ar deacair iad a mhaolú agus a bheidh fós spleách ar charbón a chúiteamh. Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis an méadú atá ag teacht ar chainníochtaí CO2 san atmaisféar chun astaíochtaí domhanda glan-nialasacha a bhaint amach agus chun an téamh domhanda a theorannú go 1.5 C. Is é an sainordú seo an chéad chéim i dtreo creat cuimsitheach i ndáil le haistrithe carbóin a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais agus is léiriú é ar ár n-iarrachtaí ar son na haeráide.
Teresa Ribera Rodríguez, tríú leas-phríomh-aire gníomhach agus aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach
Teresa Ribera Rodríguez, tríú leas-phríomh-aire gníomhach agus aire na Spáinne um an aistriú éiceolaíoch agus um an dúshlán déimeagrafach

Seasamh na Comhairle

Raon feidhme an rialacháin

Leis an rialachán atá beartaithe, cumhdaítear cineálacha éagsúla aistrithe carbóin, lena n-áirítear stóráil bhuan carbóin trí theicneolaíochtaí tionsclaíocha (mar shampla gabháil agus stóráil carbóin bithfhuinnimh agus dírghabháil agus stóráil carbóin), feirmeoireacht carbóin (e.g. foraoisí agus ithir a athbhunú, agus bainistiú bogach) agus stóráil carbóin i dtáirgí fadtéarmacha (mar shampla tógáil adhmadbhunaithe).

Leis an sainordú ón gComhairle, leathnaítear raon feidhme na ngníomhaíochtaí is féidir a dheimhniú faoin gcreat nua chun go n-áireofar, sa bhreis ar aistrithe carbóin, cineálacha áirithe gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin lena laghdaítear astaíochtaí ó ithreacha talmhaíochta, a fhad agus a bhíonn feabhas ar chothromaíocht carbóin na hithreach mar thoradh orthu ar an iomlán.

Ní áirítear i raon feidhme an rialacháin gníomhaíochtaí nach mbíonn aistrithe carbóin ná laghduithe ar astaíochtaí ithreach mar thoradh orthu, mar shampla dífhoraoisiú seachanta nó laghdú ar astaíochtaí beostoic.

Critéir agus nós imeachta deimhniúcháin

Leis an sainordú, coinnítear ceanglas an togra ón gCoimisiún nach mór do ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin agus laghdaithe astaíochtaí ithreach ceithre chritéar uileghabhálacha a chomhlíonadh chun go ndeimhneofar iad: Cainníochtú, breisíocht, stóráil fhadtéarmach agus inbhuanaitheacht (QU.A.L.ITY).

Bunaithe ar chritéir QU.A.L.ITY, forbróidh an Coimisiún, le cúnamh ó ghrúpa saineolaithe, modheolaíochtaí deimhniúcháin saincheaptha le haghaidh cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí aistrithe carbóin agus laghdaithe astaíochtaí ithreach. Tá roinnt athruithe tugtha isteach ag an gComhairle chun raon feidhme na ngníomhartha tarmligthe lena bhforbrófar na modheolaíochtaí sin a shainiú ar bhealach níos cruinne agus chun saintréithe sonracha na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin rialachán a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.

Coinníonn sainordú na Comhairle príomhghnéithe an phróisis deimhniúcháin dhá chéim agus cineál deonach an deimhniúcháin. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán, beidh ar oibreoirí eolas cuimsitheach a chur faoi bhráid comhlachta deimhniúcháin maidir leis an ngníomhaíocht atá i gceist agus maidir lena comhlíontacht mheasta leis na critéir QU.A.L.ITY, agus déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchadh neamhspleách ansin chun an t-eolas a fhíorú agus — má chomhlíontar na critéir — deimhniú a eisiúint. Beidh ar an gcomhlacht deimhniúcháin iniúchtaí rialta athdheimhniúcháin a dhéanamh chun comhlíontacht na gníomhaíochta a athdhearbhú, gach 5 bliana ar a laghad.

Clárlanna agus athbhreithniú ar an rialachán

Iarrann sainordú na Comhairle ar an gCoimisiún, 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, clárlann choiteann leictreonach uile-Aontais a bhunú chun doiciméid a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a stóráil, lena n-áirítear deimhnithe agus achoimrí ar iniúchtaí deimhniúcháin, agus rochtain phoiblí ar eolas den sórt sin a éascú. Go dtí sin, ní mór do na scéimeanna deimhniúcháin, faoin gcreat, clárlanna poiblí a sholáthar bunaithe ar chórais uathoibrithe agus idir-inoibritheacha.

Foráiltear leis an téacs go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an rialachán faoi 2028, agus ina dhiaidh sin tar éis gach athbhreithniúcháin faoi Chomhaontú Pháras.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an Chomhairle réidh anois le tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir le leagan deiridh na reachtaíochta, go dtí go nglacfaidh an Pharlaimint a seasamh. A luaithe a thiocfar ar chomhaontú sealadach, beidh ar an dá institiúid an téacs deiridh a ghlacadh go foirmiúil.

Cúlra

Cé gurb é an laghdú tapa ar astaíochtaí gás ceaptha teasa tosaíocht an Aontais maidir le gníomhú ar son na haeráide, beidh air – chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 – astaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a mhaolú a chúiteamh freisin trí aistrithe carbóin ón atmaisféar a mhéadú. Mar chéad chéim i dtreo scéimeanna aistrithe carbóin a chomhtháthú a thuilleadh i mbeartas aeráide an Aontais, mhol an Coimisiún Eorpach rialachán an 30 Samhain 2022 lena gcruthaítear creat deonach uile-Aontais chun aistrithe carbóin ar ardchaighdeán a dheimhniú.

Is é cuspóir an togra forbairt teicneolaíochtaí aistrithe carbóin agus réitigh inbhuanaithe feirmeoireachta carbóin a spreagadh. Tá sé d’aidhm aige freisin deiseanna nua ioncaim a chruthú do thionscail a úsáideann teicneolaíochtaí aistrithe carbóin nó a fhorbraíonn táirgí stórála carbóin fadtéarmacha, agus do bhainisteoirí talún atá i mbun cleachtas nuálach feirmeoireachta carbóin. Chuige sin, leagtar amach ann rialacha soiléire iontaofa ar leibhéal an Aontais chun aistrithe carbóin a chainníochtú, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhíorú.

A luaithe a bheidh a seasamh glactha ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an rialachán atá beartaithe, cuirfidh na comhreachtóirí tús leis an gcaibidlíocht maidir le leagan deiridh an téacs.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025