"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun borradh a chur faoi thionsclaíocht ghlas an Aontais
Modhnaíodh an phreaseisiúint seo an 16 Feabhra 2024 chun téacs críochnaitheach an chomhaontaithe shealadaigh a chur léi.
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán lena leagtar síos creat beart chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú, nó an ‘gníomh um an tionscal glan-nialasachta’ mar is fearr aithne air. Is é is aidhm don rialachán borradh a chur faoi himscaradh tionsclaíoch teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil gá leo chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, agus úsáid á baint as neart an mhargaidh aonair chun ceannaireacht na hEorpa i dteicneolaíochtaí glasa tionsclaíocha a threisiú.
Faoi chomhaontú an lae inniu, beidh liosta amháin de theicneolaíochtaí glan-nialasacha ina mbeidh na critéir chun tionscadail straitéiseacha a roghnú sna teicneolaíochtaí sin is fearr a chuirfidh leis an dícharbónú.
Táimid ag súil go gcabhróidh an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta lenár dtionscal san aistriú. Is céim thábhachtach é an gníomh seo chun an t-éiceachóras ceart a chruthú a chuirfidh borradh faoi mhonarú teicneolaíochtaí glana. Leag an Eoraip bealach amach i dtreo todhchaí níos glaine agus níos inbhuanaithe do thionscal na hEorpa. Tá sé in am don Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta arís ar an ardán domhanda maidir le teicneolaíochtaí glana agus earnáil thionsclaíoch atá iomaíoch, glas agus a chruthaíonn poist a thógáil arís.
Jo Brouns, an tAire Pléimeannach Geilleagair, Nuálaíochta, Fostaíochta, Geilleagair Shóisialta agus Talmhaíochta
Rannchuidiú tionsclaíoch i dtreo na haeráidneodrachta
Is é is aidhm don Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta coinníollacha a éascú chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa, trí nósanna imeachta um dheonú ceadanna a shimpliú agus trí thacú le tionscadail straitéiseacha. Moltar ann freisin rochtain ar an margadh a éascú do tháirgí teicneolaíochta straitéiseacha, feabhas a chur ar scileanna an lucht saothair san Aontas sna hearnálacha sin (go háirithe trí acadaimh don tionscal glan-nialasachta a chur ar bun) agus ardán a chruthú chun gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a chomhordú.
Chun nuálaíocht a chothú, moltar leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta creata rialála dearfacha a chruthú chun teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú (ar a dtugtar boscaí gainimh go minic).
Déanfar an dul chun cinn i dtaobh chuspóirí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta a thomhas le dhá thagarmharc tháscacha: 40 % den táirgeadh is gá a bhaint amach chun riachtanais an Aontais i dtáirgí teicneolaíochta straitéiseacha a chumhdach, agus a n-éabhlóid i gcomparáid le táirgeadh domhanda le haghaidh táirgí ar nós grianphainéil fhótavoltacha, tuirbíní gaoithe, cadhnraí agus teaschaidéil. Leagtar síos sa togra freisin sprioc shonrach maidir le gabháil agus stóráil carbóin CO2, a bhfuil acmhainneacht insteallta bhliantúil de 50 milliún tona ar a laghad atá le baint amach faoi 2030 luaite leis.
Príomhghnéithe an chomhaontaithe
Tacaíonn an comhaontú sealadach le príomhchuspóirí an ghnímh um an tionscal glan-nialasachta a mhol an Coimisiún níos lú ná bliain ó shin, agus tá roinnt feabhsuithe curtha leis, ar nós rialacha cuíchóirithe maidir le nósanna imeachta um cheadanna tógála, cruthú gleannta tionsclaíocha glan-nialasachta, agus níos mó soiléireachta maidir le critéir le haghaidh soláthar poiblí agus ceantála.
Raon feidhme agus liostaí na dteicneolaíochtaí
Tá sé i gceist leis an rialachán nua coinníollacha níos éasca agus cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí agus do thionscnóirí tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Bainfidh na tionscadail a shainaithnítear go bhfuil acmhainneacht níos mó acu maidir le dícharbónú tairbhe as nósanna imeachta meara maidir le ceadanna a thógáil nó a leathnú agus treoir a thabhairt maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú.
Ós rud é go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit rogha a dhéanamh idir foinsí éagsúla fuinnimh, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu na tionscadail sin a bhaineann le teicneolaíocht nach nglactar léi mar chuid dá meascán fuinnimh a aithint mar thionscadail straitéiseacha.
