- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Nollaig 2023 17:40
An sciúradh airgid a chomhrac: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le nós imeachta chun suíomh a roghnú d’údarás nua
Tháinig ionadaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar chomhthuiscint maidir leis an bpróiseas chun suíomh an údaráis Eorpaigh um an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a bheidh ann amach anseo a roghnú (ÚFA).
Is é an t-údarás nua croílár an athchóirithe ar chreat frithsciúrtha an Aontais. Beidh cumhachtaí maoirseachta díreacha agus indíreacha ag an údarás ar eintitis faoi oibleagáid agus beidh an chumhacht aige smachtbhannaí agus bearta a fhorchur. An tseachtain seo caite, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach maidir le dearadh ÚFA.
Maidir le suíomh an údaráis, d’oibrigh an Chomhairle agus an Pharlaimint le cheile chun próiseas roghnúcháin a chinntiú atá trédhearcach, cóir agus cothrom do na hiarrthóirí go léir.
Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an bprionsabal a bhaineann le héisteachtaí poiblí comhpháirteacha a eagrú chun go mbeidh ionadaithe ó iarrthóirí na mBallstát in ann a n-iarratais a chur i láthair. Déanfaidh na comhreachtóirí measúnú ar gach iarratas de réir na gcritéar roghnúcháin atá sa ghairm ar iarratais, an faisnéis a chuireann na hiarrthóirí ar fáil ina bhfoirm iarratais, measúnú an Choimisiúin ar na foirmeacha sin agus toradh na n-éisteachtaí poiblí comhpháirteacha.
Ba cheart do na comhreachtóirí an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh ÚFA a dhéanamh i gcruinniú neamhfhoirmiúil idirinstitiúideach ar an leibhéal polaitiúil, ina vótálfaidh ionadaithe na Parlaiminte agus na Comhairle le chéile ag an am céanna leis an líon céanna vótaí ag gach comhreachtóir.
Cuirfear an áit a mbeidh an suíomh a eascróidh as an bpróiseas san áireamh i rialachán ÚFA agus glacfar go foirmiúil mar chuid den téacs é.
Cúlra agus na chéad chéimeanna eile
An 20 Iúil 2021, thíolaic an Coimisiún pacáiste de thograí reachtacha chun rialacha an Aontais a neartú maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT). Cuirtear san áireamh sa phacáiste sin rialachán lena mbunaítear údarás nua de chuid an Aontais um an sciúradh airgid a chomhrac.
Sna breithiúnais uaithi an 14 Iúil 2022 maidir le suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus an Údaráis Eorpaigh Saothair, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur ag reachtas an Aontais atá an inniúlacht chun suíomh na ngníomhaireachtaí sin a chinneadh, nach mór dó gníomhú chun na críche sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha ábhartha substainteacha na gConarthaí, an gnáthnós imeachta reachtach sa chás seo.
Beidh an próiseas a chomhaontaigh na comhreachtóirí infheidhme anois maidir le suíomh ÚFA a roghnú, an chéad ghníomhaireacht a bhunófar tar éis bhreithiúnais an 14 Iúil 2022.
Rinneadh plé idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún chun teacht ar chomhaontú maidir le nós imeachta roghnúcháin don áit a mbeadh an suíomh. I mí an Mheithimh 2023, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le critéir chomhpháirteacha chun suíomh ÚFA a roghnú. An 28 Meán Fómhair, sheol an Coimisiún an ghairm ar iarratais, agus is é an 10 Samhain an spriocdháta do na Ballstáit chun iarratais a sheoladh.
Chuir naoi mBallstát iarratais isteach chun ÚFA a óstáil: an Bheilg (an Bhruiséil), an Ghearmáin (Frankfurt), Éire (Baile Átha Cliath), an Spáinn (Maidrid), an Fhrainc (Páras), an Iodáil (an Róimh), an Laitvia (Ríge), an Liotuáin (Vilnias) agus an Ostair (Vín).
Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí. Táthar ag súil go n-eiseofar an measúnú i mí Eanáir 2024. Is é an chéad chéim eile ná dul ar aghaidh leis an roghnúchán. A luaithe a roghnófar suíomh an tsuímh, cuirfear san áireamh sa rialachán é.
- An sciúradh airgid a chomhrac: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le húdarás nua a chruthú (preaseisiúint, an 13 Nollaig 2023)
- Roghnúchán shuíomh an Údaráis um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (ÚFA) (eolas cúlra)
- Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (eolas cúlra)
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Eanáir 2025