Próisis mheara deonaithe ceadanna
Beidh teorainn ama 18 mí, ar a mhéad, ann chun cead a thabhairt tionscadail mhóra déantúsaíochta teicneolaíochta glan-nialasachta (níos mó ná 1 ghigeavata) a thógáil nó a leathnú, agus an dála céanna maidir leo siúd nach dtomhaistear i ngigeavatanna. I gcás tionscadail níos lú (níos lú ná 1 ghigeavata), is é 12 mhí an teorainn ama chun an cead a thabhairt. Socrófar spriocdhátaí níos giorra do thionscadail straitéiseacha. Ina theannta sin, agus neamhspleách ar na teorainneacha ama, áiritheofar leis an nós imeachta go mbeidh na tionscadail sin sábháilte, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta.
Gleannta tionsclaíochta
Leis an rialachán atá ag teacht, cuirfear chun cinn forbairt na ‘gleannta’ luathaithe glan-nialasachta (limistéir ina mbailítear le chéile roinnt cuideachtaí a bhfuil baint acu le teicneolaíocht áirithe). Is iad cuspóirí na ngleannta sin cnuasaigh de ghníomhaíocht thionsclaíoch glan-nialasachta a chruthú ionas go mbeidh an tAontas níos tarraingtí mar shuíomh i gcomhair gníomhaíochtaí monaraíochta agus chun na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hacmhainneacht mhonaraíochta glan-nialasachta a bhunú a chuíchóiriú. Cuirfidh siad le hationsclú na réigiún.
Soláthar poiblí
Na rialacha lena rialaítear an chaoi a gceannóidh údaráis phoiblí earraí, oibreacha agus seirbhísí a bhaineann le teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta, tá siad deartha chun a áirithiú ar bhealach níos fearr go mbeidh na ceanglais trédhearcach, in-fhorfheidhmithe agus comhchuibhithe agus go mbeidh soláthar na dteicneolaíochtaí sin chuig an Aontas éagsúlaithe, agus solúbthacht leordhóthanach á cosaint ag an am céanna d’údaráis chonarthacha.
Leis an ngníomh nua seo, rialaítear úsáid scéimeanna lena ndreasaítear ceannach táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta agus sainítear ranníocaíochtaí inbhuanaitheachta agus athléimneachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí. Is íoscheanglas éigeantach a bheidh sa rannchuidiú inbhuanaitheachta comhshaoil, agus cuirfear an rannchuidiú athléimneachta i bhfeidhm má tá spleáchas níos mó ná 50% ag tríú tír le haghaidh teicneolaíocht straitéiseach glan-nialasach ar leith (nó le haghaidh a comhpháirteanna). Ní bhreithneofar an critéar sin ach amháin má rinne an Coimisiún measúnú ar leibhéal spleáchais gach teicneolaíochta ó thríú tír ar leith ar dtús.
Má bhíonn difríocht dhíréireach costais ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na ranníocaíochta athléimneachta agus inbhuanaitheachta nó murar cuireadh isteach aon tairiscintí nó iarrataí oiriúnacha, féadfaidh údaráis chonarthacha a chinneadh gan na critéir sin a chur i bhfeidhm.
Ceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid
Bunaítear leis an gcomhaontú sealadach, nuair a dhearann Ballstát ceant le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid, go mbeidh siad in ann critéir réamhcháiliúcháin agus critéir dhámhachtana araon a chur i bhfeidhm nach mbaineann leis an bpraghas, ar nós inbhuanaitheacht chomhshaoil, rannchuidiú leis an nuálaíocht nó comhtháthú na gcóras fuinnimh. Caithfidh feidhm a bheith ag na critéir sin maidir le 30% ar a laghad den mhéid a chuirtear ar ceant in aghaidh na bliana in aghaidh an Bhallstáit.
Saineoidh an Coimisiún na critéir maidir le soláthar agus ceantáil agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an méid a chuirtear ar ceant i bhfianaise measúnú ar fheidhmiú an chórais.
Na chéad chéimeanna eile
Ní mór don dá institiúid an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa a fhormhuiniú agus a ghlacadh go foirmiúil.
Cúlra
Tá an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ar cheann de thrí phríomhthionscnamh reachtacha faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, mar aon leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus an t-athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar iomaíochas thionscal glan-nialasachta na hEorpa agus tacú le haistriú tapa i dtreo na haeráidneodrachta.
Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’iarr na cinn stáit nó rialtais ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú pras maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, d’fhonn an bille nua a thabhairt chun críche roimh dheireadh an téarma reachtaigh reatha.
Thíolaic an Coimisiún a thogra an 16 Márta 2023. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh an 21 Samhain 2023 agus ghlac an Chomhairle a cur chuige ginearálta an 7 Nollaig 2023.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
An gníomh um an tionscal glan-nialasachta: tagarmharc le haghaidh acmhainneacht monaraíochta táirgí teicneolaíochta straitéiseacha glan-nialasachta (Grafaic faisnéise)